Saturday, July 28, 2007

Oidhe Obann

Chuir sé iontas orm, am méid daoine a tháinig chugam ag déanamh comhbhróin liom ar mo bhris. Daoine nach rabhas mór leo riamh, comharsain gur mhinic mé in achrann leo - anois ag croitheadh lámh liom is ag cur focail sóláis i mo chluas.

N'fheadar canathoabh gur rith sé i ndiaidh an chairt a bhí ag déanamh taoschnóanna ag bun an bhóthair s'againne ach bhí an dearg-ghráin aige ar na spraoi-mharcaigh le fada. Ach níorbh é an cárr san ba chiontach leis an dtragóid ach an dara gluaisteán a tháinig go fealltach gan choinne is a d'fhág ina mhata fuilteach leacaithe é ar dhromchla an tarmaic.

Ó mo chreach, mo léan, anamchara dílis mo chléibh, mo pháirtí siúil, conas a mhairfead ina éagmais. Long John, mo Jheaicín Russell leathshúileach imithe uaim. Ba líonmhar na bagairtí báis a fuair sé thar na blianta ó bheith ag cartadh leis i mbláthcheapacha na gcomharsan nó de bharr an nós a bhí aige a rollóga caca a fhágaint ar phlasóga manicúráilte nó ó bheith ag síor-bhruíon le gach madra fireann ar an eastát. Ach níor cheapas riamh go raibh oidhe obann mar sin in ndán dó.

Ar a laghad níorbh aon Volkswagen Polo nó Opel Astra úiríseal ba thrúig bháis leis ach Porche breá gallánta dén déanamh is nua aimseartha - an 911 GT2. Goideadh é ó thigh i Chetwynde Dales agus fuarthas tréigthe é i aice Bhloc an Phiarsaigh níos déanaí. Is dócha gur omós dá stádas, aitheantas dá úaisleacht é gur cárr chomh árdnósach san a mhairigh é.

Anois tá an corpán truacánta i stóras agam i mála plaisteach istigh sa reoiteoir. Táim ag lorg seitheadóir cáilithe chun an craiceann a stufáil. Beidh sé mar chomhluadar dom anseo im'oifigín, cé ná fuil a fhios agam cá cuirfead é - tá an seomra beag seo chomh plódaithe san le gach saghas fearais. B'fheidir go mbeadh slí ann dó in aice le mo bhonzaí thall sa chúinne. An Pinus Pseudophallicus atá ar shlí na fírinne leis ó mhairigh an teas lárnach é nuair a thugas isteach ón ngáirdín é blianta ó shin.

A, níl san oifigín seo anois ach sórt mausoleum, bailichiúchán de nithe marbha gan bhrí gan anáil. Cur i gcás mo sheana-sheinnteoir Pye nár chas céirnín le fada mar ná fuil páirteanna breise nua le fáil. Nó mo bhosca ghiotáir atá folomh uaigneach ó bhris mo bhean an Fender Stratocaster a bhí ann ina smidiríní nuair a chuala sí go rabhas ag iarraidh an Gormachaí Míshásta Delta Blues Band a athbhunú. Dá mbeadh a fhios aici cén praghas atá le fáil sa lá atá inniu ann ar ghiotár den déanamh san....

Ach ní féidir saoirse na samhlaíochta a mharú - tá m'aer-ghiotár agam fós. Gach oíche anois tá an ceantar maguaird cosúil leis na faraoiseacha anallód is na mic tíre ag glamaíl os gach aird ach níl ann ach bitsigh an eastáit ag caoineadh titim cheannaire na conairte. Agus bímse leis ag cantain leo. Fan anois go dtiúnfálfad an t-aerghiotár........

"You aint nothin but a hound dawg
Cryin all the time.
You aint nothin but a hound dawg
Cryin all the time.
Well, you aint never caught a rabbit
And you aint no friend of mine."

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall.

FRC