Tuesday, April 04, 2006

VRÚÚM - VRÚÚM

Tagann siad amach gach bliain thart ar an am seo; uair éigin idir sceitheadh na bhfroganna agus céad ghlaoch na cuaiche (cé nach raibh aon chú-cú le cloisint sa dúthaigh seo leis na cianta). Bíonn siad ag gabháilt thart ag breacadh nótaí síos ar a gcuid clár fáiscthe, ag ullmhú dréacht-phlean 5 bliana – bíonn dréacht-phlean 5 bliana á ullmhú acu gach aon bhliain. Sin iad Lucht na mBailte Slachtmhara - an Fo-Choiste is tábhachtaí agus is postúla de chuid Chumann na n-Áitritheoirí Chetwynde Downs.

Ní réitímíd ró-mhaith lena chéile.

Níl aon tuiscint acu ar chúrsaí an dúlra. “Fiailí” a deir siadsan, “bláthanna léine” a deirimse. “Ná fuil a fhios agaibh cé chomh tábhactach is atá an caisearbhán mar fhoinse neachtair dos na beacha agus dos na féileacháin”. Cuireann siad i mo leith go bhfuil síolta fiailí ónár ngáirdínse ar foluain soir agus siar agus ag paraisiútáil anuas ar gach bláth-cheapach san eastát tré chéile; idir Chetwynde Downs, Chetwynde Dales agus Chetwynde Meadows. Deir siad go bhfuilim ag truailliú na háite.

“Truailliú” – agus is iadsan na daoine a bhíonn ag spreagadh gach éinne chun cogadh ceimiceach a fhearadh ar aon chréatúir sé-chosach a bhíonn sé de mhí-ádh air taisteal tríd. Bíonn níos mó ceimicí nimhneacha á spréáil thart anseo gach samhradh ná an agent orange go léir a scaip na Fórsaí Meireacánacha le linn cogadh Vítneam. Aon nóinín ar thaobh an chosáin a nochtann a aghaidh don ghrian, daortha chun báis ar an toirt - - ZAAAP!!!.


Truailliú, mar dhea, agus cad faoi truailliú fuaime?. Gach deireadh seachtaine as seo amach beidh an galar tógálach tolgtha ag gach éinne. Chomh luath is a thosnaíonn an chéad VRRÚÚÚM-VRÚÚÚM-VRÚÚÚM beidh gach mac máthar amach le lomairí, gearrthóirí, struimirí is iad ag lomadh is ag bearradh, ag gearradh is ag struimeáil ó moch déanach, gan sos gan stad, gan stop gan staonadh. Innil leictreacha is peitril, 2-stróic, 4-stróic, stróic teasa. Iad go léir in iomaíocht lena chéile chun an fothram is áirde agus is gránna a chruthú. Bíonn an torann níos measa ná dosaen scairdeitleáin ag eitilt os cionn na díonta. Agus is iadsan na daoine a bhíonn ag tabhairt amach faoin amhastraíl a bhíonn ar siúl ag mo Jeaicín Russell bocht; Long John.

Chun déileáil le Fo-Choiste na mBailte Slachtmhara, chuireas fógra suas; “Tearmann Fiadhúlra anseo, Crios Saor ó Cheimicí”. Ach faraoir, táim i dtrioblóid anois le dream eile - an Fo-Choiste Pleanála de Chumann na n-Áitritheóirí, mar nách bhfuaireas cead oifigiúil ón gComhairle chun an fógra a chrocadh sa chéad áit. Is deacair na dreamanna sin a shárú.

Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs” - - - Slááán Tamall

FRC

2 comments:

Séamas Poncán said...

Muise, truailliú, mar dhea.

Micheál Ó Měchúra said...

Slachmhar = leadránach.