Friday, August 24, 2007

Ceolchoirm na Stones

A leithéid de shotal; Seánie a rá liom gan a bheith ag stánadh ar mhná a bhí níba óige na m'iníonacha féin. Ní rabhas ag stánadh - bhíos ag breathnú go discréadach orthu agus conas a bheadh a fhios acu - nach rabhas ag caitheamh spéaclaí dearthóra dorcha, na cinn timfhillteacha treindí a cheannaíos go speisialta i gcomhair na hócáide. Ach chun an fhírinne a rá bhí sórt diomá orm mar ná raibh an oiread san de mhná óga friseáilte ann - matrúin aibí ar chomhaois liom fhéin don chuid is mó a bhí i láthair - iad ag iarraidh laethanta milse a óige a áthbhlaiseadh. Ach de réir mar a bhí an lá ag dul ar aghaidh agus an rac-cheol ag dul i bhfeidhm orm agus an braon ag dul siar bhí na mná úd ag éirí níos óige agus níos dathúla.

Thosnaíos ag jiveáil le bean thónach stóinsithe ón Chabhán (an chuimhin le héinne an 'jive' - á ní chuimhin is dócha). Samhlaíodh dom go rabhamar i ngrá lena chéile. Nuair a thosnaigh Mick Jagger ar amhrán mall a chanadh rugas greim docht uirthi i waltz pluc le leiceann. Ansan go hobann chuala, ós chionn an cheoil amplifeáilte, guth bagrach lastiar díom "Fan glan ó mo mháthair, a chladhaire shiúraigh mhaoil ramhair". Dar ndóigh, bá i mBéarla na mbanríon a tháinigh an bheannacht ón slataire d'fhear óg. "you sleazy fat baldy @@@@. Huh? sleazy? bhuel b'fhéidir, ach ramhar? níl ann ach maróg bheag. Agus 'maol'; tá mo chlár éadan ag culú beagaínín, sin an méid. Tháinig Seánie i gcabhair orm agus nuair a chonaic an t-uasal Oedipus na géaga tatúáilte muscalaigh chúlaigh sé go tapaidh - agus chúlaigh mise leis ar eagla na heagla.

Ach níor ligeas do eachtra bheag mar sin chuir isteach ar an lá. Ar mh'anam ach go rabhas ag baint súp as an gceolchoirm - ag racáil liom sa bháisteach agus sa láib. Tar éis tamaill níorbh é Mick Jagger a bhí ar an stáitse ach mé fhéin, i m'amhránaí agus i mo phríomh-ghiotáraí sa Gormachaí Míshásta Delta Blues Band ag leadradh mo Fender Stratocaster samhailteach:-

"Ah cahnt geht no-oh Satis-fac-shu-un,
Ah cahnt geht no ...(dan nah dan nah dah dah dah)"

Chun críoch dhramatúil a chuir leis an amhrán, thugas léim mhór as mo chorp - suas suas san aer, an dá chois scartha amach, mé ag batráil na téada. Ach ó mo léan, mo chreach, nuair a thánaig mé anuas, ní raibh na wellies ábalta gréim a fháilt ar an bhfód fliuch sleamhan, do landálas ar mo thóin, ar scaradh gamhail, cos amháin i dtreo Washington, an ghéag chlé sínte caoldíreach ar Chearnóg Dhearg Mhoscó.

Aáááééééííííóóóóúúúú!

Thug féar an otharchairr instealladh dom chun an phian dofhulaingthe a mhaolú agus sciobadh chun an A & E mé. D'fhágadadar ansan mé i measc na ndruncaérí, na ndrugairí agus dríodair na ceolchoirme. Cheapas nach mbeadh siúl na gcos agam go deo deo arís. Ach baochas le Dia, ní raibh aon damáiste fadthéarmach déanta. Chaitheadar amach mé an mhaidin dar gcionn tar éis x-gathú.

Ní raibh mórán fonn cainte ar Sheánie ar an mbóthar anuas dúinn. Is dócha nách róshásta a bhí sé le críoch anabaí gan choinne na cheolchoirme.

"Nach dúirt mé leat!" arsa Jocelyn nuair a chonaic sí mé ag bacadaíl an doras isteach.

Bhí t-léine speisíalta priontailte agam i gcomhair an tseó - "Racaire Rocach na Bliana- 2007" (nó Wrinkly Rocker mar a thabharfadh fear na Gaeltachta air) Is féidir liom a mhaíomh go raibh an teideal tuillte agam.

Ach má thiocfaidh na Stones ar cuairt arís ar oileán seo na Naomh is na nOllamh, fanfadsa aige baile agus ceannóidh mé an DVD.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC

5 comments:

aonghus said...

N�ra fada go raibh t� ar do sheanl�im ar�s.

Séamas Poncán said...

Do shean, shean léim... ;-)

Séamas Poncán said...

Alt a bhaineann le hábhar

Scott De Buitléir said...

LOL - suimiúl agus greannmhar maraon! Agus grma as ucht do thrácht ar mo bhlag Béarla - mar a dúirt mé ann, níl fonn orm 'bheith pósta go luath!

clipsal said...

na bac, ta se go maith