Friday, June 23, 2006

Doing the Banown

Is minic daoine fiosrach faois na hainmneacha aisteacha a bhíonn ar ríleanna agus ar phoirt traidisiúnta. Tá ana-ghlaoch ar an ngrúpa nua-thraidisiúnta, “Bate de Boggers” le déanaí de bharr a leagan reggae den ríl, “Doing the Banown”. Seo libh an scéal taobh thiar den teideal sin.

Fadó fadó sar a raibh aon bhaile nó sráidbhaile anseo, bhí gallán mór árd ina sheasamh ar bharr chnoic agus Beann Eoin a thugtaí air. Gach Oíche Fhéile San Seáin (nó Oíche Fhéile Naomh Eoin más maith leat) thagadh daoine as gach aird chun patrún a dheineamh ann. Do dheinidís na turais agus deiridís paidreacha. Bhí cáil an leighis ar an ngallán do mhná aimride agus dos na fearaibh a bhíodh deacrachtaí acu an adharc a ardú ag an am cuí. Deir daoine gur eascair an deasghnáth ó fhéile phágánach thorthúlachta agus nach raibh sa ghallán ach siombal fallach den bhall fearga. N’fheadar, ach tháinig an phágánachas i réim arís tar éis na paidreacha agus deirtear go mbíodh damhsa agus ól agus drabhlás agus daoine ag cur an leigheas chun triail.

Nuair a ghlac na Chetwyndes seilbh ar an gceantar maguaird i lár na seachtú aoise déag do leagadar an gallán chun deireadh a chur leis an mbaothchreideamh papánach (dar leo) agus thógadar Teampall Protastúnach in a áit. Tamall éigin ina dhiaidh thóg na Chetwyndes tuama mór galánta le oibilisc árd ar bharr sa reilig in aice leis an séipéal. Agus cad a dhein muintir na h-áite – thosnaíodar ag baint úsáid as an oibilisc in ionad an ghalláin mar fhócas don phatrún. Ar dtúis rinne na Chetwyndes iarracht deireadh a chur leis an gcleactadh ach le h-imeacht aimsire d’éiríodar níos réchúisí agus níor chuireadar isteach ar chúrsaí.

B’iad na sagairt a chur deireadh leis. Tháinig sagart óg, darbh ainm Thomas V. Dwyer go dtí an paróiste agus an naoú aois déag ag druidim chun deiridh. “Thundering Tom” a tugadh air de bharr a stíl searmóineachta. Bhagair sé coinnealbhá agus tinte síoraí ifrinn ar aon duine a ghlacfadh páirt sa phatrún; “Doing the Banown”. Bhí an Gaeilge dearmadta faoin am sin agus an t-ainm “Beann Eoin” truaillithe. B’shin deireadh leis an bpatrún ach bhíodh daoine fós ag teacht go dtí an reilig i gcoim na hoíche chun crosa a ghreanadh ar an oibilisc.

Sin mar a bhí an scéal go dtí gur tháinig na hippies Sasanacha chun cur fúthu i ngort Connie Cooney lámh le Chetwynde Downs. Bíonn an-suim ag an lucht súil nua-aoiseach sa phágánachas Ceilteach agus is féile an-tábhactach dóibh lár an tsamhraidh. Nuair a chualadar faoin seana-nós “Doing the Banown” do shocraíodar go gcomórfadh siad an fhéile sin sa reilig. An tráthnóna roimh ré chuadar isteach sa sean-reilig agus thosnaigh scléip mhór. Bhí ceol ar lán airde á bhlaisteál amach ó callairí móra. Rinne comharsana gearán leis na Gárdaí, agus chuireadar an ruaig ar na Hippies. Ach thánadar thar n-ais níos déanaí . Deirtear gur radharc iontach dochreidte a bhí ann le héirí na gréine agus draoithe feistithe i róbaí bána fada ag séideidh adharca ollmhóra, daoine eile ag greadadh ar drúmaí agus na hippies go léir ag canadh is ag cantaireacht is ag rince timpeall na hoibilisce.

Bhí an cumann phobail áitiúil agus an tAthair Flannigan a rá go bhfaighidís órdú cúirte chun stop a chur leis an diamhasla (dar leo) arís i mbliana ach rinne na hippies bualadh pre-emptive cliste. Bhí gach éinne ag cleamhsán le blianta faoi staid na sean-reilige ach gan aon rud á dhéanamh faoi. Cúpla seachtain ó shin chuaigh na hippies isteach sa reilig agus ghlanadar an áit go léir. Thugadar an brúscar go dtí an dumpa agus ghearradar an féar agus na driseacha. Anois tá daoine ina bhfábhar agus ag rá gur náireach an mhaise bheith ag cur bac orthu. Tá an tAthair Flannigan ar buile ach ní féidir leis aon rud a dhéanamh. Níl an chumhacht chéanna ag na sagairt sa lá atá inniu ann is a bhí acu aimsir Thundering Tom. No, níl, ambaist. Is cosúil nach bhfuil deireadh fós le “Doing the Banown.”

Anois tá an seana-seit, “The Banown” a múineadh ag ár Michael Flatley áitiúil; Timmy the Brit, dos na hippies i gcomhair an cheiliúraidh anocht. Nach iorónta an scéal é gurb iad na Sasanaigh atá ag coimeád na seana-nósanna Gaelacha beo sa lá atá inniu ann.

Agus go mbaine sibh go léir sult agus sásamh as Oíche Fhéile San Seáin.

Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs” - - - Slááán Tamall

FRC

Thursday, June 15, 2006

GLOOMSDAY 2006

Sea, tá an lá buailte linn arís, an 16ú lá de Mheitheamh nuair a bheimid ag ceiliúradh an lá stairiúil meisciúil úd i 1904 nuair a chuaigh Leonardo de Gloom ar a ramail óil timpeall phubanna chathair Chorcaí.

Teacht le chéile mar is gnáth sa Long Valley. Ansan ar aghaidh go dtí an Hi-Bi (má ligfear isteach sinn) mar a bheidh seisiún de bhailéidí parlúis againn timpeall an piano i dteannta ár aíonna speisíalta “The Cork Tenners.” Níl an rian ina dhiaidh sin socraithe fós ach tá súil againn buaileadh isteach i Loafers, Sin É, Charlie’s, Le Chateau, agus b’fhéidir An Spailpín (má ligfear isteach sinn. Thug Christy an doras dúinn anuraidh nuair a ….. Á! Scéal eile ní chreidfeá é) Cuirfimid críoch leis an lá ag -------- le rince mór agus le ceol ó “The Pana Rowdies Ragtime Band”

Beidh mise ag léamh sleachtanna as “Useless Eulogies” an t-úrscéal le Jimmy Joyce ar a bhfuil gach rud bunaithe agus nár foilsíodh fós.

Fáilte roimis cách agus muna dtiocfaidh cách beidh fáile roimis geaitsithe cultúrtha na cathrach:

Aos acadúil postúil tuirsiúil na hOllscoile,
Buíon bodhraitheach bagrach na Ceolscoile,
Lucht leath-litheartha fad-mheigeallacha an Munster Literary Society,
Feiminithe fiain-fholtacha frith-fhileata ón dTigh Filí,
Lucht féachana scannán scanrúil an Triskel agus an Kino,
Anglacánaigh árdnósacha an Cork Literary agus Scientific Society,
Gealgóirí glóracha cló-ghaelacha ó Gael-Tactadh
Agus dar ndóigh ár seana-cháirde;
Polaiteoirí ar tóir fótó-seans.

Ní mór do gach éinne dreach duairc dorcha a chaitheamh ar an lá. Eádaí Edwárdacha freisin má tá aon rud den ré úd fágtha fós sa vardrús agat.

Go dtí sin,

Uainn go léir anso in #37 ‘Chetwynde Downs’ - - - Slááán Tamall

FRC

Monday, June 12, 2006

Séasúr an Sciodair

A leithéid de radharc anseo i “Chetwynde Downs” an lá fé dheiradh – dochreidte amach is amach. A luaithe is a d’oscail na firmimintí chun na tuilte a dhoirteadh anuas orainn, bhí na daoine amuigh ar na bóithre. Lámha leata amach, aghaidheanna casta suas i dtreo na spéartha chun an bháisteach throm a bhlaiseadh, iad ag canadh is ag béicigh, ag rince is ag valsáil, is ag pógadh stróinséirí. Cheapfá gur i mball bocht spallta ar imeall an Sahara a bhíomar lonnaithe agus nach raibh braon báistí ann leis na blianta. Agus cad chuige an gealtachas seo go léir? Bhuel….

An Domhnach roimhe sin agus an aimsir ba bhreátha a bhí againn le fada. Ó moch maidin bhí na fir amuigh ar na patióanna agus na deiceanna ag fáil faoi réir don BBQ mór. Áprún á cháitheamh ag gach mac máthar, is iad ag cur geáitsíocht na gcócairí celebs orthu féin. Níorbh fhada go raibh na cóisreacha fé lán tseol, pilsner Seiceach leis an scrogall, chardonnay olabhog ón tSíle le cuileoga de cineálacha éagsúla ag snámh ar uachtar sna gloiní mar bharr ar an mblas. Burgair leathdhóite, leathchócaráilte agus sicín bándearg a la salmonella á alpadh síor. Chuala go raibh an Dr. Rashan Maghanafi an-ghnóthach ina chlinic ag #42 “Salandrabad” tar éis an deireadh seachtaine le othair ag gearán faoi bhoilg tinn.

Ansan, gan aon choinne leis, tháinig claochlú iomlán ar an atmaisféir, daoine ag tabhairt súil chlíathánach ar a chéile - agus ar an madra. Sróna ag biorú, pollairí ag smúradh go discréadach. Cé a bhí ciontach as an drochbholadh bréan broimeach sin. Ach ba shoiléir i gcionn tamaillín nach duine amháin nó ainmhí amháin a ba chúis leis an mbréantas úafásach a chuirfeadh múisc ar mharbhán mar bhí an drochbholadh le brath ar fud na háite. Scaip sé ó chúlghairdín go cúlghairdín, ó phatió go deic, ó Chetwynde Downs, soir ó thuaidh go Chetwynde Dales agus soir ó dheas go Chetwynde Meadows. Bhí ar na daoine na fulachtaí agus an troscán patió a thréigint agus teitheadh leo isteach sna tithe chun éaló ón mbréantas dofhulaingthe. Ar feadh seachtaine a mhair an phláig, brú ard lárnaithe os chionn Chorcaí ag cosaint an ollbhrait de mhorgadh gránna a bhí ina luí go trom tachtach ar chomharsanacht ‘Chetwynde Downs’ nó gur chuir an stoirm thoirní deireadh leis agus gur ghlan sé an truailliu srónach uainn. Ach cad ba chúis leis an mbréantas sa chéad dul síos. Hhhhmmm…

Ní dóigh liom gur chinneadh inmhollta a ghlac Cumann Áitritheoirí Chwtwynde Downs nuair a chuireadar go láidir i gcoinne iarrachtaí an fheirmeoir béal dorais, Connie Coony, chuid dá thailte a athzónail i gcomhair thogáil tithe. Nach raibh Chetwynde Downs féin ina bpáirceanna féarmhara feirme tráth.Tá cloch sa mhuinchille ag Connie chuig muintir Chetwynde Downs ó shin. Déarfainn gur d’aon ghnó a thosnaigh sé ag leathadh sciodair (slurry) ar na bpáirceanna taobh linn, na goirt ar dhiúltaíodh ath-chriosáil dóibh, tráthnóna breá Domhnaigh nuair a bheadh gach éinne amuigh sna gáirdíní. N’fheadar cén saghas beathaidh atáid ag tabhairt dos na beithígh sa lá atá inniu ann agus stinc chomh gránna samhnasach sin ag teacht ón mbualtrach. Ní nach ionadh go mbíonn galar crúb is béal, agus galar na mbó mire á dtolgadh ag na h-eallaí.

Anois táimid thar n-ais go dtí an gnáthsaol tuirsiúil arís anseo i Chetwynde Downs.

Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs” - - - Slááán Tamall

FRC

Saturday, June 03, 2006

Siondróm SAD

Is le linn laethanta gearra na dúluachra a thagann an galar dubhach darb ainm SAD (seasonal disaffective disorder) ar roinnt daoine de bharr easpa gréine. Ait go leor tagann lagar spride den shaghas céanna orm fhéin i rith laethanta fada an samhraidh nuair a bhíonn an grian ag scoilteadh an tarmaic.

Dála na féileacháin ildaite a thagann amach, meallann teas na gréine ógmhná na h-áite amach ina sluaite in éadai éadroma sciotacha samhraidh. Agus is ansan a thagann an duairceas agus an dólas orm mar tuigim an fhíric is crúalaí de fhírinní searbha an tsaoil seo – cé go mbímidne ag dul in aois agus i mbaois, bíonn na mná óga dár ngríosadh i gcónaí. Sea, bíonn na sráideanna, na páirceanna, na tránna plódaithe leo, gach bruinneall níos aoibhne áille na an spéirbhean roimpi –
glé-ghruaigeach,
luisne-leicneach,
binn-bheolach,
síod-scornach,
crua-chíochach,
cuas-choimeach,
cuar-chromógach,
gor-ghabhlach,
luas-leasnach,
crón-chosach . . .
Úúúúúfff!!!
Agus dar ndóigh, ní thugann siad aon aird ar an ngeolbhachán beoir-bholgach le stíl ghruaige Healy-Rae ag gabháilt thart i dteannta Long John, mo jeaicín russell leath-shúileach. Ach ní thuigeann siad gur faoi chraiceann an mheánaostaigh mhenópásaigh sin, tá ógfhear fadfholtach aclaí fiáin éigeansa i jeans cneasluiteacha ag damhsa is ag bocléimt thuas ar an ardán i dteannta Rory Gallagher agus an Gormachaí Míshásta Delta Blues Band.
Anois fan go dtúinfeálfad an t-aer-ghiotár – Ding – Djang – Djang – Ding !!
Is mise rí na nGormachaí,
Is mise an t-árd-rí,
Á rá amhrán ar an ardán,
Ruaidhrí agus Mí.
Ag leadradh an aer-ghiotáir
Sean phort de chuid B.B.,
Ó bhíos óg is gan uaim ach póg
Is cion ós na cailíní.
Ach tá na ribí ag éirí gann
Is gan ‘gam ach sean-chuimhní
Ar an Rac ‘n Ról, pot is ól,
Thiar sna seascaidí.
A! bhuel, ní bhuaidhfidh sé sin aon ghradam filíochta, ach ar chuma éigin ní bhraithim chomh SAD ionam fhéinig anois.
Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs” - - - Slááán Tamall
FRC