Saturday, November 03, 2007

Éiric na bPagánach

Anois agus teanga na ngall ag fáil an lámh in uachtar i measc an oasa óig sna ceantracha deireanacha ina bhfuil an Ghaeilge beo fós, b'fhéidir nár mhiste cur síos a dhéanamh ar an ról nár bheag a ghlac duine de theaghlach Castle Chetwynde i gcraobhscaoileadh an Sacs-Bhéarla mar theanga domhanda. B’é an Dochtúir David Blantyre Chetwynde a bhunaigh an cumann miseanach "Soldiers for the Conversion of the Heathen" chun an dúdhúchasach a shaorú ó shlabhraí na dúbhealaíona agus na h-asarlaíochta. Tá an cumann fós ann, ach le hainm níos dioplómaitiúla – Commonwealth Christian Fellowship.

D’imigh An Dochtúir David gan tásc gan tuairisc sna dufairí i gcroílár na hAfraice dorcha i lár na naoú haoise déag. Tar éis blianta fada chuaigh tuairisceoir ón Skibbereen Eagle darbh ainm Henry Morton MacStanley (nó Mac the Knife mar ab fhearr aithne air) ar a thóir trí dúchríocha agus sabhánaí go dtí gur aimsigh sé fé dheireadh é i gceantar na treibhe Falunka, ar bhun easa mhóir ar a dtugtar Chetwynde Falls sa lá atá inniu ann. "Dr. Chetwynde, I presume" a scairt MacStanley.

B’é an deacracht is mó a bhí ag Dr. David i gcraobhscaoileadh an Dea-Scéil ná an iomadúlacht theangacha dothuigthe a bhí á labhairt sna críocha úd. Mar sin chinn sé ar ghréasán de scoileanna beaga a bhunú chun Béarla a mhúineadh chun go mbeadh na hainniseoirí ghorma ábalta an King James a thuisceant i gceart. Nuair a shrois fórsaí na hImpireachta na ceantracha sin ní ba dhéanaí bhí an réamh-obair agus an bholscaireacht faoin Mór-Bhanríon Gheal déanta cheana féin. Murach an Dr. Chetwynde is dócha go mbeadh an Fhraincís in uachtar ar fuaid lár na hAifrice go léir sa lá atá inniu ann, go bhfóire Dia orainn. Rug droch-chríoch ar an Dr. David nuair a caitheadh isteach é mar bhun-chomhábhair i gcorcán thaoiseach na bhFalunka. Níorbh iad na ranganna Béarla a chuir olc ar an dtaoiseach ach chuaigh an Dr. David thar fóir nuair a dhein sé iarracht srianta victóriacha a chur le cleachtais chomhriachtana na treibhe. Ba as an eachtra úd a d’eascair an téarma 'modh na misinéirí' nó mar a thabharfadh fear na Gaeltachta air ‘the missionary position’.

Tá séipéal nua bunaithe i sean-stóras ar chúlsráid sa bhaile seo againne. Inimircaigh ón Aifric is mó a fhreastalaíonn ar an Glorious Hope Divine Mission. Teifeach as cheantar na bhFalunka is ea an Pastor agus Chetwynde Nyanga is ainm dó. Ní raibh aon searmanas reiligiúnda le blianta fada sa sean-séipéal inar baisteadh David Chetwynde agus úsáidtear an foirgneamh mar bhunáit anois don chlub oíche ‘Cloisterphobia’. Deirtear go mbíonn gach saghas pótaireachta, drugaireachta agus drábhláis drúisiúil ar siúl ann. ‘Revenge of the Heathen’ mar a déarfá.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" – Slááán Tamall

(Foilsithe cheana ar Chlár Plé Beo 09/01/2003)

FRC