Saturday, December 12, 2009

Díoltas Dé

Bhí daoine ag clamhsán go láidir le tamall fada fén dtrácht trom a bhíodh ag gabháil trid an bpríomhshráid chúng chasta anseo i gCarrignaman. Chun an fhadhb san a réiteach thógadar seachbhóthar timpeall an bhaile. Agus sin é an dara rud atá ag teastáil ó bhaile chun a dhintiúirí cóir a thuilleamh. Bóthar Uí Ríordáin a bhaisteadar ar an mbealach nua, i ndiaidh an laoich, Dinny Reardon, cé nach dtugann éinne ach "de Byepass"air i ndáiríre.

Bhi daoine ag gearán leis mar gheall ar an easpa áiseanna nua-aimseartha siopadóireachta agus go raibh orthu taisteal trí thímpeallán i ndiaidh timpeallán chun teacht ar na hionaid mhóra a bhí ann in aice na cathrach. Thógadar Chetwynde Mall chun an phrablaim sin a réiteach. Ach ó mo léan géar cá gcuireadar an t-ionad nua ach ar an seachbhóthar. Ina theannta san thugadar cead pleanála chun óstán, ionad díolta carranna, ionad garraíodóireachta agus gach aon saghas gnó eile fud fad an bhealaigh nua. Bí ag caint ar dhroch-phleanáil. Anois tá an phríomhshráid plúctha arís le trucailí móra ag gabháil thart ina dtréada ag iarraidh scuainí na siopadóirí ar an seachbhóthar a sheachaint. "Seachain an Seach" an mana atá acu.

Ní raibh an ribín ach gearrtha, na hóráidí fadálacha féinmholtacha críochnaithe ag oscailt oifigiúil Chetwynde Mall nuair a phléasc na firmimintí, d'oscail comhlaí neimhe, agus tháinig na huiscí anuas ina slaodaibh troma, lá i ndiaidh lae, gan stad gan staonadh, gan sos gan bhriseadh go dtí go raibh an tír ina spúinse fliuch báite. D'árdaigh léibhéal an uisce in Abhann na Baoise go dtí gur chuir sí thar maoill agus tháinig na tuilte anuas ar Óstán an Riverview, Árásáin Watergate, an ionad garraíodóireachta Lakelands agus gnóthanna eile fad an bhóthair nua.

D'éalaigh an chuid is mó de Chetwynde Mall, cé go raibh an carrchlós ina linn lachan, mar tógadh ar ardán é. B'shin é an áit inar tógadh foirgintí feirme na Ríordánach. Ní chuireadh an sean-dream fiú cró asail in aon áit eile maguaird. Níor chualadar faic riamh mar gheall ar théamh domhanda na fé leá na n-oighearshruthanna ach bhí a fhios acu go raibh baol tuilte ann i gcónaí. 'The reeshk' a thug na sean-daoine ar an stríoca talún cois abhainn mar ar thógadar an seachbhóthar. Ach cheap na hinnealltóirí sár-oilte má árdaíodar na bruacha agus má chuireadar comhlái aontreo sna píopaí draenála go mbeadh an áit slán sábhailte. Mo ghraidhn iad.

B'é an t-aon duine a bhain sásamh as an díle seo, de réir dealraimh, ná an sagart paróiste An tAthair Flannigan. Díoltas Dé abhí ann dar leis, dála aimsir Naoi. Go rabhamar éirithe ró-uaibhreach mórchúiseach ocrach le linn ré ghearr an Tíogair Phlaistigh. Ní minic dom a bheith ar aon intinn leis an gCúisiúnaí Flannigan, ach sa chás seo, n'fheadar, b'fhéidir go bhfuil an ceart aige.

Uainn go léir anseo in # 37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC

4 comments:

Mise Áine said...

Pleanáil! Nó easpa pleanála?

Is léir nach ag an Tíogar amháin atá an t-ábhar plaistigh, a Mhíshásta...

aonghus said...

Ba cheart duit an ceann seo a sheoladh chuig an gComhairle Contae agus Martin Mansergh!

Ana chuir síos ar an riocht ina bhfuilimid!

ormondo said...

An raibh áirc Naoi ar an láthair - agus an Tíogar Ceilteach ann?

Séamas Poncán said...

Ní mór duit rud níos éadroime a scrúdú, a chara:
www.airguitarworldchampionships.com