Thursday, December 31, 2009

Beannachtaí na hAthbhliana

In ionad "fé shéan is fé mhaise" etc, chumas roinnt beannachtaí i gcomhair na hathbhliana.

Go raibh plúr go tiubh ar do chuid prátaí
Go raibh cúr go fras ar do chuid pórtair.
Go raibh anlann go plabach ar do chuid pasta.
Go raibh luas ar do chuid latte.
Go raibh cairde go fial i do chárta plaisteach.
Go raibh aer go teann i do chuid bonn.
Go mbua tú an lotto fé dhó.
Go dtite galar na muc is na moncaithe ar do chuid naimhde.

Nár sloga an t-inneall airgid do chárta dochair.
Nár reo do ríomhaire ar shuíomh mí-oiriúnach.
Nár bhrise do choiscín in am an phléasctha.
Nár chlise do chóras satailíte i lár na himeartha.
Nár theipe do chadhnra fóin i lár an chomhrá.
Nár lige do ghadhar tafann gan chúis.
Nár thé do chuid lipéidí as faisean

Is go soilsí Grásta Dé ar do chroí, agus ar chroí an chine daonna ar fuaid na cruinne.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - slááán Tamall.

FRC

Tuesday, December 29, 2009

Dinnéar na Nollag

Tá sé thart, baochas le Dia, thángamar slán as. Dinnéar na Nollag. An teaghlach núicléach mífheidhmiúil i gcuibhreann a chéile in ollchnapán pléascach amháin de mhais chriticiúil. Bhí eagla orm go mbrisfeadh cath dearg amach arís idir Charles agus Daphne ag bord na fleá. Táim buíoch dár dtaidhleoir oilte, Jonathan as an gcómhrá a stiúradh go haclaí sciliúil ón scailtín fíona tríd na míosa éagsúla go dtí na licéir milse ag deireadh an fhéasta gan dul i dtranglam i bhfochais na polaitíochta. Bhíos féin ana-chúramach fén méid dí a chaitheas siar, mar sin bhíos ábalta guaim a choimeád ar mo theanga theasaí.

Bhíos ag cuimhneamh ar dinnéar na Nollag roinnt blianta ó shin. Seo tuairisc a phostálas ar dtúis ar Chlár Plé Beo i mí na Nollag 2002. Nach fugit an tempus?

"Ó, a bhuí le Dia, tá sé thart – séasúr na Nollag, an strus!, an stró!. Is dócha go rabhamar go léir neirbhíseach is an teaghlach núicléach uilig brúite timpeall an bhoird le haghaidh dinnéar na Nollag.

Bhí Seánie Fogarty, “Seánie Tatú” inár dteannta don chéad uair. Agus Charles díreach thar n-ais ó Terra Australis le blas garbh gránna srónach Astrálach ar a bheola. (“Call me Charles, I don’t fancy Charlie” – eisean). Atmaisféar straidhneáilte a gheofá i seomra feithimh an fhiaclóra le braith. Jonathan, an lead aerach, ag iarraidh ábhair neodracha neamhurchóideacha a árdú i gcomhair cómhrá. Seánie ina thost, ag gliúcaíocht timpeall chun a fháil amach conas a láimhseáilfimís an sceanra. Na baill óga ag sgigireacht lena chéile. Mise ag síorthairiscint buidéal fíona timpeall an bhoird gan gá, chun deis a thabhairt dom féin mo ghloinne féin a athlíonadh. Ar a laghad ní raibh Charles ag ól alcóil, sú torthaí a bhí á slogadh siar aige, ní chreidfeadh a shean chomrádaithe sa chlub rugbaí é. Thosnaigh sé ag seanmóireacht fé cé chomh tábhachtach is a bhí biaréim cheart i gcomhair an sláinte fadtéarmaigh. Huh! sláinte fadtéarmach?, dochreidte!, agus an fear céanna chomh dorcha griandóite le bundúchasach Astrálach. Ach choimeádas an teanga faoi smacht, níor chuireas an cheist ar chuala sé riamh fé ailse craicinn.

Bhíos ag súil go dtabharfadh Charles neamháird iomlán ar Seánie, ach nár thosnaigh sé ag caint go cáirdiúil leis, dá fhiosrú féna chuid tatúanna. Mar sin, agus an mharóg á alpadh síar againn, bhí orainn éisteacht le mionsonraí pianmhara mar gheall ar pholladh colainne agus a leithéid, nó ealaín na colainne mar a thug Seánie air. Ansan d'éirigh sé ina sheasamh is dúirt go dtaispeánfadh sé deashampla den ealaín chéanna dúinn. – Tost tobann – cá raibh an mórshaothar seo i bhfolach?, an raibh Seánie chun an léine a tharrac aníos, nó na treabhsair a tharrac anuas? Ach díreach in am thosnaigh jAc Cloudburst Bartholomew, an béibí, ag béicigh óna chliabhán.

Díreach i ndiaidh an dinnéir, scaitearálamar, amhail treabh na dTincéirí (lucht siúil) tar éis Aonach an Phoic, scaipeamar i ngach treo, gach éinne lena leithscéal féin. D’éilíos leis an mbuidéal Drambuie im' ghlac agam isteach anseo go dtí m’oifigín, mo thearmann sábháilte mar a bhfuil mo bhonzai marbh thall sa chúinne, m’aerghiotár ar crocadh ansan ar an bhfalla, agus ar an deasc díreach ós mo chomhair amach, an scáileán taibhseach a osclaíonn dom iontais gliondracha na cruinne."


Is mór an athrú atá tagtha ar an saol agus ar shaol Sheánie go háirithe ó shin. Níl aon chomhairle dea-bhéasa ag teastáil uaidh i gcomhair rialacha boird anois agus siléar cuimsitheach de scoth an fhíona á chrinniú aige. Luibíní óir cufa a bhíonn á dtáispeáint aige anois in ionad tatúanna.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC

Tuesday, December 22, 2009

An tAgóideoir Srathach

Fé ghlas ag gallaibh- na Dubhghaill sa chás seo. Ach faraoir scaoil póilíní na Danmhairge amach í tar éis oíche amháin sa chillín. Mór an trua nár chaitheadar an raicleach isteach sa phríosún is aoirde slándála , go ceann 6 mhí ar a laghad chun ceacht a leasa a mhúineadh di. Ba chóir di a bheith anseo sa bhaile ag tabhairt aire dá maicín in ionad bheith ag fágaint a coslorg spágach carbóin, is í ar falróid ar fuaid na hEorpa ag iarraidh an plainéad a shábháil.

Is í an t-agóideoir srathach ina steillbheatha í Daphne, an iníon is sine, agus máthair mo gharmhic Jack nó jAc mar a litríodh an t-ainm ar dtúis, go bhfóire Dia orainn. Aon áit ina mbíonn slua ar cíos is iad ag cantain:

"Whadda we want?
----------------* OUT

Whenna we want it?
NOW"

(*líon isteach pé rud atá ag dó na geirbe agat fé láthair)

is ann a mbíonn ár nDaphne. Ag bagairt plaicird, faghairt sna súile, i lár an aonaigh, ach amháin nuair a bhíonn camaraí na meán thart, ansan tagann sí go tosach an chathláin. Bíonn sí gléasta sa chic agóide mar a bheifeá ag súil leis; caipín alpaca ar nós Indiaigh na nAindéas, scairf keffiyeh amhail muintir na Palaistíne, éadaí athláimhe cosúil leis na crústaithe. Mothall mór dreadlocanna brocacha bréana ar a cloigeann ar nós rastas Iamáice. Bhí an ceann lom maolbhearrtha uair, nuair a cheap sí gur leisbiach ab ea í, ach níor mhair an tréimhse sin ach seal, baochas le Dia.

Bean cúise dáiríre is ea í. Ar son na córa, ar son na timpeallachta, ar son an chomhionannais, i gcoinne an chaipitleachais, in aghaidh na héagóra, i gcoinne an chogaidh. Ait go leor cé go mbionn cogaí ar siúl ar fud na cruinne, is beag spéis a léiríonn sí iontu muna mbíonn ladar ag na poncánaigh sa chúram. N'fheadar cén fáth. Is deacair coimeád suas léi mar bíonn an t-agoidí síor-siúlach. Is dócha gur sórt andúile é an t-agóideachas. Ag gabháil ó Aerfort na Sionainne go Teamhair go Ros Dumhach ina seana-vean bán de dhéanamh Transit. Agus tá an raic ghlórach mheirgeach san parcáilte taobh amuigh dár dtighne anseo in #37 “Chetwynde Downs”. Ní dath bán atá air in aon chor ach dath liath-bhán gránna, ‘wash me’ greanta ar an screamh tiubh salachair. Táim cinnte ná fuil Cumann na nÁitritheóirí ró-shásta leis an scéal.

Beidh Daphne thar n-ais ag baile amárach - fústar fúithi is í ag rith fiain tríd na sráideanna ag iarraidh a cuid siopadóireachta Nollag a dhéanamh ag an nóimeat deireannach mar is gnách léi. B’fhéidir go mbeidh an t-ádh linn agus go mbeidh sí gafa thar Nollag in aerfort uaigneach fé síobadh trom sneachta.

Maith dhom mo chuid smaointe cantalacha neamh-chríostúla ach tá strus na Nollag ag breith go géar orm.

Bah Humbug!

Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs” - - - Slááán Tamall

FRC

Saturday, December 12, 2009

Díoltas Dé

Bhí daoine ag clamhsán go láidir le tamall fada fén dtrácht trom a bhíodh ag gabháil trid an bpríomhshráid chúng chasta anseo i gCarrignaman. Chun an fhadhb san a réiteach thógadar seachbhóthar timpeall an bhaile. Agus sin é an dara rud atá ag teastáil ó bhaile chun a dhintiúirí cóir a thuilleamh. Bóthar Uí Ríordáin a bhaisteadar ar an mbealach nua, i ndiaidh an laoich, Dinny Reardon, cé nach dtugann éinne ach "de Byepass"air i ndáiríre.

Bhi daoine ag gearán leis mar gheall ar an easpa áiseanna nua-aimseartha siopadóireachta agus go raibh orthu taisteal trí thímpeallán i ndiaidh timpeallán chun teacht ar na hionaid mhóra a bhí ann in aice na cathrach. Thógadar Chetwynde Mall chun an phrablaim sin a réiteach. Ach ó mo léan géar cá gcuireadar an t-ionad nua ach ar an seachbhóthar. Ina theannta san thugadar cead pleanála chun óstán, ionad díolta carranna, ionad garraíodóireachta agus gach aon saghas gnó eile fud fad an bhealaigh nua. Bí ag caint ar dhroch-phleanáil. Anois tá an phríomhshráid plúctha arís le trucailí móra ag gabháil thart ina dtréada ag iarraidh scuainí na siopadóirí ar an seachbhóthar a sheachaint. "Seachain an Seach" an mana atá acu.

Ní raibh an ribín ach gearrtha, na hóráidí fadálacha féinmholtacha críochnaithe ag oscailt oifigiúil Chetwynde Mall nuair a phléasc na firmimintí, d'oscail comhlaí neimhe, agus tháinig na huiscí anuas ina slaodaibh troma, lá i ndiaidh lae, gan stad gan staonadh, gan sos gan bhriseadh go dtí go raibh an tír ina spúinse fliuch báite. D'árdaigh léibhéal an uisce in Abhann na Baoise go dtí gur chuir sí thar maoill agus tháinig na tuilte anuas ar Óstán an Riverview, Árásáin Watergate, an ionad garraíodóireachta Lakelands agus gnóthanna eile fad an bhóthair nua.

D'éalaigh an chuid is mó de Chetwynde Mall, cé go raibh an carrchlós ina linn lachan, mar tógadh ar ardán é. B'shin é an áit inar tógadh foirgintí feirme na Ríordánach. Ní chuireadh an sean-dream fiú cró asail in aon áit eile maguaird. Níor chualadar faic riamh mar gheall ar théamh domhanda na fé leá na n-oighearshruthanna ach bhí a fhios acu go raibh baol tuilte ann i gcónaí. 'The reeshk' a thug na sean-daoine ar an stríoca talún cois abhainn mar ar thógadar an seachbhóthar. Ach cheap na hinnealltóirí sár-oilte má árdaíodar na bruacha agus má chuireadar comhlái aontreo sna píopaí draenála go mbeadh an áit slán sábhailte. Mo ghraidhn iad.

B'é an t-aon duine a bhain sásamh as an díle seo, de réir dealraimh, ná an sagart paróiste An tAthair Flannigan. Díoltas Dé abhí ann dar leis, dála aimsir Naoi. Go rabhamar éirithe ró-uaibhreach mórchúiseach ocrach le linn ré ghearr an Tíogair Phlaistigh. Ní minic dom a bheith ar aon intinn leis an gCúisiúnaí Flannigan, ach sa chás seo, n'fheadar, b'fhéidir go bhfuil an ceart aige.

Uainn go léir anseo in # 37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC

Thursday, December 03, 2009

Siombail Nua Stádais Againn

Bhíodar ann sna sluaite, maithe is uaisle, idir mór is beag, polaiteoirí, cléir is tuata, cosmhuintir, máithreacha óga ag brú stróiléirí rompu, scangairí na sráide fé húdaí, ar nós manach, ag giodalaigh thart. Balúin ar foluain, bobaidí ar ardchosa, péintéirí éadain. Dea-ghiúmar agus aoibh ar gach mac máthar is ar gach iníon athar. Bhí an Lee Valley Boogie Woogie Band ag blaisteáil seana ragtime amach. Bhí an ribín le gearradh chun an oscailt oifigiúil a dhéanamh oifigiúil.

Sa lá atá inniu ann tá dhá ní ana-thábhachta ag teastáil ó bhaile, dhá chomhartha súntasacha, le cruthú don domhan mór gur baile ceart atá ann. Sea, ambaist, ní sráidbhaile iargúlta anseo i Carrignaman sinn a thuilleadh, ní baile aon-sráide fiú sinn, ná baile suanleasa, ná bruachbhaile, ná baile satailíte. Is féidir linn bheith mórtasach mustrach fén ár n-áit duchais as seo amach mar tá baile ceart iomlán nua-aimseartha suas le dáta againn. Agus is é an cruthú coincréideach ar sin ná go bhfuil ár ionad siopadóireachta féin againn ar imeall an bhaile fé dheireadh - The Chetwynde Mall.

Sea, a chairde, tagaigí chun é a fheiscint, an t-oll-áras palásach gloineach glioscarnach gliondrach úd, teampall an tomhaltachais - The Chetwynde Mall. Dar ndóigh níl sé gar do thailte Castle Chetwynde in aon chor, agus chuir cumann áitritheoirí Chetwynde Downs agus a gcomhbhádóirí i Chetwynde Meadows agus Chetwynde Dales go láidir i gcoinne ainmniúchán an ionaid nua. Ach faraoir níl aon chóipcheart ar an dteideal. Is cosúil go raibh úinéirí an mháil seo ag lorg teidil ardnósaigh soifisticeáilte agus de réir dealraimh tá ana-mheas ag muintir na tíre seo ar aon fhocal go bhfuil an litir 'y' i lár báire. Is ar éigin a tógadh an ionad in aon chor de bharr an titim tubastaigh i dtionscal na bildeála ach bhí na conarthaí go léir sínithe sara leagadh an tíogair phlaistigh.

Bhí daoine ann i gcoinne suíomh an ionaid nua mar bhí seana-fhothrach tí ar an láthair inar rugadh laoch ó aimsir chogadh na saoirse. Níor tugadh aon aird air go dtí go rabhadar ar tí é a leagadh. Tar éis roinnt agóidí binbeacha shocraíodar ar chomhréiteach agus chaomhnaíodar binn an seana-tí istigh i bhfalla seachtrach an fhoirgnimh nua. Tá sé deacair le haimsiú anois mar is lastiar de bhá lódála an oll-mhargaidh atá sé lonnaithe. Ta seana-leac air agus scríte sa chló seanda tá: "Insan tigh seo a rugadh an tÓglach Donncha Ó Ríordáin (Dinny Reardon) a fuair bás ar stailc ocrais fé ghlas ag gallaibh". Agus anois tá a thaibhse ag déanamh fairtheoireachta ar doirse chomhlacht úd na nGall; Tesco. Agus is comhlacht ó thír na seana-naimhde í an tionónta ancaire leis; Debenhams - agus gach sreangshiopa san ionad freisin. Arra, Dinny, a chara, arbh fhiú an íobairt?

Is beag spéis atá ag an cleas óg sna seana-argóintí úd, baochas le Dia. Táid lán-tsásta anois mar fé dheireidh tá áit le dul acu, láthair fé dhíon le bheith ag síománaíocht thart (nó hanging-out mar a déarfadh fear na Gaeltachta), le bheith ag taispeáint na lipéidí is deireannaí, le bheith ag faire ar an gnéas éile, le bheith ag teicseáil leo ar a suaimhneas. Agus dar ndóigh tá pictiúrlann ilscáileán ann má éiríonn siad tuirsithe de bheith ag guairdeall thart.

Mál - an litriú foghraíochta atá agam ar 'mall' an Bhéarla mar fuaimnítear é sa stíl Mheiriceánach, ní mar a chéile leis an 'Meal'; sráid na rachmaiseoireachta i gCathair Chorcaí. Agus is cinnte gurb é an fuaimniú nua-aimseartha atá acu ar 'Chetwynde' chomh maith agus ní an fuaimniú stairiúil; 'Shetwind'

Tá an chóisir thart anois, na doirse ar oscailt i gcomhair rabharta na Nollag. Fógrái ag scréacaigh "SAVE, SAVE" as gach aird. Nach iontach an choincheap margaíochta úd é, gur féidir áirgead a shabháil trí bheith ag chaitheamh airgid.

Ó, luaigh me cheana go raibh dhá ní ag teastáil chun na dintiúirí a thuilleamh le stádas mar bhaile cheart a bhaint amach. Agus tá an dara rud sin againn leis; buile fé thuairim ag éinne? Tiocfaidh mé chuige ar ball.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs - - - Slááán Tamall

FRC