Monday, October 30, 2006

The Naile Raye Quintet

Bíonn sé de nós ag roinnte maith daoine ón dtuaisceart, an chúinne sin den oileán iathghlas s'gainne a thréigint chun éalú ón ruaille buaile a bhíonn faoi lán tseol timpeall 'an dara lá dhéag glórmhar' gach bliain. Sé an dála céanna é anseo gach bliain nuair a thréigeann saoránaigh chathair Chorcaí a n-áit dhúchais chun éalú ó ionradh Fheile an Jazz. Ceann des na bannaí ceoil ceannlíne san fhéile i mbliana is ea "The Naile Raye Quintet" - banna atá fréamhaithe in ár mbaile fhéin. Thugas cúntas beag ar Naile ar chlár plé 'Cumasc' roinnt blianta ó shin. Táim buioch do Phádraig na Gearmáine as taifead a choimeád.

Is cuimhin liom go glé mo chéad chuairt ar an dtír chéanna, an Ghearmáin, blianta fada ó shin - mise agus mo Ghormachaí Míshásta Delta Blues Band ag déanamh gigeanna i gclubanna beaga ar fud na tíre. Níor éirigh ró-mhaith linn mar is cosúil go raibh an lucht éisteachta ag súil le h-amhráin ar nós bailéidí na Clancies in ionad a leithéid B. B. King aistrithe go Gaolainn. Ar aon nós bhí árd-am againn mar bhíomar óg is cuíosach soineanta. Oíche amháin i mbierkeller i München bhíomar ag caitheamh síor na maßkrüge ollmhóra lán den bheoir láidir aitiúil; bhíos dallta as mo mheamhar – ag rince thuas ar an mbord fada le roinnt daoine gléasta i lederhosen. Thiteas i ngrá leis an gcailín freastail is ansan thiteas ar fhleasc mo dhroma nuair a dheineas iarracht póg a mhealladh uaithi. Ach má bhi mise ólta bhí Nailey, ár seinnteor méarchláir lofa ar fad. Nailey Regan, fear séimh ciúin, a raibh biorán staonaire a spóirteál aige go dtí tamall beag roimhe sin. Cad a rinne sé ach giota beag de pháipéar dorcha a ghreamadh faoina shrón, léimt in áirde ar an mbord agus anonn is anall leis, lámh in áirde sa chúirtéis Naitsíoch, ag déanamh na coiscéime gandail, ar nós John Cleeve i bhFawlty Towers, is é ag glaoch amach; " Heil Hitler " agus " Deutschland uber Alles " . N’fheadar conas, ach d’éiríomar éaló idir cleith is ursain.

Nuair a thángamar abhaile bhí orm Néilí a ligint chun siúil mar chuaigh sé chun donais ar fad leis an ól. (Dála an scéil, leagan muinteartha den ainm 'Neill' nó 'Neal' is ea 'Nailey' sa taobh seo tíre.) Bliain ina dhiaidh, bhí Néilí ar an tsráid, beo bocht, dealbh dearóil, gan chara, gan dídean, ag caitheamh gach pingin ar alcól. Ach thárla míorúilt (scéal eile, ní chreidfeá é!); d’aimsigh sé Íosa, nó d’aimsigh Íosa Néilí bocht. Thóg sé an pleids arís, d’iompaigh a rath, chas sé ar an snagcheol agus bhunaigh sé an " Naile Raye Quintet " . Ba sensation mór iad, nuair a thángadar ar an árdán, roimh Miles Davis ag an Cork Jazz Festival. Do sheinneadar i Ronnie Scott’s i Londain, i Monterey agus i Newport agus léim a albam; " Jazz for Jesus " go dtí barr na gcairteacha snagcheoil. Bhain sé úsáid as brabús an albaim sin chun an fhondúireacht charthannachta; " Jazz for Jesus " a bhunú. Vide www.jazzforjesus.com. Eagraíocht is ea í i gcomhair ceoltóirí ar an dtrá fholamh. Bhronn an Pápa an teideal Cúnta air, tar éis dó an chéad aifreann sa stíl snagcheoil a chumadh – 'Missa Jazzicana'. Tugtar Count Neal O’Regan air anois. Agus nuair a thug an tAthair Beannaithe cuairt ar an nGearmáin, do léigh sé an tAifreann le tionlacan ón Naile Raye Quintet os comhair Cairdinéal agus mór-uaisle in Ardeaglais an Frauenkirche i Munich gar don áit inar thriail Nailey an bierkeller putch blianta roimhe.

D’fhoilsigh sé a dhírbheathaisnéis ó chianaimh; " My Jazz Road to Damascus " , ach focal amháin ní raibh ann faoin eachtra meisciúil sa bierkeller ná tagairt ar bith don Gormachaí Míshásta Delta Blues Band lenar fhoghlaim sé a cheird ar dtús báire. Agus creid nó ná creid, nach bhfuil Nailey Regan / Naile Raye / Count Neal O’Regan ina chónaí anois anseo i gChetwynde Downs ag #85 " Jazzamatazz "

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC

No comments: