Wednesday, June 24, 2009

Socraithe Maireachtála sa Mews

"Ó is salach gránna an téarma úd, is fuath liom thú", is bhuail sí an doras amach ag pusaíl goil. Níorbh í an béarlachas a bhí ag déanamh tinnis di faraoir nuair a bhí sé de mhí-ádh orm tagairt a dhéanamh di a bheith ag "seaiceáil suas" (nó 'shacking up' mar a déarfadh fear na Gaeltachta) lena pairtnéir. B'shin Jocelynn, dar ndóigh, nó Lynn mar a thugann sí anois uirthi féin , an t-aon bhall dem' ochtar áil a bhíonn cúpla nóimeat le sparáil aici anois is arís chun labhairt lena hathair. Agus anois níl sí ag caint liom in ao'chor.

Bhuel, ní rabhas ach ag iarraidh a dhéanamh amach, go séimh discréadach, cén sort socraithe a bhí eatarthu. Seo mar a bhí an comhrá:

"Aaaamm! bhuel, is féidir a rá go bhfuil aaamm tuiscint eadrainn - sea tuiscint."

"Tuiscint? cén sort tuiscine? cleamhnas an ea? Ní fheicim fáinne ag glioscarnaigh ar an méir."

"Bhuel, nílimid geallta go foirmeálta má thuigeann tú leat mé."

"Conas san?, ní thuigim."

Ó, a Dhaid, nach dtuigeann tú sa lá atá inniu ann ní bhíonn daoine geallta go dtí go mbíonn gach rud socraithe agus curtha in áirithint - séipéil - óstán etc. Agus nílimid in achmhainn fiú bheith ag smaoineamh ar na costaisí fíochmhara.

Há, na costaisí?, nach ar ghuaillí t'athar a bheidh an t-ualach san ag titim. Agus abair liom; an bhfuil aon saghas scála ama i gceist agaibh leis an dtuiscint neamh-fhoirmeálta seo?

Á!, lig dom in ainm Dé - táimid óg fós.

Óg - is fíor san, bail ó Dhia orthu. Baois na hóige. Ach ní mhaireann an óige. 'Sé an nós a bhíonn anois acu sna bolaí seo, ná go dtéann leannáin chun maireachtaint lena chéile. Bíonn siad sona sásta ar feadh i bhfad go dtí go mbeartaíonn siad nár mhiste údárás agus beannacht na Vatacáine a bheith acu chun a gcaidreamh a dhaingniú. Is minic gur teacht séasúr na gcéad chomaoineach a bhíonn mar spreagadh acu. Bíonn pósadh gairéadach gáifeach agus bainis mhíchuíosach acu le leath de dhaonra an chondae i láthair. Agus naoi nó deich mí tar éis dóibh geallúint sollúnta a thabhairt ar altóir Dé go bhfanaidís le chéile go dtí go scarfaidh an bás óna chéile iad - bíonn siad scartha glan óna chéile gan aon lámh chúnta ón Spealadóir Scanrúil.

Ar aon nós thar n-ais go dtí an t-agallamh - chuas ar mhalairt conaire:

"Ce atá i mbun na léinte a iarnáil sa tigh?"

"What?"

"Cé agaibh a dheineann na léinte a iarnáil?"

"Bhuel, aaamm, roinnimid cúraimí."

"Agus cén cúraimí a bhíonn airsean?"

"Aaaamm! cuireann sé amach an bruscar agus.........lomann sé an phlasóg."

Á! níl ré na ridireachta thart fós, ambaist. Tiománann Harold an bruscarán rothaí ón gcúldoras timpeall an tí uair gach ré seachtain mar chleactas aclaíochta. Nach méanar dó. Agus gearrann sé an ciarsúr de phlasóg fiaileach atá acu. Sin gaisce an ghiolla gan aon agó.

"Táimid i ngrá lena chéile, sin an rud is tábhachtaí" ar sise. Cad eile atá ag tastáil?

"Grá? An bhfuilir cinnte ná fuil ag tastáil uaidhsean ach céile córach leapan agus au pair áisiúil chun na stocaí a meaitseáil ón dtriomadóir"

Chuir san an lasair sa bharrach i ndáiríribh. Is dócha go rabhas ró-gharbh léi. Ceannóidh mé brontannas dóibh ámarach. Raghaidh mé go dtí Outdoor Life Choice, an ionad garraíodóireachta áitiúil amárach agus ceannóidh mé tobán bláthanna mar bhronntanas athmhuintearais dóibh. Leis an aimsir atá againn fé láthair ní mór na soithigh úd a uisciú uair sa ló ar a laghad. Tabharfaidh san jab eile do saineolaí an stocmhargadh úd Harold.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC

Tuesday, June 16, 2009

GLOOMSDAY 2009

HAPPY GLOOMSDAY

Nach shin ata i ndan do gach eagraíocht luath nó mall sa tirín iathghlas míámhárach seo 'gainne. Agus thárla sé dúinn i gcathair seo na long is na seol i mbliana. Scoilt i measc lucht eagraithe "Gloomsday". An tOllamh Herbert Ponseby ó Roinn an Bhéarla i UCC a chur tús leis an gceannairc. Eisean agus roinnt de lucht gnó na cathrach a bhí ag maíomh go raibh gá le "forbairt" agus "dul chun cinn" sa cheiliúradh. Ní raibh dóthain "daonlathais" agus bhí géarghá le "trédhearcacht" agus "freagracht". Ní raibh crinniú cinn bhliana eagraithe, miontuairiscí glactha ná cuntaisí foilsithe riamh. Scannal amach is amach ab ea é. Eagraithe ag an clique céanna gach bhliain - ní raibh ann dar leo ach leithscéal i gcomhair ragairne agus óil.

Agus tá an ceart acu is dócha. Ní raibh coiste ann riamh. Mise a chur tús leis an bhféile beag agus mise a d'eagraigh gach bhliain é. Ní raibh aon ghá le coiste ná le béarlagar gnó. Anois táid ag lot an cóisir go léir. Teastaíonn uathu go mbíonn sé níos "custaiméir-chairdiúla" - an "éiléatachas" a bhaint de. Beidh sé mar "áis" chun turasoirí a mhealladh go dtí an chathair. Agus dar ndóigh caithfidh go mbeidh sé níos teaghlach-treoraithe ( nó family-orientated mar a déarfadh fear na gaeltachta) le béim fé leith ar na páistí. Aghaidh-phéinteáil agus balúin "Gloomsday" á tabhairt amach ar na sráideanna. Ar chúlaís a leithéid d'fhastaoim riamh. Dá mbeadh "Useless Eulogies", an saothar ar a bhfuil Gloomsday bunaithe, léite ag an tOllamh Ponseby agus baill uilig a choiste bheadh a fhios acu ná fuil sé oiriúnach do aon duine fé bhun aois na haibíochta.

Ba chomhair go mbeimís sa Guinness Book of Ridiculous Records. An t-aon ceiliúradh liteartha ar domhain atá bunaithe ar shaothar nár foilsíodh riamh. Agus anois an coiste nua ag bagairt dlí orm mar dar leo ní mise an t-úinéir dleathach ar an lámhscríbhinn atá agam ar an seilf anso san oifigín. Cén fáth? - nach mise a thárrtháil an leabhar ón skip nuair..... á sin scéal eile....ní chreidfeá é. Teastaíonn uathu go bhfoilseofái dlútheagrán den leabhar - ní bheadh achar airde fada go leor ag glúin seo na teicseála chun an breis is míle leathannach den leabhar iomlán a léamh.

Is inniu GLOOMSDAY, ach ní bheidh sé á cheiliúradh go h-oifigiúil ag an dream nua go dtí an Sathairn seo chugainn chun go mbeidh níos mó daoine ábalta freastail ar "na himeachtaí". Ní mór dúinn an lucht gnó a shásamh in am seo an ghátair is cosúil.

Ach beidh an FÍOR-GLOOMSDAY ar siúl anocht ag tosnú san Hi-Bi is ag dul as sin go dtí an Long Valley agus ansan cá bhfios. Ceol leis an Pana Rowdies Ragtime Band mar is gnáth.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC

Tuesday, March 24, 2009

Easnamh Cothramais sa Mews

An bhliain ag sleamhnú thart agus gan ach iontráil amháin ar an mblag suarach seo. Táim in ísle brí le fada agus is deacair dom an fuinneamh a chrinniú chun dul i mbun cumadóireachta. M'iníon Jocelynn (nó Lynn mar a thugann sí uirthi féin anois) is mó is cúis leis an ngalar dúbhach atá dom' chrá. Ise an t-aon ball dem ál míbhuíoch de ochtar clainne a bhí sásta cúpla nóimeat a sparáil anois is arís chun labhairt lena hathair.

"A Dhaid, ní oireann an stíl gruaige sin duit" nó "a Dhaid, táir ró-aosta chun bheith ag caitheamh brístí leathair" nó "a Dhaid, ná bí dom' náiriú, ó bheith ag gliúcaíocht ar mo chairde cailín nuair a thagann siad ar chuairt chugam aige baile. A Dhaid, ba chóir duit gearradh siar ar an ól / caitheamh tabac / scimeáil. A Dhaid, ba cheart duit dul amach ag siúl / ag bogshodair / go dti an gym chun meáchan a chailliúint. Ba chóir duit...níor chóir duit.....ní mór duit.....ba cheart duit....bí....ná bí......caithfidh tú........."Neá - neá - neá - neá"

Ach in ainneaon an chomhairle gan iarraidh seo go léir, braithim go mór uaim í ó thréig sí an nead chun dul a cónaí in aontíos lena pháirtnéir Harold. Táid ag cur fúthu anois i dtigh beag bídeach ar a dtugtar 'tigh cathrach' i mbéarlagar na ngníomhairí eastáit. Tigh sraithe a baisteadh ar a leithéid de áit cónaithe tráth den saol ach is dócha go raibh an téarma úd ró-cheangailte leis an íseal-aicme. "Chatham Manor Mews" an seoladh atá acu. Tá stair aisteach ag baint le sanasaíocht an fhocail "Mews". Stáblaí a bhí i gceist tráth. Ach mo léan ní bheadh slí ann do chapall, marc, each ná fiú capaillín Shetland sna Stablaí seo de chuid "Chatham Manor." B'fhéidir go mbeadh spás ann i gcomhair cait ach is ar éigin a bheadh tú ábalta é a luascadh. Tá an seomra suí acu ar aon tomhas leis an seomra folctha sa tigh seo'gainne. Ach cén dochar, níl ann ach "tigh céaduaire" nó starter house mar a thabharfadh fear na gaeltachta air.

Ach déarfainn gur fada an tosach a bheidh acu sa tigín seo mar táid gafa i i ngaiste sceoin an ré iar-tíogar-cheilteach ar a dtugtar easnamh cothramais. Níl ach teach as cúig ina bhfuil áitritheoiri lonnaithe ann. Seó dathannach gairéadach de chomharthaí, ag fógairt "AR DÍOL", ag truailliú aghaidheanna eile na sraithe. Agus ar díol ar phraghas céad míle níos lú ná an morgáiste a shínigh Jocelynn agus Harold díreach ar bhuaicphoinnte an bholgáin tógála. Nach gceapfá go gcífeadh daoine atá ag obair san earnáil airgeadais an titim ag teacht. Jocelynne an t-aon duine den chlann a lean rian a hathair isteach sa bhanc. Cad is fiú di anois an tráchtas a scríobh sí ar "Financial Forecasting in an Open Economy" chun a máistreacht i staidéar gnó a bhaint amach. Tá Harold bainteach leis an stocmhargadh, níl a fhios agam cad é go díreach a bhíonn idir lámha aige ach bhíodh sé ag bladaireáil faoi thodhchaíochtaí agus tráchtearraí agus a leithéid, dom mholadh infheistiú i dtráchtearraí mar bhí praghas na gnáthscaireanna imithe ro-ard ar fad. Bhí an ceart ar fad aige i dtaobh na scaireanna ach ná fuil na tráchtearraí titithe chomh tubaisteach céanna. Spórt agus an aimsear na hábhair chomhrá a bhíonn aige le déanaí. Nach ait mar a chonaic Seánie, athair mo gharmhic, an tsunami ag teacht - fear a d'éirigh as oideachas tar éis dhá bhliain sa mheánscoil.

Ar a laghad táid níos fearr as ná na daoine bochta a cheannaigh tithe as na pleananna sa eastáit uasmhargaidh laistiar des na Mews - Chatham Manor Court. Tá cúpla tithe críochnáithe agus daoine istigh iontu, ach tá na créatúirí bochta timpeallaithe ag suíomh tógála tréigthe - tá na tógálaithe bancbhriste agus is beag seans go dtiocfaidh éinne eile chun an eastáit a chríochnú.
Dar ndóigh ní raibh aon 'Manor' riamh gar den eastáit tithíochta leath-chríocnaithe seo, ná aon Chatham sa cheantar ach an oiread. Garraí prátaí ab ea an suíomh cheana ach ní dóigh liom go dtaitneódh Spud Mews ná Kerr's Pink Court le lucht na margaíochta.

Mo dhóthain scríte, táim ag dul go dtí an pub anois chun an ghéirchéim airgeadais a réiteach.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC

Tuesday, March 17, 2009

Cuir deireadh le Lá le Páidí

Ná fuil sé in am dúinn críoch a chur leis an bhfastaoim a bhaineann le Lá le Paidí. Sa chéad dul síos ní oireann féile sheicteach don sochaí ilchreidmhach ilchultúrtha ilchíníoch ilghnéasach ilfhoclach atá againn sa 21ú aois. Agus cad a bhí ann i Naomh Páidí i ndáiriribh ach Brit, iar-sclábhái caorach a tháinig anall chugainn chun ár dtéithe dúchasaigh a dhíbeart agus creideamh gallda allúrach on mheán-oirthear a chur ina n-áit. Nárbh é ceannaire an reiligiúin chéanna, il Papa Hadrian IV, a thug cead dos na hAngla-Normannaigh ár n-oileáinín neamhurchóideach a ghabháilt?

Ba chóir dúinn laoch comhaimseartha a roghnú chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár 'nÉireannachas' - duine a bheadh i dtúin leis haos óg na linne. Laoch spóirt mar ...aaaamm! Jackie Charlton? - ní hea - ró-aosta, nó amhránaí mar Bono, an seachnaitheoir cánach. Pearsa ó shaol an ard-fhaiseain mar John Rocha? Nó má tá duine níos géalaí ag teastáil uaibh, Concaire Chluain Tairbh, an tArd-Chomhaltas Labhrás féin. Sea, nach binn ceolmhar é an fhuaim: Lá le Labhrás.

Ach fan nóimeat, tá gaeilgeoir in aigne agam - poncán atá níos Éireannaí ná na hÉireannaigh féin, Des Bishop. An fuirseoir a thug stádas oigigiúil don lofa líofacht- an gaiscíoch a shabháil teanga na nGael uathu féin agus a sciob leis í díreach ó bhéal na huaighe. Sea, bíodh Lá an Easpaig againn in ionad Lá le Páidí, lá Gaelach Aerach agus sinn ag caitheamh rósanna bándearga i leaba an fhiaile shuaraigh glais úd.

Raidht, a cháirde, cuirimís deireadh le páidí a'stáitseachas agus paddywhackery agus páidi an potaireachas. Deinimís ath-ghabháil ar an gCarghas. Cuirimís cosc ar an mbréag-fhéile san a mhaireann seachtain iomlán. Baoth-fhéile ná fuil aon dealramh leis agus nár bunaíodh ach chun turasóirí saonta le pócaí teanna a mhealladh don tír laismuigh den gnáth-shéasúir. Sea, ambaist, sinn ag ceiliúradh teacht na Críostaíochta go dtí ár dtír le cóisir seachtaine de ragús agus ragairne i lár séasúr an Chargais.

How cute - how very Oirish.

Anois, ga' m'leithscéal ach imeóim - tá mé ag dul go dtí an pub chun an seamróg phlaisteach a thachtadh.

Barra na maidine dhaoibh go léir.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC

Thursday, December 18, 2008

Sclábhaí na mBrioscaí

Bhí Launcelot J. Chetwynde ar chamcuairt na Fraince ag léamh sleachta as a chnúasach finnscéalta Arabacha "One Thousand and One Knights". Thárla go raibh Launcelot ar an Champs Elysee i bPáras (agus ní Páras, Teicseas ach an oiread sa chás seo) ar Lá an Bhastille. Bhí an ceiliúradh fé lán tseol agus bannaí dathannacha ag máirseáil úúmpa úúmpa thart le bratacha ar folúain. Chuaigh na bannaí míleata agus atmaisféar na hocáide chomh mór san i gcion ar Launcelot gur tháinig cumha i ndiaidh saol na saighdiúireachta air agus chuaigh sé chun liostáil le Leigiún Coigríochach na Fráince. Cuireadh go Fort Zinderneuf na hAilgéire ar diúite é. Bhí deacrachtaí ag lucht labhartha na Fraincise leis an ainm Chetwynde agus tugadh Beau Chet mar leas-ainm air de bharr an dea-ghiúmar a bhíodh i gcónaí air.

Dála an scéil bíonn deachrachtaí le daoine sa cheantar seo leis an ainm chomh maith. "Shetwind" an fuaimniú ceart ach mar a bheifeá ag súil leis ní mar sin a fhuaimníonn áitritheoirí measúla na n-eastát maguaird é, idir Chetwynde Downs, Chetwynde Dales agus Chetwynde Meadows.

Ar aon nós, thar n-ais sa Sahara, tháinig Launcelot fé thioncar na gluaiseachta 'en plein air'.
Bhíodh sé de nós ag an Lieutenant Chetwynde dul amach ar a chamal dílis, Pocimante, aon am saor a bhíodh aige le dul ag péintéireacht sna oll-dhumhcha. L. J. Beau Chet a bhí mar síniú aige ach bhí a chuid scrioblála chom míshoiléir san gur cheapadh gur Beauchet a bhí scríte aige.

Lá ague é ag luascadh scuaibe tháinig buíon Tuareg air agus tugadh chun siúil é. Déanadh sclábhaí de in ósais iargúlta i bhfad ó raon cumhachta na Fraince. Cé gur phríosúnach ab ea é d'éirigh leis stádas ard a bhaint amach sa treibh de bharr a mbuanna le teangacha iasachta. Sa deireadh d'iompaigh sé ina mhoslamach agus bhí sé ag obair mar shórt taidhleoira do thaoiseach na treibhe. Scaoileadh saor é tar éis tamall de bhlianta agus thug an taoiseach bronntanais luachmhara mar bhuíochas dó. Ach b'é an ní ba luachmhara a thóg sé abhaile leis ná na hoidis i gcomhair roinnt milséan an réigiúin.

Tháinig sé go Bleá Cliath agus d'oscail sé siopa beag ag díol Turkish Delights agus Figrolls. Bhí an iomad san tóir ar na milseáin agus na brioscaí nua gur cheannaigh sé seana-inneall chun na figrollai a tháirgeadh. Bhí rud éigin cearr leis an meáisín agus tháinig na rollái amach i gcruth leata réidh in ionad a bheith sorcóireach. Ach níor chuir san isteach ar an éileamh mór agus sin é an fáth go bhfuil an cruth céanna orthu go dtí an lá atá inniu ann. Jacob's Fig Rolls a thug Launcelot orthu mar b'shin é an J. a bhí i Launcelot J. Chetwynde. D'imigh a spéis sa chúram le himeacht ama agus díol sé an gnó sara d'fhill sé ar gCorcaigh, a áit dúchais.

Tháinig cor aisteach sa stair nuair b'e Chetwynde eile an Coirnéal Launcelot G. Chetwynde a ghlac géilleadh Jacob's Factory ag deireadh Éirí Amach 1916. Tá scéal ann go ndúirt an coirnéal i dtuin ardnósach angla-Éireannach " I'm more Irish than that Spanish yank will ever be" agus é ag tagairt do dhuine de cheannairí an éirí amach, an Gael-Spáinneach-Phóncán, Edmundo Valera. Creidtear gurbh é an masla úd an chúis gur dódh Castle Chetwynde le linn cogadh na saoirse - ach tá an scéal níos casta ná sin mar a nochtfaidh mé sa "Chetwynde Chronicles (má fhoilseofar go deo é.)

Tá a lán scéalta eachtrúla eile ann fé shaol Launcelot J. Chetwynde, aka Launcelot of Arabia, aka Hadji Bey, aka L. J. Beauchet, aka Mr. Jacob - ach ni chreidfeá iad.

Anois chun an dúcheist a fhreagairt; conas a chuirtear na figí sna figrollaí? Bhuel níl agat ach an luchóg a bhogadh chun gúglála agus gheobhaidh tú an freagra anseo.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC

Sunday, December 14, 2008

An tEalaíontóir sa Ghaineamh

Is beag eolas atá ar fáil fé shaol an mhór-ealaíontóra impriseanaigh L. J. Beauchet. Bhí sé ar iarraidh le blianta i ngaineamhleach an tSahára nuair a thosnaigh criticeoirí á mholadh go hard na spéartha tar éis an dara taispeántas impriseanach i bPáras na Fraince (ní Páras, Teicseas"). Ceapadh go raibh sé básaithe tar éis dó dul ar strae ó Fort Zinderneuf san Ailgéir mar a raibh sé ina oifigeach sa Légion étrangère (nó an French Foreign Legion mar a thabharfadh fear na Gaeltachta air). Bhíodh sé de nós ag an Lieutenant Beauchet dul amach ar a chamall dílis, Pocimante, aon am saor a bhí aige le dul ag péintéireacht sna oll-dhumhcha. Dar leis bhí sé ag iarraidh fíor-eisint an ghaineamhligh a aimsiú - anam inmhéanach na dumhcha a ghabháil. Bhí crot éigin ar a chuid pictiúirí ar dtúis - dumhcha de gach múnla, triantáin, éilipsí, parabóilí etc. Ach de réir mar a bhí sé ag dul i dtáithí ar an gcúram tar éis blianta de dhian-stuidéir ar an ábhar, d'imigh cruth agus scáth as a gcuid péintéireachta go dtí nach raibh fágtha ar an gcanbhás ach brat leathan aondathach donnbhuí. B'iadsan na cinn ba mhó tóir ag na bailitheoirí olltíreacha. Bhí saol na n-ealaíona trína chéile tamall gearr ó shin nuair a déanadh géir-iniúchadh ar phictiúr ollmhór de chuid Beauchet a bhí ar crocadh ar fhalla sa Metropolitan Museum of Art i Nua Eabhrac. Úsáideadh an trealamh is nua-aimsearthaí, x-gathanna, anailís speactrim agus mar sin de ach braon de phéint ní fuarthas - ní raibh ann ach dath an chanbháis féin a bhí ar aon dath le gaineamh an Sahara i gceantar Fort Zinderneuf. An t-aon dath eile a bhí ann ná síniú beag bídeach le L. J. Beauchet. De réir léirmheastóir ealaíona an London Literary Times (mac le Corcaíoch cruthanta dála an scéil), b'é Beauchet an t-ealaíontóir ba impriseanaí dá raibh ann sa genre riamh - d'éirigh leis fíor-imprisean an ghainimh a bhaint amach gan scuab a leagan ar chlár an chanbháis fiú. Ambaist. is dócha gur éirigh leis anam inmheánach na dumhcha a ghabháil leis. Tháinig borradh ar luach shaothar Beauchet tar éis gur foilsíodh torthai an scrúdaithe.

Tá scéal faoi Beauchet go raibh sé splanctha in ndiaidh rinceora boilg ón gCasbah in Algeirs. Mar fhéirín seirce, d'ullmhaigh sé blastóg ghleoite di, déanta le cnapóg feola agus spíosraí luachmhara. Ach cad as a tháinig an cnapóg feola ach as a chadairne féin. Ach má bhí sé breoite ina intinn ní raibh sé dúr ina inchinn - níor bhain sé ach magairle amhain de. Ach déarfainn nach bhfuil aon fhírinne sa chuntas san mar go bhfuil scéalta ar an dtéama céanna faoi ealaíontóirí coitianta, ach gur cluas an ball a bhíonn i gceist de gnáth.

creid nó ná creid ach go bhfuil baint ag an scéal seo leis an gceist, conas a chuirtear na figí sna figrollaí, mar a fuaireas amach le linn mo thaighde i gcomhair mo mhórshaothair "The Chetwynde Chronicles" sa Bibliothèque Nationale i bPáras na Fraince (agus ní Páras, Teicseas ach an oiread sa chás seo.)

Ar leanúint...........


Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC

Monday, November 24, 2008

Uaigh an tSaighdiúra gan Ainm

Tá Coiste na mBailte Slachtmhara ar buile faoi le blianta - teastaíonn uatha sainghné (nó 'feature' mar a déarfadh fear na Gaeltachta) a dhéanamh de - pulctha le petunias agus busy lizzies. Téann an dream san thar fóir leis an gcúram uaireanta. Dá bhfágfá rothar i gcoinne cuaille sráide thar oíche, bheadh sé péinteáilte as an nua agus bláth-chiseán ar crochadh as fé mhaidin, chun sainghné a dhéanamh de i gcomhair an chomórtais. Paiste beag mistéireach talún atá i gceist anseo, buailte le falla na seana reilige anseo i gCarraig na mBan - ráillí lúbtha meirgeacha timpeall air, driseacha agus fiaile ag fás go rábach aníos trí bhrat tiubh de bhrúscar brocach. Is féidir a mhaíomh gur sainghné atá ann cheana féin.

Diúltaíonn fir an chomhairle lámh a leagan air, tá pisreoga go dtitfeadh tubaiste ar aon duine a chuirfeadh isteach ar an áit. Tá anáil an oilc le brath ar an mball. Seachnaítear an taobh san den tsráid tar éis titim na hoíche. Táid ann a chreideann gur chuir deoraí díchéillí lámh ina bhás féin ar an "Hanging Tree" i ngort Connie Cooney lámh le Chetwynde Downs agus go bhfuil sé curtha ann. De réir daoine eile is cillín atá ann inar cuireadh bunóca neamhurchóideacha a fuair bás roimh bhaisteadh dóibh agus nach raibh i ndán dóibh ach síoraíocht uaigneach gan aon dóchas go gcífidís ceannaithe a dtuistí ná aghaidh Dia féin choíche go deo. Clúdaithe i measc an fhéir bhoirb agus an fhiaile tá leac bheag agus greanta air tá scríbhinn intuigthe i gcló aduain aisteach - deirtear gur seana-chló Gaelach de shaghas éigin atá ann. De réir roinnt seandaoine de bhunadh na háite adhlacadh fear ann a bhí ina charactaer sráide sa chathair fadó. Tá ábhairín den fhírinne sa scéal san mar a fuaireas amach agus mé i mbun taighde ar mo mhórshaothar "The Chetwynde Chronicles". Agus creid nó ná creid é ach ta baint aige le fúscailt na faidhbe; "how the hell do Jacobs get the figs into the figrolls?".

Tar éis éalú dó ó Chath Balaclava, chaith Launcelot J. Chetwynde blianta fada ag taisteal trí Impireacht na n-Otamánach. D'éirigh leis líofacht a bhaint amach i bpríomh-theangacha an cheantair agus léirigh sé an-spéis i mbéaloideas na ndúichí ar ghabháil sé tríd. D'fhoilsigh sé cnúasach finscéalta fén dteideal "One Thousand and One Knights". Faraoir cuireadh cosc ar an leabhar sa Ríocht Aontaithe de bharr roinnt scéalta earótacha ar a shon gurbh í an Fhraincís teanga a fhoilsithe. Tá sé as chló le fada ach tá cóip agamsa anseo im' oifigín thuas ar an seilf leabhair in aice leis an lámhscríbhinn de "Useless Eulogies" agus cóip de "Erotic Art of the Edo Court (illustrated)"

D'fhill sé ar a fhód dúchais, Chorcaigh, i ndeireadh a shaoil. Bhunaigh sé siopa i lár na cathrach ar Shráid King , tugtar Sráid Mhic Churtáin air anois. Dhein sé milseáin Turcacha ann fén ainm "Hadji Bay's Turkish Delights" a thuill cáil ar fud na tíre. Bhí an siopa ann go dtí seascaidí na haoise a d'imigh tharainn ach tá na milseáin á dhéanamh fós. De réir Wikipaedia "An unknown Briton became very fond of the delicacy during his travels to Istanbul, and purchased cases of lokum, to be shipped back to Britain under the name Turkish Delight. It became a major delicacy not only in Britain, but throughout Continental Europe". Níl an scéal go cruinn acu - ní Briton ach West Briton a bhí ann agus ní anaithnid atá sé anois mar b'é ár bauld Launcelot féin a bhí i gceist dar ndóigh.

Bhíodh sé de nós ag Launcelot gabháil suas síos Sráid Phádraig i róbaí fada slaodacha arabacha. "Launcelot of Arabia" a thugadh muintir na cathrach air. B'é a chuir tús leis an traidisiún Corcaíoch san "Doing Pana". Cheap daoine go raibh sé ag dul chun báiní ar fad nuair a théadh sé síos ar na glúine chun, mar a samhlaíodh dóibhsan, an bhlaosc a chnagadh ar an gcosán. Is beag eolas a bhí ag daoine sa ré úd ar dheasghnátha na Muslamach ná ar cén treo a bhí Mecca lonnaithe. As san a d'eascair an téarma tuairisciúil úd "headbanger".

Nuair a fuair sé bás diúltaíodh leaba dó i dtuama na Chetwynds sa seana-reilig mar gur thug sé cúl le creidimh a shinsear i bhfábhar soiscéal an Chóráin. Adhlacadh é díreach lasmuigh de fhalla na reilige agus tá a fheartlaoi greanta i gcló claisiceach ealaíonta na nArabach.

Beannacht na nGrást le hanam Hadji Bey aka Launcelot of Arabia agus le hanaman na marbh go léir idir Chríostaithe is Mhoslamaigh is go raibh síocháin i réim ar chlár na cruinne idir an dá dhream.

Uainn go léir anseo..................

.....Ó! mo leithscéal, dhearúdas na figrolls. Tá an scéal seo ag dul chun leadráin. Tiocfad thar n-ais lá eile. Idir an dá linn -

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall.

FRC