Thursday, December 31, 2009

Beannachtaí na hAthbhliana

In ionad "fé shéan is fé mhaise" etc, chumas roinnt beannachtaí i gcomhair na hathbhliana.

Go raibh plúr go tiubh ar do chuid prátaí
Go raibh cúr go fras ar do chuid pórtair.
Go raibh anlann go plabach ar do chuid pasta.
Go raibh luas ar do chuid latte.
Go raibh cairde go fial i do chárta plaisteach.
Go raibh aer go teann i do chuid bonn.
Go mbua tú an lotto fé dhó.
Go dtite galar na muc is na moncaithe ar do chuid naimhde.

Nár sloga an t-inneall airgid do chárta dochair.
Nár reo do ríomhaire ar shuíomh mí-oiriúnach.
Nár bhrise do choiscín in am an phléasctha.
Nár chlise do chóras satailíte i lár na himeartha.
Nár theipe do chadhnra fóin i lár an chomhrá.
Nár lige do ghadhar tafann gan chúis.
Nár thé do chuid lipéidí as faisean

Is go soilsí Grásta Dé ar do chroí, agus ar chroí an chine daonna ar fuaid na cruinne.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - slááán Tamall.

FRC

5 comments:

aonghus said...

Ana dheas.

Go mba hé dhuit.

Dennis King said...

Go raibh maith agat! Ach...
Nár thé do chuid lipéidí as faisean
Sin rud nach dtuigim.
Nár thé do chuid lipidí, ná LDL ach go háirithe, ró-ard!

Míshásta said...

Faraoir, is baolach go bhfuil na LDLs ró-ard cheana féin. Dea-rún na hathbhliana; biaréim níos folláine.

Séamas Poncán said...

GRMMA. Agus nár theipe do thiomántán crua, ná an bogearra 'thuas chun dáta' a bhrúfar ort i mbliana...

Mise Áine said...

Go mba hé duit!