Tuesday, December 22, 2009

An tAgóideoir Srathach

Fé ghlas ag gallaibh- na Dubhghaill sa chás seo. Ach faraoir scaoil póilíní na Danmhairge amach í tar éis oíche amháin sa chillín. Mór an trua nár chaitheadar an raicleach isteach sa phríosún is aoirde slándála , go ceann 6 mhí ar a laghad chun ceacht a leasa a mhúineadh di. Ba chóir di a bheith anseo sa bhaile ag tabhairt aire dá maicín in ionad bheith ag fágaint a coslorg spágach carbóin, is í ar falróid ar fuaid na hEorpa ag iarraidh an plainéad a shábháil.

Is í an t-agóideoir srathach ina steillbheatha í Daphne, an iníon is sine, agus máthair mo gharmhic Jack nó jAc mar a litríodh an t-ainm ar dtúis, go bhfóire Dia orainn. Aon áit ina mbíonn slua ar cíos is iad ag cantain:

"Whadda we want?
----------------* OUT

Whenna we want it?
NOW"

(*líon isteach pé rud atá ag dó na geirbe agat fé láthair)

is ann a mbíonn ár nDaphne. Ag bagairt plaicird, faghairt sna súile, i lár an aonaigh, ach amháin nuair a bhíonn camaraí na meán thart, ansan tagann sí go tosach an chathláin. Bíonn sí gléasta sa chic agóide mar a bheifeá ag súil leis; caipín alpaca ar nós Indiaigh na nAindéas, scairf keffiyeh amhail muintir na Palaistíne, éadaí athláimhe cosúil leis na crústaithe. Mothall mór dreadlocanna brocacha bréana ar a cloigeann ar nós rastas Iamáice. Bhí an ceann lom maolbhearrtha uair, nuair a cheap sí gur leisbiach ab ea í, ach níor mhair an tréimhse sin ach seal, baochas le Dia.

Bean cúise dáiríre is ea í. Ar son na córa, ar son na timpeallachta, ar son an chomhionannais, i gcoinne an chaipitleachais, in aghaidh na héagóra, i gcoinne an chogaidh. Ait go leor cé go mbionn cogaí ar siúl ar fud na cruinne, is beag spéis a léiríonn sí iontu muna mbíonn ladar ag na poncánaigh sa chúram. N'fheadar cén fáth. Is deacair coimeád suas léi mar bíonn an t-agoidí síor-siúlach. Is dócha gur sórt andúile é an t-agóideachas. Ag gabháil ó Aerfort na Sionainne go Teamhair go Ros Dumhach ina seana-vean bán de dhéanamh Transit. Agus tá an raic ghlórach mheirgeach san parcáilte taobh amuigh dár dtighne anseo in #37 “Chetwynde Downs”. Ní dath bán atá air in aon chor ach dath liath-bhán gránna, ‘wash me’ greanta ar an screamh tiubh salachair. Táim cinnte ná fuil Cumann na nÁitritheóirí ró-shásta leis an scéal.

Beidh Daphne thar n-ais ag baile amárach - fústar fúithi is í ag rith fiain tríd na sráideanna ag iarraidh a cuid siopadóireachta Nollag a dhéanamh ag an nóimeat deireannach mar is gnách léi. B’fhéidir go mbeidh an t-ádh linn agus go mbeidh sí gafa thar Nollag in aerfort uaigneach fé síobadh trom sneachta.

Maith dhom mo chuid smaointe cantalacha neamh-chríostúla ach tá strus na Nollag ag breith go géar orm.

Bah Humbug!

Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs” - - - Slááán Tamall

FRC

4 comments:

Séamas Poncán said...

Hata de chuid Iamáice, mon. Seo amhrán dá gcuid (mar dhea) agam:

http://www.youtube.com/watch?v=KTWkDYYjeS8

Dennis King said...

Ionadh liom go bhfuil sí sásta Daphne a úsáid mar ainm fós. Níl jAk go dona ar chor ar bith, dála an scéil, i gcomparáid le Moon Unit, Diva Thin Muffin, Moxie Crimefighter, Pilot Inspektor, etc.

John M O Donoghue said...

Saghas Richard Boyd Barrett í ag síor agóidíocht mar shlí beatha.

Dubhaltach said...

@ Dennis.
Beag an baol gur Daphne is ainm di i ndáirire!