Sunday, August 20, 2006

Ballyna - Wha? - - GEEK?

Mar a dúirt an file anallód: "Is cuma sa tsioc cad a thabharfá air, ach sa deireadh thiar thall níl ann ach rós"

Ach ní ghlacann gach éinne leis an nath úd thart timpeall anseo. Nuair a cuireadh tús leis an bhforbairt tithíochta sna dúichí seo thiar sna ochtóidí le "Chetwynde Downs", ní mó ná sásta a bhí roinnt daoine tar éis mórgáistí troma a ghlacadh i gcomhair títhe galánta nuair a fuaireadar amach gur 'Ballynageek' a bhí mar seoladh poist acu. Bí cinnte ná raibh aon tagairt don ainm 'geek' sna fógraí. Cuireadh tús le feachtas láithreach chun leagan nuaghallda 'Ballynakey' a chur ina áit ach níor éirigh leis. Bhí fiú moladh amháin, Dia dár réiteach, chun "Keystown" a úsáid mar ainm an bhaile fearainn. Ach nách ait mar a chasann taoidí an tsaoil seo. Anois agus ainm in airde ar an gcomharsanacht seo mar sheoladh inmhianaithe (desirable) tá daoine bródúil as an ainm Ballynageek. B'fhéidir go bhfacaís an fógra lán-leathannaigh sna forlíontaí sealúchais le déanaí i gcomhair "THE Paddocks" - "A rare opportunity to acquire a substantial property in this most sought after of areas". Ambaist. Ní gá fiú "Chetwynde" a chur isteach a thuilleadh, mar atá againn anseo i Chetwynde Downs, Chetwynde Dales agus Chetwynde Meadows. Anois is é an gearán a bhíonn ag na háitritheoirí ná go mbíonn gníomhairí eastáit ag déanamh fógraíochta ar tithe fén seoladh "Ballynageek" nuair ná fuilid lonnaithe sa bhaile fearainn s'againne in ao'chor.

Ní amháin nach raibh daoine sásta leis an leagan Béarla den ainm tráth, ach tá easaontas ann go dtí an lá atá inniu ann fén ainm cheart i nGhaeilge. Aontaíonn na scoláirí go léir gur "Baile na gCíoch" an leagan ceart. Tá dhá chnoc cruinn anseo. Is iadsan na cíocha. Ceaptar gur lárionad torthúlachta a bhí anseo aimsir na págántachta. Bhí gallán ard ar cheann amháin (féach "Doing the Banown" 23 Bealtaine 2006) ach tá malairt tuairime ann nach siombail fhallach a bhí ann ach sine na cíche agus go raibh gallán leis ar an gcnoc eile cé ná fuil aon chúntas fágtha againn sna hánalla. Le teacht na hathbheochana tosnaiodh ar ainmneacha a ghaeliú, a athghaeliú agus a díghalldú. Ach faraoir chuir an focal 'cíoch' olc ar phiúratánaigh victeoiriacha na gluaiseachta agus chum saoi éigin an baoth-leagan 'Baile na gCaoch'. Dar ndóigh thaobhaigh an Eaglais go mór leis an úrleagan díghnéasaithe seo. Ach cé go bhfuil teist an óil ar an gceantar le fada ní rabhamar chomh caochta san gur ghlacamar le bréag-fhocleolaíocht den tsórt san agus tá "Baile na gCíoch" thar n-ais againn arís cé nach nglacann an tAthair Flannigan ach le 'Baile na gCaoch" ar na billeoga Aifrinn fós.

Anois agus tú ag taisteal timpeall an dúichí seo chíonn tú comharthaí éagsúla le Ballynakey / Ballynageek / Baile na gCaoch / Baile na gCíoch. Agus chun cur leis an mearbhall, cuid acu le mílte agus cuid acu le ciliméadair. Níl aon teora leis an éagsúlacht.

Tógadh an teampall Protastúnach san áit ina mbíodh an sine cloiche pagánach. Tá an foirgneamh úd in úsáid anois mar chlub oíche- 'Cloisterphobia' agus an pagánachas in ard-réim arís laistigh gach oíche. Agus dar ndóigh bíonn go leor cíocha córa fuinte de gach tomhas le feiscint ann ag preabadh suas síos ar chlár an rínce. Ó! go rabhas im' stócach óg aris i lár an aonaigh is mé caochta leis an radharc iontach taibhsiúil sin.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs - - - Slááán Tamall.

FRC

Sunday, August 13, 2006

Corn Cove

Cuireann aimsir bhreá an tsamhraidh seo i gcuimhne dhom na laethanta fadó nuair a bhíodh ár dtriail siar go dtí an seailé i gCorn Cove in iarthar Chorcaí le haghaidh saoire coicíse. Ochtar clainne pacáilte isteach i dhá charr. Agus gan ach cúig nóimeat den turas curtha dínn do thosníodh an raic agus an clampar ag na tachráin sa chúl. "Cathain a bheimíd ann a Dheaid," "an bhfuilimíd leathslí fós, a Dheaid," "tá Jonathan do mo bhualadh," "caithfidh mé wee-wee a dhéanamh ANOIS". Ansan nuair a bhíodh ceann scríbe bainte amach againn, d’athródh na clamhsáin – bhídís go léir bored, bheadh an seailé boring, an tráigh tuirsiúil, na daoine tuirsiúil, ní bheadh aon rud le déanamh acu - d’ainneoin na háiseanna go léir.

B’é buaic-phointe gach lá i gCorn Cove leath uair tar éis a naoi nuair a bhailíodh an pobal saoire go léir i mbeár an óstáin, an áit plódaithe leis na haicmí éagsúla, daoine uaisle na seailéanna, lucht na gcarabhán, daoscarphobal na bpoball, agus roinnt crústaithe (crusties) ósna botháin agus típíanna ar thaobh an chnoic. Go hobann – géarchiúnas – do chloisfeá sceartán ag siolpadh nuair a thagadh saoi na síne ar scaileán an teilifíseáin chun tuar na haimsire a fhógairt. Ach mo léan, an ruaille-buaille, na diamhaslaí agus mallachtaí nuair a bhíodh an gnáth drochscéal cloiste. Mar is cosúil gur le toil Dé agus le cúnamh an Diabhail, gur sheoltaí gach doineann, gach fronta fuar, gach gála, gach cuaranfa ón atlantach caol díreach ar Corn Cove chun pé ualach de dhubhnéalta a bhíodh cruinnithe acu a dhoirteadh anuas go clagarnach i dtrombháisteach toirniúil ar dhíon ár seailé. Ach ní raibh gach lá mar sin – bhíodh corr-lá breá gréine ann nuair a bhímís go léir dóite tostáilte rua-chraicneach.

Ach b’é an rud ba mheasa i gCorn Cove, ná na corrmhíolta. Níl mosquito an Amazon níos fíochmhara, ná mórscairp an Sahara níos nimhní ná corrmhíol Corn Cove. Do ritheadh na daoine síos an tráigh chun iad féin a thumadh san uisce le éaló ó phláigh na gcorrmhíolta. Ach bhíodh orthu dul thar scuaidriúin de ollphortáin ag feitheamh i bhfolach sa ghaineamh chun luíochán fealltach a dhéanamh ar na teifigh truamhéileacha neamhurchóideacha. Ansan nuair a bhíodh tearmann an uisce bainte amach acu bhíodh gach mac mathar ar maos in anraith tiubh glóthach de oll-smugairli róin a tháinig anonn chughainn ar shruth na murascaille i dteannta na mbáisteach is na ngálaí. Agus an iasc fíadóra i gCorn Cove -^*#@ AAAAGGGGHHHH !!!! Tagann na tromluíthe agus na hathbhlamanna orm fós.

Ní théim síor a thuilleadh. Rug na leanaí ba shine seilbh ar an seailé agus níl fáilte ann roimh a n-athair anois. Deir siad go mbíonn siád náirithe ag mo iompar go mórmhór tar éis gur caitheadh amach as dioscó na ndéagóirí mé. Cad a bhí ar siúl ag fear meánaosta beoir-bholgach le stíl ghruaige Healy-Rae i ndioscó na ndéagóirí. Bhuel, sin scéal eile – ní chreidfeá é.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC