Thursday, November 06, 2008

Faugh a Ballagh

Is dócha gurbh é ceann desna fógraí teilí ab fhearr riamh ná na cinn faoin gceist; conas a chuirtear na figí sna rollaí - Jacob's Figrolls a bhí i gceist dar ndóigh. Ní fios go forleathan gurbh é duine desna Chetwyndes ón gceantar seo a fuair réiteach ar an dúcheist úd i dtús báire.

Cheannaigh athair Launcelot J Chetwynde coimisiún dó mar oifigeach sna 13ú Dragúin, reisimint sa Bhriogáid Éadrom d'airm na Breataine. Bhí sé ag seirbheáil faoi Iarla Cardigan le linn Cogadh na Crimé nuair a fuair an maorghinearál ordú chun ionsaí a dhéanamh láithreach ar fhorsaí na Rúise a bhí talmhaithe go daingean rompu amach. Chomhairligh an Maor Chetwynde dó gurbh amaideach ar fad an plean gan dealraimh san ach b'é an freagra mustrach a fuair sé ón gCairdigeánach ná

"Ours is not to Wonder why,
Ours is but to Do or Die"

Ambaist. Bhí bua na filiochta ag Cardigan má bhí ceird na saighdiúrachta beagáinín in easnamh. Glaoch sé amach "CHARGE" agus away leis an mBriogáid Éadrom isteach sa ghleann i gcoinne na gCosacach, cosa in airde, saibreacha ag glioscarnach sa ghrian is iad go léir ag béicigh in ard a gceann:

"Faugh a ballagh"

Ní raibh an caighdeán ar a dtoil acu de réir dealraimh. Tá an rosc catha úd le clos fós sa cheantar seo gach deireadh seachtaine tar éis am dúnta le linn bruíne - ach 'sé an leagan truaillithe atá acu anois ná -

"F---ing Bollox" (Maith dom an foclóir graosta).

De réir na tuairisce a thug an Tiarna Mac na Leadóige bhí 600 saighdiúir ar an ruathar cáiliúil úd ach i ndáiríribh ní raibh ann ach 599 mar nuair a thosnaigh an marcshlua amach, d'fhan an Maor Chetwynde mar a bhí sé, gan chorraí as. Tá se ráite sa seanchas áitiúil gurbh é a chéadchum an nath úd atá chomh coitianta i nGael-Bhéarla an lae inniu:

"Well, F--k this for a Craic" (Maith dom an chaint gharbh arís)

Ach thar n-ais ar ghort an catha - Ó! an laochas, an chrógacht, an fhuil, an slad, an t-ollmharú. Níor fhág Rúiseach ná Cosacach aon bhealach in ao' chor dóibh. Canóin ar dheis, canóin ar chlé, canóin i ngach diail áit, is iad go léir ag tormáil is ag teilgean sliogáin, urchair is gráin ar chapall is ar mharcach. Ach do leanadar leo ar aghaidh - An Bhriogáid Éadrom, go gleann an áir, isteach i gcraos an bháis, isteach i mbéal Ifrinn. Caithfidh go bhfuil dán ann in áit éigin.

B'shin deireadh le gairm Launcelot J. Chetwynde in Airm na Breataine, bhí air teitheadh chun éalú ó chúirt airm.

Agus cén baint atá ag na heachtraí seo leis an gcruacheist; conas a chuirtear na figí isteach sna rollaí? Caithfidh mé a admháil gur d'fhágas an bhealach beagáinín. Tiocfaidh mé thar n-ais lá eile leis an scéal. Ní chreidfeá é.

Anois, in am do shos beag - té agus roinnt figrolls.

http://www.nationalcenter.org/ChargeoftheLightBrigade.html
http://en.wikipedia.org/wiki/Faugh_A_Ballagh
http://www.jacobfruitfield.com/brands/figrolls/

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC

No comments: