Óóóóáááá!! Mo chloigeann á scoilteadh is á réabadh ag casúir agus druilirí i mbun dian-saothair istigh i lár an bhlaoisc. Ceiliúradh an oíche aréir is cúis leis na pianta dar ndóigh agus goirt láibe Átha an Rí ina luí níba isle ná a rabhadar riamh ó aimsir na Díleann i leith.
Bua iontach stairiúil eipiceach ag laochra na Mumhan a bhí ann gan aon agó. Ach cá bfhios cén torthaí gan choinne a thiocfaidh as an haidhp agus an histéir go léir atá le feiscint agus le brath ar ardáin is ar isleáin i ngach baile fearainn sa chúige ársa s’againne. Caithfidh mé a rá go raibh idir amhras agus imní á léiriú ag roinnt des na seanfhondúirí sa chlub aréir. Canathaobh? – bhuel………
Sa chéad dul síos ní mór dom a adhmháil nár imríos rugbai ó bhíos ana-óg sa bhunscoil, ná aon chluiche páirce eile ach an oiread. Mar is eol daoibh, duine intleachtúil atá ionam agus gan spéis agam ach i nithe a bhaineann leis an aigne; ard-litríocht, ceol na ngormacha, ciné noir, ealaín na Seapáine 7rl. Ach bhíos riamh im’ bhall den chlub rugbaí áitiúil cé nárbh fhuirist teacht ar chártaí ballraíochta. Conas san? Bhuel mar bhí m’athair ina bhall den chlub romham, agus ina bhall den choiste agus fiú ina chathaoirleach tráth. Agus a shean-athair roimhesean. Táimid ag caint ar Thraidisiún anseo, ambaist. Sea, is féidir linn Oidhreacht a thabhairt air nó fiú amháin - Dúchas.
Mar tá níos mó ná Club i gceist. Traidisiún sean-bhunaithe atá laistiar de dóirse ársa an chlubthí sin. Gréasán soisialta de chairde, cairde cairde, lucht aitheantais, lucht súil-aitheantais, lucht leath-aitheantais. Nascanna áisiúla a chuirfeadh ar do chumas an duine ‘ceart’ a aimsiú in am an ghátair. “Is leor nod don eolach” atá mar mhanna againn. "Cara sa chúirt" a bhíonn ag teastáil in áiteanna eile, ach anseo i gCorcaigh cois Laoi 'sé an "Cara sa Chlub" is ansa linn.
Ach tá an seana-trasidisiún san i mbaol anois leis an bhflosc chun rugbaí atá i ngach áit. Daoscarslua na sráide ag bualadh go clagarnach ar na ndoirse ag iarraidh cead isteach; cábóga an CLG agus níos measa fós; íseal-aicme agus neamh-aicme an tSacair. Ach caithfimid an fód a sheasamh, Ní ghéillfimid, No Passaran. Níl slí ann dóibh, sin a bhfuil de. Molfaimid go mbunóidís a gclub féin. Sea, sin réiteach na faidhbe. Nach shin é an cur chuige atá acu i gCathair na Sceana, ceanncheathrú an rugair sa Mhumhain?
Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs - - - Slááán Tamall.
FRC
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
No comments:
Post a Comment