Sunday, October 15, 2006

Marcas 10:21 agus Matha 8:12

De réir soiscéal an aifrinn inniu, Marcus 10:21, dúirt Íosa.

"Is fusa do chamall dul trí chró snáithide na do dhuine saibhir dul isteach i ríocht Dé"

Ní dóigh liom gurbh é sin an sliocht a bhí á léamh ag an searmanas gairéadach míchuíosúil inné i Mainistir Fhear Maí nuair a phós Michael Flatlegs a ghrá geal, Niamh Cinn Óir.

An raibh Dermot Desmond ag éisteacht leis an soiscéal ar maidin? Dermot Mac Mídais, an fear is saibhre in Éirinn, a cheannaigh Aerfort Londain ar £23 Milliún i 1995 agus a dhíol an áit chéanna ar £750 milliún an tseachtain fé dheireadh. Éist leis an sliocht seo a Dhiarmuid, a chara, Dúirt Íosa:

"Díol a bhfuil agat agus tabhair do na bochta é agus beidh stór agat ar neamh"

Agus an dóigh leat go raibh Michael O'Leary ag freastal ar aifreann Dé ar maidin. Mícheál gan Carabhat, atá ag iarraidh ár aerlíne iar-náisiúnta a cheannach.

Seo sliocht eile daoibh; Matha 8:12

"caithfear amach sa dorchadas iad; is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla"

Hú Hú Hú Hú! (sin é m'iarracht bhocht ar gáire díamhrach a litriú)

Abair é. Tá a fhios agam níl ach an t-éad ag dó na geirbe agam.

Guímis gach rath ar chleamhnas Mhicíl agus Niamh. Go raibh saol fada le chéile acu agus ál mór folláin de rinceoiríní preabacha bocléimneacha.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall.

FRC

2 comments:

aonghus said...

Muise a Mhí, biseach ar do chreachta, agus go raibh tú gan gearb.

Chuir an sliocht thuas Shakespeare i gcuimhne dhom; Ceannaí na Veinéise, Radharc III.

Tá súil agam nach bhfuil an t-éad ag cuir adharca ort! (Slán mar a ninstear é!)

Dave Mc said...

Cinnte go bhfuil daoine cosúil le MOL agus MF an-saibhir i gcomporáid leis an cuid is mó daoine in Éirinn nó anseo san Astráil. Ach nach bhfuilimid féin an-saibhir i gcomporáid leis na daoine san Afraic nó áiteanna éagsúla eile mar sin? Féach ar Matha 7:3-5 agus Eoin 8:7.