Thursday, November 13, 2008

Scrúdú Iarbháis na Féile

The Cork Jazz, Arts, Gourmet and Glitterati Fest

Bhuel, nach mbíonn ábhar gearáin ag daoine i gcónaí - iad ag tabhairt amach mar gheall ar an Cork JAGG Fest, a rá nach raibh sé ar siúl i gCorcaigh in ao' chor ach i mbaile beag anaithnid i bhfad ón lár. Go deimhin dearfa is i gCorcaigh a bhí sé - Carraig na mBan i gCondae Chorcaí. An raibh an cleamhsán céanna ag na díograiseoirí a tháinig le freastal ar Oireachtas Chorcaí, a bhí ar siúl i mbruachbhaile iargúlta Bhaile an Róistigh i bhfad ón chathair cheart. Huh! Agus cad faoi Ráschúrsa Chorcaí atá lonnaithe i Malla, breis is fiche míle ón gcathair.

Bhí díoma orm leis an líon beag daoine a tháinig le mo léacht a chlos. "The Lost Treasures of Castle Chetwynde" - mar gheall ar an gcnuasach ealaíne a cailleadh nuair a dódh Castle Chetwynde go talamh le linn na trioblóidí i dtus an chéid seo caite. Ochtar ar fad a bhí i láthair, ag cur san áireamh an seanabhean ag bun an halla a chaith an t-am go léir ag sranntarnaigh léi go séimh rithimiúil. Fiú na fóin póca a bhí ag buaileadh leo gach cuig nóimeat, níor dhúisigh as a tromnéal í . Manamandiail má bhí ochtar i láthair caithfidh go raibh a dhá oiread san móbaidhleanna mórthimpeall. Coirmcheol de jingles níos mó ná léacht aéisteitiúil ar an ealaíon a bhí againn. Bhíos díreach chun impí ar dhaoine na diail maisíní a mhúcadh nuair cad a thárla ach gur thosnaigh máirseáil bhríomhar spreagúil ag buaileadh ar ardfhuaim as mo phóca féin. Anois - buille fé thuairim:

Dadelan - Dadelan - Dadelan - Dandan -
Dadelan - Dadelan - Dadelaaadada
Dadelan - Dadelan - Dadelan - Dandan
Da - Dedela - Dada.

Sea - té sé agat ambaist - Réamhcheol William Tell le Rossini.

Níor chuir an easpa spéise i stair áitiúil na healaíona as go ró-mhór dom, mar i ndáiríre ní rabhas ach ag iarraidh imprisean a dhéanamh ar an bhFrancach mná Renée, rúnaí an choiste. Áááá! an glór mealltach san - "Ó Mí, zat ees a stchrange name you ave". Leánn sé mo chrói, an blas brothallach Gallach san.

Bhí deacrachtaí beaga ar an dtaobh gourmet den fhéile leis. Ba léir go raibh an celebrity chef Lordan Pansey ar meisce nó ar mheiscilín nuair a bhí sé ag tabhairt a thaispeántas uasal-chócaireachta. In ionad a bheith ag tabhairt íde na muc is na madraí do fhoireann na chistine mar ba nós leis ina chlár teilifíse iomráiteach; "For F---'s Sake" - thosnaigh sé ag tabhairt íde na gcearc is na gcoileach dá lucht adhartha a bhí tar éis carn áiféasach ón a gcuid cártaí plaisteacha a íoc chun a laoch a fheiscint. Bhí orthu fios a chur ar na gardaí nuair a scaoil Lordan friochtán trasna an seomra i dtreo fir bhoicht neamhurchóidigh a bhí sé de mí-ádh air cheist shimplí a chur ar ard-shagart an haute-cuisine. Dála an scéil, 'sé 'Food' atá i gceist i dteideal an chláir "For F---'s Sake" de réir dealraimh.

Bhí roinnt mion-fhadhbanna i réimse an Jazz chomh maith. Tháinig múisiam ar Naile Raye nuair nár cuireadh an Naile Raye Quintet mar phríomhghníomh ar chlár na ceolchoirme móire. Mar dhíoltas fealltach d'fhan sé go dtí an nóimeat deireannach agus ansan tharraing sé as. B'e an príomhghníomh ná The Bourbon Street Throat-singing Boogie-Woogie Band ó Ulan Bator sa Mhongóil. Bhí tionchar nach beag ag amhránaíocht scornaí na Mongóile ar Louis Armstrong mar is léir óna stíl cantaireachta. Faraoir níor ligeadh isteach sa tír an banna snagcheoil Mongólach de bharr deacrachtaí víosa ag an aerfort. D'iarr leath díobh tearmann polaitiúil ar an toirt.

In ainneoin na hicupanna beaga úd d'éirigh thar barr leis an chéad Cork JAGG Fest mar i ndeireadh na dála ná fuil sna féilte éagsúla ar fud na tíre ach leithscéal le haghaidh óil agus ragairne. Bhí na tábhairní lán go doras agus mar sin bhí na hurrai, Budweiser, breá sásta. Anois tá scata nua de phótairí óga dulta i dtaithí ar a mbréag-bheoir uiscealach leamh neamh-bhlasta. Go bhfóire Dia orainn.

Maidir le glitterati, ní raibh le feiscint de ghlioscarnaigh ach bling-bling na scangairí ó Bhloc an Phiarsaigh a bhí ag gabháilt thart go giodalach ina dtraic-chultacha lonracha agus cannaí Bud ina nglaic acu. Agus ní thabharfá glitterati ar an drong úd.

http://www.youtube.com/watch?v=0M3YFK3sJ54&feature=related
http://www.youtube.com/watch?v=ErUrPXt31vo
http://www.urbandictionary.com/define.php?term=Skanger

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC

No comments: