Tuesday, April 04, 2006

VRÚÚM - VRÚÚM

Tagann siad amach gach bliain thart ar an am seo; uair éigin idir sceitheadh na bhfroganna agus céad ghlaoch na cuaiche (cé nach raibh aon chú-cú le cloisint sa dúthaigh seo leis na cianta). Bíonn siad ag gabháilt thart ag breacadh nótaí síos ar a gcuid clár fáiscthe, ag ullmhú dréacht-phlean 5 bliana – bíonn dréacht-phlean 5 bliana á ullmhú acu gach aon bhliain. Sin iad Lucht na mBailte Slachtmhara - an Fo-Choiste is tábhachtaí agus is postúla de chuid Chumann na n-Áitritheoirí Chetwynde Downs.

Ní réitímíd ró-mhaith lena chéile.

Níl aon tuiscint acu ar chúrsaí an dúlra. “Fiailí” a deir siadsan, “bláthanna léine” a deirimse. “Ná fuil a fhios agaibh cé chomh tábhactach is atá an caisearbhán mar fhoinse neachtair dos na beacha agus dos na féileacháin”. Cuireann siad i mo leith go bhfuil síolta fiailí ónár ngáirdínse ar foluain soir agus siar agus ag paraisiútáil anuas ar gach bláth-cheapach san eastát tré chéile; idir Chetwynde Downs, Chetwynde Dales agus Chetwynde Meadows. Deir siad go bhfuilim ag truailliú na háite.

“Truailliú” – agus is iadsan na daoine a bhíonn ag spreagadh gach éinne chun cogadh ceimiceach a fhearadh ar aon chréatúir sé-chosach a bhíonn sé de mhí-ádh air taisteal tríd. Bíonn níos mó ceimicí nimhneacha á spréáil thart anseo gach samhradh ná an agent orange go léir a scaip na Fórsaí Meireacánacha le linn cogadh Vítneam. Aon nóinín ar thaobh an chosáin a nochtann a aghaidh don ghrian, daortha chun báis ar an toirt - - ZAAAP!!!.


Truailliú, mar dhea, agus cad faoi truailliú fuaime?. Gach deireadh seachtaine as seo amach beidh an galar tógálach tolgtha ag gach éinne. Chomh luath is a thosnaíonn an chéad VRRÚÚÚM-VRÚÚÚM-VRÚÚÚM beidh gach mac máthar amach le lomairí, gearrthóirí, struimirí is iad ag lomadh is ag bearradh, ag gearradh is ag struimeáil ó moch déanach, gan sos gan stad, gan stop gan staonadh. Innil leictreacha is peitril, 2-stróic, 4-stróic, stróic teasa. Iad go léir in iomaíocht lena chéile chun an fothram is áirde agus is gránna a chruthú. Bíonn an torann níos measa ná dosaen scairdeitleáin ag eitilt os cionn na díonta. Agus is iadsan na daoine a bhíonn ag tabhairt amach faoin amhastraíl a bhíonn ar siúl ag mo Jeaicín Russell bocht; Long John.

Chun déileáil le Fo-Choiste na mBailte Slachtmhara, chuireas fógra suas; “Tearmann Fiadhúlra anseo, Crios Saor ó Cheimicí”. Ach faraoir, táim i dtrioblóid anois le dream eile - an Fo-Choiste Pleanála de Chumann na n-Áitritheóirí, mar nách bhfuaireas cead oifigiúil ón gComhairle chun an fógra a chrocadh sa chéad áit. Is deacair na dreamanna sin a shárú.

Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs” - - - Slááán Tamall

FRC

Sunday, April 02, 2006

Ní mise Raifteirí

Mise Raifteirí

le Antoine Ó Raifteiri (1784 - 1835)

Mise Raifteirí, an file,
lán dóchais is grá
le súile gan solas,
ciúineas gan crá,
ag dul síos ar m'aistear
le solas mo chroí,
fann agus tuirseach
go deireadh mo shlí;
féach anois me
lem' aghaidh ar Bhalla
ag seinm cheoil do phócaí folamh'.

Mo leagan féin:

In omós do Raifteirí

le Charles P. Watson

Is mise Míshásta,
éadóchas dom' chrá,
ag scimeáil an ghréasáin
gach oíche is lá.

Ag dul chuig an tábhairne
le solas im' chroí
Ach an mhaidin dár gcionn
i ndubh-ísle brí.

Is féach anois mé
m'aghaidh le scáileán
na focail a scríobhaim
ag eitilt le fán.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC

Saturday, April 01, 2006

McDowell chun éirí as.

Is dócha go mbeidh áthas ar a lán daoine an nuacht seo a chlos go mbeidh Michael McDowell ag éirí as a phost mar Aire Dlí & Cirt ar chuinsí pearsanta. Ach is cinnte go mbeidh saol na polaitíochta i bhfad níos tuirsiúla dá uireasa.

Ar thug Bertie bata agus bóthar dó? Nó an bhfuil aon fhírinne sna ráflaí go bhfuil an máindúlagar (manic-depression) a bhíonn ag cur isteach air éirithe as smacht ar fad. Cuinsí pearsanta - dar m'anam.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC