Thursday, August 16, 2007

Turas ó Thuaidh

Beimid ar an mbóthar ó thuaidh dé hAoine, ár dtriail ar Bhaile Shláine i gcomhair cheolchoirm mhór na Rolling Stones ar an Sathairn. B'é Seánie, athair mo gharmhic; Jack, a thug cuireadh dom dul ina theannta agus níos tabhachtaí fós b'é a cheannaigh na ticéidí. Duirt sé gur theastaigh uaidh ardú meanman a thabhairt dom tar éis tubaist Long John ach eadrainn fhéin creidim gur cheannaigh sé an ticéid do bhean éigin ar dtúis ach gur theip ar an bplean ar chúis amháin nó ar chúis eile. Ach cén dochar, caithfidh mé a admháil go bhfuilim ar bís. Féirplé do Sheánie, bhí a fhios aige go bhfuilim ag marachtaint sna seascaidí agus sna seachtóidí fós. Táim tar éis slám mór CDeanna de chuid na Stones a cheannach agus iad ag blastáil leo ar ardfhuaim de ló is d'oíche anseo san oifigín ó bhfuaireas an deascéal.

Ní rabhas ag caint anseo, nó b'fhéidir ag scríobh ba chóra dhom a rá, fé chúrsaí an teaghlaigh núicléigh anseo in #37 "Chetwynde Downs" le tamall maith mar bhí baill áirithe den ál ag bagairt gach sórt pionóis, idir dleathach is mídhleathach orm, ó bheith ag déanamh béadchaint orthu tríd an idirlíon. Ach rith sé liom ná fuil mórán seans go gcloisfidh siad faic mar gheall ar mo thuairiscí anseo ó táim ag scríobh i dteanga atá imithe in éag ainneoin bholscaireacht lucht tionscal na dteangan. Mar sin, seo liom.

Ar aon nós, mar a bhíos ag súil leis, níor fhan an "pháirtnéireacht" idir Seánie agus m'iníon Daphne i bhfad i ndiaidh theacht ar an saol dom' chéad gharmhac, jAc (sic) Cloudburst Bartholomew. D'ainneoin an ghaoil íogair eadrainn ar dtúis d'éiriomar mór lean chéile le himeacht aimsire ó bheith ag roinnt chúram Jack eadrainn. Is cuimhin liom nuair a bhuaileamar le chéile don chéad uair agus nuair a thug sé "Mí" orm gur tháinig colg orm. "Munar mhiste leat," a d'fhreagraíos go grod, " 'Mr. Watson' duitse, ní úsáideann ach cairde 'Mí' ". Ach d'iompar sé ina athair stuama freagrach. Is beag oideachas a bhí air agus ní raibh ach jabanna fánacha suaracha aige go dtí sin. Bhí post mar bhonséir i "Cloisterphobia" an club oíche áitiúil ar feadh tamaill. Ach ar mh'anam, nár thóg sé síob ar dhroim an tíogair cheiltigh ag an am caoi. Cheannaigh sé sean-thocailteoir agus chuaigh sé isteach sa bhildeál mar fho-chonraitheoir, Anois tá meaisíní breá de gach saghas agus gach tomhas aige agus foireann (Polannaigh dar ndóigh) amach ag obair ar shuíomhanna ar fuaid an chondae dó. Agus an t-airgead ag bailiú go tiubh ina gcúntaisí. Tá's agamsa óir is mise atá i bhfeighil na gcuntaisí dó.

D'fhágadar an litriú áiféisach san "jAc" nuair a thosnaigh an leanbh ag dul ar scoil agus is gnáth Jack anois é. Ach b'fhéidir gur chóir dóibh an litriú úd a choimeád chun idirdhealú a dhéanamh idir é agus an ceathrar "Jack" eile atá ar aon rang leis. Tá ceathrar "Darren" agus triúir Chloe sa rang chomh maith.

Bhí an leasainm "Tattoo" ar Seánie tráth de bharr an ghealaraí ealaíne a bhí leata ar fud a chraicinn. Ach anois agus é ina fhear gnó tá áiféala air agus tá lia léasair ag déanamh go maith astu ag iarraidh na cinn is feiceálaí a ruaigeadh. Ní chaitheann Seánie léinte le muinchillí gearra a thuilleadh ach tá súil agam go mbeidh t-léine á spórtáil aige ar an Sathairn so chugainn. Bheadh sé cool a bheith i dteannta fear agus cnuasach tatúanna á taisteáint ar na géaga aige ag ceolchoirm raic.

Anois, ó chuala Jocelynn mar gheall ar ár dturas, tá sí ag gabháilt dom;

"Ó Dhaid, caithfidh tú bheith cúramach, ná téir that fóir, tog bog é, coinnigh guaim ort fhéin"

Jocelyn, nó Lynn mar a thugann sí uirthi féin anois, sin an t-aon ball dem ochtar clainne a bhíonn cúpla nóimeat le sparáil aici anois is arís chun labhairt lena hathair.

Ná teir thar óir? le cén rud? Coinnigh guaim ort féin? Huh! canathaobh? Ní leanbh saonta mé - ní seanfhear dóite le zimmerfráma agus Alzeimers mé fós. An mbeadh sise sásta éisteacht leis an gcomhairle céanna gan iarraidh uaimse tar éis di bheith ar lár an oíche go leir in éineacht lena leannán. "Ní mór duit bheith cúramach, tá súil agam ná chuaigh tú thar fóir agus gur choinnís smacht ort féin"

Dúirt Seánie dom gur iarr sé air aire maith a thabhairt dom, ambaist. A leithéid de shotal.

Tabharfaidh mé cúntas daoibh ar an lá mór an tseachtain amach romhainn. San idirlinn caithfidh mé roinnt cleachtaidh a dhéanamh ar an aerghiotár i gcomhair na ceolchoirme. Tagaigí isteach liom sa churfá.

"I met a gin soaked, bar-room queen in Memphis,
She tried to take me upstairs for a ride.
She had to heave me right across her shoulder
'Cause I just can't seem to drink you off my mind.

It's the honky tonk women
Gimme, gimme, gimme the honky tonk blues."

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamal

FRC

1 comment:

Séamas Poncán said...

Bhuel, conas a bhí na Strolling Bones?