Sunday, December 31, 2006

Duais Mhyles - "Praiseach na Bliana"

Ní raibh sé deacair don choiste moltóireachta cinneadh a dhéanamh i mbliana. Tá Duais Mhyles na gCopaleen do Phraiseach na Bliana buaite ag Tionscal Foilsitheoireachta na Gaeilge.

Cé mhéid léachtaí, seiminéir, ceardlanna, agallaimh, cláir radio is tv, tuairiscí, caint is plé, cur is cúiteamh, a bhí ann le linn na bliana faoi Mháirtín Ó Cadhain agus a mhórshaothar iomráiteach - Cré na Cille. Ulysses na Gaeilge is ea Cré na Cille. Bionn gach mac máthar ar aon aigne faoi - gur mórshaothar litríochta atá ann cé nach bhfuil sé léite ag éinne. Conas a bheadh agus Cré na Cille as cló leis na blianta.

Ach nach mbeifeá ag súil go mb'fhéidir go mbeadh díol ar chorr-chóip i mbliana agus comóradh á dhéanamh ar chéad bliain breith an Chaidhnigh. Níor cheap éinne sna comhlachtaí foilsitheoireachta go raibh sé in am (thar am) Cré na Cille a athfhoilsiú. Arra, cén dóchar, Nach mbeidh siad ag tarrac na ndeontas fad is atáid ag cur amach aon saghas ráiméise, cuma an ndíoltar nó nach ndíoltar cóip amháin sna siopaí.

Óbhéisein standála dóibh anois.

Hip - Hip -

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall agus Athbhliain fé mhaise dhaoibh go léir.

FRC

Féach "Brí na Brille" http://chetwyndedowns.blogspot.com/2006_03_01_chetwyndedowns_archive.html

Sunday, December 24, 2006

Radharc Nollag

Sráid choisithe i lár chathair Chorcaí, soilse Nollag ag lonrú fad na sráide, maisiúcháin drithleacha sna fuinneoga.

Ar thaobh na sráide, buailte leis an bhfalla - cnap daonna. Cannaí agus buidéil timpeall orthu. Fear ina luí, ina thromnéal - a thóin leis an bpobal, gabhal a bhriste fliuch salaithe, sruthán leachta ag sileadh ar an dtalamh uaidh. Fear eile, scothaosta ina shuí, coileán beag bán ina ghlac aige. An tríú fear díreach taobh thiar de, a lámh timpeall a mhuiníl ag iarraidh é a thachtadh. Gluaiseann an slua thart lena n-ualach de mhálaí siopadóireachta ildaite - páistí le beartáin Shantaí. Fé dheireadh stadann fear óg, beireann sé greim ar ghéag an thachtaire agus scaoileann sé fear an ghaidhrín. Éiríonn an fear san ina sheasamh agus imíonn sé leis go stadach an tsráid síos - an coileáinín bán fós ina bhaclann aige. Le linn na heachtra go léir níor bhog an madra óg ó bharróg na sábháilteachta.

Síscéal Chathair na Laoi.

N'fheadar cá mbeidh cinn an triúir san ina luí an oíche Nollag seo? - i mbrú Shíomóin má bhíonn an t-ádh leo. Iad brúite basctha ag an saol, scriosta ag gabhair an óil.

Go lonraí Réalta Bheithil orthu.

Go dtaga an Maicín a rugadh sa stábla i bhfóirithint orthu san athbhliain.


FRC

Wednesday, December 20, 2006

Soilsí Nollag

Tá a lán caint sna meáin fé láthair faoi bhaol lándorcaithe (nó mar a déarfadh fear na gaeltachta 'blackout') le linn séasúr na nollag de bharr an tarraic ollmhóir ar an gcóras aibhléise. N'fheadar ar chóir dúinne sa tigh seo roinnt den mhilleán a ghlacadh. Seo tuairisc a sheolas tar éis Nollag 2001.

" Manamandiail, ní féidir iontaoibh a chur in éinne. Níor thugas aon cheann do Clifden nuair a d’iarr sé airgead orm chun soilse nollag nua agus roinnt maisiúcháin eile a cheannach, thugas seic bán sínithe dó. Bhíos as baile ar feadh dha lá an tseachtain seo chaite, agus nuair a thánag abhaile níor chreideas an radharc a bhí ós mo chomhair amach; an tigh go léir clúdaithe le soilse, bolgáin mhórá, fhada, chasta, ribín-soilse, bána, dearga, buí, ag glioscarnach, ag loinniú is ag preabarnach. Fear sneachta leictreach i lár na plasóga, fíoracha ar thomhas nádúrtha le naomhluanta neon den Teaghlach Naofa istigh sa ghrianán. Nach fada an bóthar a chuireadar díobh ón stábla uamhal i mBeitheal go dtí ár gconservatory PVC nua-Victeoireach le gloinniú dúbailte, glais tríghníomhacha agus teas lárnach. Ar bhárr an dín, Santaí meidhreach lena réinfhianna ag sodar ó bhinn go binn, agus mar bhárr ar an donas, ar bhiorr na haeróga, síóg ag rince an can-can.

Ó, an náire, an deargnáire!. Sinn inár gceap magaidh sa chlub gailf. A leithéad de thaispeántas gáiréadach, a leithéad de chomóntacht nua-rachmasach. Cumann na n-Áitritheoirí Chetwynde Downs ag rá go scriosfar an seó gáifeach seo luachanna na dtithe is ag maíomh gur chóir cead pleanála a bheith fachta roimh ré. Údaráis an aerfoirt ag éileamh go laghdeoimís cumhacht na soilse ar eagla go gcuirfimís eitleáin ar mhíthreoir. Na Gárdaí ag cleamhsán faoin tranglam tráchta de bhárr na sluaite ag teacht chun an taispeántas a fheiscint. Daoine ag bualadh ar an bhfrontdoras chun a fháil amach cá bhfuaireamar fíoracha an Teaghlaigh Naofa. Sinn go léir bodhraithe ag Buachaillí an Dreólín ó Bhloc an Phiarsaigh i mbun bhacachais ar na cuairteoirí amuigh lena véarsa amháin de "The Wran, the Wran, the king of all birds". An córas á thripeáil go rialta de bhárr forualaigh. Agus mo chúntas reatha laghdaithe £1253.68 (Euro1591.83)

Níor cheapas, nuair a chuaigh Clifden le innealtóireacht leictreach in UCC, go mbeadh sé ag baint úsáid as ár dtighne mar thionscnamh experimenteála. Agus an t-airgead go léir a chaitheamar ar scoileanna príobháideacha. Bah Humbug! "

Tá na blianta ag scinneadh thart, nach bhfuil?. Agus galar seo na dtaispeántas soilse scaipthe i ngach aon áit anois, níl duine ná deoraí ag tabhairt aird ar bith ar ár maisiúcháin bhladhmacha ghlioscarnacha anois.

Agus Clifden, creid é nó ná creid, ach ina mhac léinn fós. N'fheadar an máistreacht nó dochuireacht atá á ghabháilt aige fén am seo - ach mise ag íoc as an gcúram costasach dar ndóigh.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC

Thursday, December 07, 2006

Eagraíocht Ghaeilge Nua

Tá áthas orm an dea-scéal a a fhógairt anseo - eagraíocht Ghaeilge nua ar an bhfód. Agus na heagraíochtaí Gaeilge níos liónmhaire ná na cainteoirí cheana féin, b'fhéidir go mbeadh daoine ag cur na cruacheiste; canathaobh go bhfuil gá le ceann eile. Bhuel, ta bearna mhór aimsithe sa mhargadh - is chun freastal ar Bhéarlóirí a bheidh an cumann nua seo ann óir is léir go bhfuil faillí déanta le fada ag gluaiseacht na teanga ar an dtreibh thábhactach seo.

"Is iad na príomh-aidhmeanna atá ag an eagraíocht úrnua réabhlóideach ghnéasach seo ná:
An gramadach a shímpliú. Is léir nach féidir le lucht an Bhéarla fiú coinchcheap na dtuiseal a thuiscint. Mar sin ba chóir na tuisil go leir a ruaigeadh.

An litriú a shimpliú. Fadhb mhór is ea í litriú Bhéarla cruinn a mhúineadh do mhic leinn an lae inniu agus an teanga á scrios ag an téacsais. Ualach róthrom is ea é bheith ag iarraidh litriú ciotach casta na Gaeilge a bhrú orthu chomh maith. Tá réiteach simplí le fáil ón ár gcomharsana Gaelacha ar Oileán Mhanainn - 'sé sin litriú an Bhéarla a úsáid. Dayrhuck deeney knock keealvur un strataysh ay shin mahr guh will un changah son marv, ock kayn dockur, beg an gwaylgu fayn marv sar i vod.

An sean-litriú clasaiceach a thabhairt thar n-ais. Is dócha gurbh é an buille fealteach ba mheasa a tháinig anuas ar theanga ár sínsir ó aimsir Chromail ná an caighdeániú a deineadh ar an gcóras litrithe caoga bliain ó shin. Chuir an t-athrú amaideach seo an oiread san mearbhaill ar dhaoine gur iompaíodar i gcoinne na teanga agus níl ach an deargfhuath acu ar an nGaeilge ó shin i leith. Ní mór an seana-chóras a athbheochaint.

An Caighdeán a chur i bhfeidhm. Is dála Túr Bháibil ag an tír beag seo faoi láthair leis na canúintí uilig i nGaeilge atá ag cur an oiread san mearbhaill ar daltaí agus atá ag cothú easaontais agus faltanais i measc an phobail. Ba chóir cosc dlithiúil a chur ar na canúintí sa chóras oideachais agus sna meáin uilig.

Acht na dTeangacha a leathnú go dtí na canúintí. Ta cos ar bolg á imirt ar phobal na Gaeltachta ag an rialtas le caighdeán dothuigthe teoiriciúil. Tá sé thar am cothrom na féinne a thabhairt dóibh. Ba chóir go mbeadh leabhair scoile, áiseanna oideachais, páipéarachas oifigiúil, Eurofís agus Eastenders ar fáil i ngach Gaeltacht sa chanúint áitiúil.

An teanga a dhíthruailliú. Cuireann sé as go mór do lucht an Bhéarla focail béarla a chlos á spalpadh ó ghob an ghaeilgeora. Tá an teanga scriosta ag na téarmaí gallda seo. Caithfidh dlí a reachtú chun iachall a chur ar aon ghaeilgeoir atá i dteideal deontas a tharrac, bata scoir leictreonach a chaitheamh chun taifead a choimeád ar aon focail Bhéarla ina chuid cainte. Rachaidh an t-eolas seo go lárionad i mBáC agus beidh an deontas laighdaithe de réir mhéid an truailliú Béarla.

An Béarlachas a ruaigeadh. Tá an Béarlachas an bhagairt is mó don teanga inniu. Ba chóir rannóg stáit faoi leith a bhunú chun smacht a choimeád ar na Gaeilscoileanna agus ar na meáin atá ar a ndícheall i mbun an galar marfach seo a chraobhscaoileadh. Ní mór córas dianchinsearachta a chur i bhfeidhm láithreach bonn. Caithfidh na rialtais Éireannacha agus Breataineacha brú a chur ar an bpáipéar nuachta 'Chuckey our Law' tús áite a thabhairt don ghaelachas seachas don bhéarlachas.

Aibítir an IPA a mhúineadh sna bhunscoileanna. Is léir nach bhfuil gaeilgeoirí, go mórmhór muintir na gaeltachta in ann focail a fhuaimniú i gceart. Is scannalach an rud é, ní amháin nach dtuigeann siad 'bilabial fricatives,' 'Inflectional morphemes,' agus 'labiodental antonyms' ná nach féidir leo idirdhealú a dhéanamh idir 'diachronic' agus 'synchronic' ach nach bhfuil a fhios acu go bhfuil a leithéid de théirmíocht ann in aon chor. Ní mór foghraíocht a bheith mar ábhar sna scoileanna Gaeltachta go léir. Ansan beidh daoine in ann cúrsaí teanga a phlé go húdarásach leis na saoithe ar dailtíní.com

Sin agaibh é - réiteach simplí ar cheist chasta.

Sea, a chairde Béarlóirí, bígi linn, seasaimis an fód le chéile, gualainn ar ghualainn, sa bhearna bhaoil, in ám seo an ghátair. Saoraimis an Ghaeilge ó chrúcaí leathlámhacha an Gaeilgeora. Mar is AOIBHINN an teanga í. Seod luachmhar is ea í - ró-luachmhar le bheith fágtha ag fanaiticí agus faisistigh na gluaiseachta.

Má tá tuairimí agaibh, agus is cinnte go bhfuil, fé conas an teanga a shábháil, níl le déanamh agat ach cliceáil ar www.ersebyenglish/forum. Beidh failte le lucht na Gaeilge chomh maith fad is atáid sásta a dtuairimí a nochtadh tré mheán an Bhéarla."


Maith dom aon bhotúin san aistriúchán a dheineas ar leathanach baile na heagraíochta nua "Erse by English". Nuair a bhrúigh mé ar an gcnaipe 'Choose your language - Irish' - b'é an leathanach a tháinig anuas ná "Your search -- did not match any documents."

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC