Saturday, September 30, 2006

Nílim im' Aonar

Á! baochas le Dia na bhFeart - nílim im' aonar. Ní tabú é a thuilleadh.Tá daoine ar fuaid na cruinne buailte ag an dtinneas céanna. Is féidir linn éalú ón gcófrá cúng dorcha anois agus damhsa gan scáth gan náire os comhair an phobail.

Tagraím do phost a sheolas blianta ó shin ar chlár plé Chumaisc, nach maireann.


"ÁBHAR TABÚ

Ba mhaith liom comhairle a fháilt ar fhadhb phearsanta - fíor-phearsanta. drochbhéas a bhíonn á chleactadh agam is mé istigh anseo im'oifigín im' aonair. Bheadh náire orm an nós sin a ardú thíos sa local. Inniu bhíos istigh im' oifigín anseo leis an doras dúnta - cheapas nach raibh éinne eile sa tigh ach mé féin. Agus ... bhíos ... is deacair dom é a admháil ... ahem ... bhíos ag seinm ar m'aerghiotár is mé ag canadh dom fhéinig;

"There is a house - djaang -
in Noo Awwleeens - djaang djaang -
they call it the Raaasin' Sun - djingininginiingining -
and it's been the rooon of many a poo' boy - djang djang -
Ah know, Ah know, Ah'm one".

Ó, an cuimhin libh an leagan úd le Eric Burdon & the Animals?, ní chuimhin is dócha, tá an ré sin dearmadta anois, thiar sna seascaidí, ré órga na mBlues agus an Rock'n'Roll.

Is cuimhin liom mise agus Rory Gallagher ar scoil ag taibhreamh ar ár dtodhcaí mar cheoltóiri ar na Blues. "A Mhí " a déarfadh Rory liom (bhí an leasainm sin orm ó bhíos ar scoil, ach sin scéal eile) "A Mhí " a déarfadh sé, "tá deachracht agam anseo le roinnt riffs, an féidir leat cabhrú liom". Agus thugas an cúnamh, dar ndóigh. Agus chuaigh Rory ar aghaidh chun a bhrionglaidí a leanúint agus chuaigh Míshásta isteach i jab sabháilte sa bhanc. Anois tá clú domhanda bainte amach ag an nGeallachóir agus "Cearnóg Rory Gallagher" ina onóir i lár Chathair Chorcaí. Agus Rory bocht ar shlí na fírinne. Ach níl aon chuimhne ar an "Gormachaí Míshásta Delta Blues Band" anois, agus an seminal influence (tionchar síolraitheach/seamhnach?) a bhí againn ar bhannaí a tháinig inár ndiaidh, agus Blues as Gaeilge á chanadh agam blianta roimh Tadgh MacDhonnagáin.


Bhíos díreach tosnaithe ar an intro do amhrán le Joe Cocker - "With a little help from my friends," nuair a thugas faoi ndeara go raibh an doras ar oscailt, agus cé a bhí in a seasamh ann ach Jocelyn is í ag gáirí. Ó No!!, gafa arís!!. (Jocelyn, ise an t-aon ball dem' ochtar clainne a bhíonn cúpla nóimeat le sparáil aici anois is arís chun cainte liom.) "Ó a Dheaid" ar sise " táir ag cleactadh ar d' aerghiotár arís". Agus d'imigh sí is í ag scigireacht is ag sciotaráil. Anois táim ró-náirithe chun an t-oifigín a fhágaint.

An mbíonn an nós náireach rúnda seo ag mórán daoine?. An galar é?. An bhfuil leighis air? An bhfuil eagraíocht mar A.A. ann chun cabhrú le daoine?. Agus cad a thárla do Eric Burdon?, bhfuil sé beo fós?, bhfuil sé ag canadh fós?"

An raibh sibh ag féachaint ar an Late Late Show oíche aréir? cad a bhí ann ach mír fé Eireannach a chuir tús le Comórtas Mheiriceá Thuaidh an Aerghiotáir. Dealraíonn sé go bhfuil a leithéid de chomórtaisí ar siúl ar an dtaobh seo den dabhach mór le fada i ngan fhios dom. Bhí an curadh domhanda ar an seó ag tabhairt taispeántas dúinn ach ar mh'anam ní raibh sé thar moladh beirte, is ní bheadh aon drogall ormsa dul in iomaíocht leis agus bheinn lán ábalta dó.

Ar aon nós tá Eric Burden and the Animals ar an mbóthar fós, creid nó ná creid, ach iad ina sean-rocairí rocacha raiceáilte fén am seo. Ach níl aon chuimhne anois ar an Gormachaí Míshásta Delta ......... ááá ....... ná dúrt é sin cheana? Caithfidh go bhfuil an aois ag fáil greim ormsa leis.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC

2 comments:

Dubhaltach said...

Chonaic mé an scéal faoi Chomórtas an Aerghiotáir ar nuacht TV3, (sé seo an saghas rud a cheapaidís go mbeadh ina nuacht príomh-ama)

ar aon nós seo nasc thíos go dtí an suíomh le mo dhuine, an curadh den chomórtas.

http://www.youtube.com/watch?v=X-IkMtICKxc&eurl=

"Hot Lixx" Ó hUallacháin an t-ainm atá air, b'fhéidir go raibh a sinsir as Corcaigh chomh maith.

Dubhaltach said...

"curadh den chomórtas" a bhí i gceist agam ar ndóigh...