Thursday, October 26, 2006

CIONN TSÁILE CHUN SÁILE

leis ár gcomhfhreagraí comhshaoil; Jonathan P. Watson

Bhí léirsiú ann ar maidin ag an gcríochfort gáis in Inch, Co. Chorcai ag cur in aghaidh na comhlachta, MARATHON agus KINSALE GAS. "Nílimid sásta chur suas leis an dream seo a thuilleadh," a dúirt urlabhraí ar son an ghrúpa 'NOT AN INCH'. "Ní raibh a fhios againn in aon chor go raibh an phíblíne gháis seo ag gabháil thar ár dtithe saoire ó 1979," a dúirt an t-úrlabhraí Trevor Nimby, "de bharr rúndachta agus gás faoi thalamh na hollchomhlachta. "Tá ár mbeatha i mbaol agus luach ár dtithe saoire i gcontúirt ó tharraing cás Ros Dubhach aird ar phíblínte gáis agus an baol pléasctha a bhaineann leo". Nuair a chuireas ar a shúile dó go raibh Kinsale Gas ag soláthar fuinnimh don tír le 27 bliain anuas gan fadhb ar bith shéan an Nimbeach go rabhadar i gcoinne forbartha agus d'éirigh sé corraithe; "An mbeifeása sásta le píblíne gháis ardbhrú a bheith i scread asail ó dod' chlann ionúin" (Tá asal ag na Nimbies dála an scéil, ní rud neamh-ghnách asail agus capaillíní a fheiscint timpeall na tithe saoire ag trá na hInse.)

Shéan sé leis nach raibh i measc na léirseoirí ach Crusties, Chuckies agus lucht Slua ar Cíos. Ba léir áfach nach raibh cuid acu cinnte cá rabhadar nó cé acu ábhar gearáin a bhí fé chaibidil. Bhí comhartha amháin le "Save Tara from Traffic" - duine eile le fógra "Scaoil saor Cúigear Ros Dubhach" agus é ag argóint le fear i ngruaig shúganach (dreadlocks) a bhí ag iompar placaird leis an mana "Free the Columbian Three". Bhi grúpa amháin sa chúlra ag canadh: "Whada we want - Hunting OUT, whena we want it - NOW"

Bhí an agóid síochánta go leor nó gur tháinig dream eile ar an láthair - frith-léirsiú eagraithe ag Cumann Cheantálaithe Chionn tSáile. Dúradarsan nach rabhadar sásta in aon chor leis an mana "CIONN TSÁILE CHUN SÁILE" mar go mbeadh droch-thionchar aige ar phraghasanna na dtithe i Chionn tSáile. Dúradar freisin nach raibh aon bhaint beag ná mór ná idir-eadarthu ag Kinsale Gas le Kinsale - rud atá fíor dar ndóigh - tá Cionn tSáile in Iarthar Chorcaí agus tagann Kinsale Gas i dtír ag Inis atá lonnaithe in oirthear an chontae. Chun cur leis an ngoimh ní bhfaigheann baile Chionn tSáile aon soláthar gáis in aon chor.

Bhí na ceantálaithe i mbun agóide leis, i gcoinne an leagan Gaeilge de Kinsale atá ar na comharthaí bóthair curtha suas ag an gcomhairle chontae - "Cionn tSáile". "Is cuma sa diail linn cén leagan a bhí in úsáid ag Gaeilgeoirí leis na cianta," a dúirt an t-úrlabhraí agus faghairt ina súile, "is é 'CHEANN SÁILE" an litriú atá uainn; lucht gnó an bhaile. "Agus," lean sé leis, "le seana-séimhiú in ionad an 'h' - is breá leis na turasoírí an séimhiú, dar leo tá an ponc in airde ana-cheilteach ar fad". Ansan thosnaigh na ceantálaithe go léir ag canadh, i stíl siopa bearbóra -

"CHEANN SÁILE ABÚ
LE SÉIMHIÚ - HÚ HÚ"

Agus thosnaigh lucht 'Not an Inch' ag cantaireacht:

"CIONN TSÁILE CHUN SÁILE,
CIONN TSÁILE CHUN SÁILE"

Ní fada go raibh bruíon fhuilteach ar siúl idir an dá dream, maslaí, clocha, doirne, maidí na chomharthaí á úsáid mar chleitheanna ailpín. Nuair a dhein na gárdaí iarracht teacht idir an dá champa chuaig cúrsaí chun donais ar fad mar chas an dá dream ar na fórsaí slandála. Cath Chionn tSáile a bhí ar siúl ansan, deoirghás, canónacha uisce, piléir phlaisteacha, gadhair phóilíní ag amhastrach, rabhcháin ag scréacach.
Bhí orm agus ar na criúanna ceamara cúlú go tapaidh nuair a thug gasra de na léirsitheoirí fogha fúinn is iad ag maíomh go raibh na meáin go léir i bpócaí na n-ollchomhlachtaí.

Fágaimse fúibh,a léitheoirí, an fíor nó bréag an gearán ach sin mar a chonaic mise na heachtraí ach go háirithe.

http://www.bordgais.ie/networks/index.jsp?1nID=102&pID=104&nID=141

(Mac Mhíshásta is ea an tuairisceoir Jonathan. Beidh tuilleadh uaidh ó am go chéile anseo)

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall.

FRC

1 comment:

aonghus said...

Go diail, a Mhí!