Monday, November 03, 2008

CORK JAGG FEST

Os rud é go mbíonn féile nó carnabhal de shaghas éigin ag gach sráidbhaile agus crosbhóthar sa tírín íathghlas seo bheartaigh Cumann Pobail Charraig na mBan go mba chóir go mbeadh ár bhfeisteabhal féin ag an mbaile saitilíte s'againne.. Ach má bhíodar ar aon aigne faoin fhéile ní rabhadar ar aon intinn faoi cén téama a bheadh oiriúnach. Cheap Grzegorz Limonowski, úinéir na prasbhialanna "Blastburgers", gur chóir go mbeadh féile gourmet againn chun lucht an rachmais a mhealladh chugainn. Dúirt Naile Raye, bunaitheoir an bhanna snagcheoil iomráitigh "The Naile Raye Quintet", go raibh an-tóir ag daoine le pócaí teanna ar an jazz agus go mbeadh go leor bannaí ar fáil ar phinginí suaracha tar éis an Cork Jazz Fesatival. Bhí Renée Fournier, múinteor ealaíne sa phobalscoil áitiúil, go láidir den tuairim nárbh aon fhocal níos fearr ann sa bhfoclóir chun na boic saibhre a tharrac ná 'ART' i mbloclitreacha móra. Fé dheireadh thángadar ar chomhréiteach - glacadh leis na moltaí go léir agus thosnaíodar ar an JAGG Fest a eagrú. Níl daoine cinnte cad fé ndear an dara 'G' - tá (nó bhí) brí fé leith ag an bhfocal 'jag' i mbéarlagar na nÉireannach agus b'fhéidir gur cheapadar go mbeadh daoine ag fonóid faoi "JAG Fest". Ach 'sé tuairim na coitiantachta gurb é Glitterati atá i gceist leis an dara 'G' - mar sin tá ár Jazz, Arts, Gourmet and Glitteratti Festival againn. Ní féidir teideal mórluachach mar sin a sharú, ambaist.

Ceann desna príomhchúiseanna a bhí leis an bhféile ná chun Carraig na mBan a chur ar an léarscáil, mar a déarfá. Ach ní raibh na hurraí sásta leis an bplean. Duradar nár chuala éinne lasmuigh den pharóiste trácht ar Carrignaman agus ná bheadh aon cabhair airgid ar fáil muna mbeadh 'Cork' ann in a ionad. Anois tá an Budweiser Cork JAGG Fest ag teacht an deireadh seachtaine seo chugainn. Ní mó ná sásta atá an "Cork Festival" ná an "Cork Arts Fest" leis an dteideal san ach níl aon dlí ina aghaidh.

Bhí a fhios ag Renée go raibh spéis agam sa premiere langue nationale (agus bíodh a fhios agaibhse gur mó go mór mo spéis i Renée, an geabhainín binn binne Beauvois, ná i dteanga ar bith) - d'iarr sí orm leagan Gaeilge den dteideal a sholáthar. Mar is léir ó mo chuid rámhaillí anseo ní saineolaí mise ar Ghaeilge chruinn cheart, ach bhíos chun mo dhícheall a dhéanamh agus dul chun cabhair a lorg os na saoithe i nGael-Tactadh nó ar shuíomh na nDailtíni. San idirlinn bhreacas síos leagan triaileach agus thug di í is dúirt go mbeinn thar n-ais gan mhoill le aistriúchán údarásach. Thaispeáin sí m'aistriúchán sealadach don choiste ach is cosúil nár thuig éinne an Ghaolainn - ná níos measa fós níor thuigeadar an jóc. Bhí deabhadh orthu billeoga agus póstaeirí a ullmhú.

Agus mé ag teacht abhaile cúpla lá ó shin cad a chonac ar thaobh an phríomhbhóthair ach clár fógra mór millteach agus scríte air bhí

"WELCOME TO THE BUD CORK JAGG FEST
- FÁILTE GO DTÍ BOD-FHÉILE SCIG-CHEOIL, ÉIRÍ IN ÁIRDE IS CRAOSAIREACHTA CHORCAÍ"

Tá an scig-aistriúchán céanna ar na bileoga agus ar na fógraí go léir. Agus creid nó ná creid, gearán amháin ní bhfuair an coiste go dtí anois ná níor thug éinne aon cheann de go bhfios dom. Nach ait san. An é nach dtuigeann éinne an fógrá nó ná fuil suim ag éinne sa leagan Gaolainne?.
Agus anois tá imní orm - tá scanradh orm -go mbeidh an spéirbhruinneall Gallach úd, Renée, ar buile liom nuair a bheidh an phraiseach ar fud na mias.

Tá súil agam buaileadh libh go léir ag an Cork Bud Jazz, Arts, Gourmet and Glitterati Fest.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC

1 comment:

aonghus said...

Fáilte is fiche ar ais.
Cá bhfios nach mbeinn ann...