Sunday, April 02, 2006

Ní mise Raifteirí

Mise Raifteirí

le Antoine Ó Raifteiri (1784 - 1835)

Mise Raifteirí, an file,
lán dóchais is grá
le súile gan solas,
ciúineas gan crá,
ag dul síos ar m'aistear
le solas mo chroí,
fann agus tuirseach
go deireadh mo shlí;
féach anois me
lem' aghaidh ar Bhalla
ag seinm cheoil do phócaí folamh'.

Mo leagan féin:

In omós do Raifteirí

le Charles P. Watson

Is mise Míshásta,
éadóchas dom' chrá,
ag scimeáil an ghréasáin
gach oíche is lá.

Ag dul chuig an tábhairne
le solas im' chroí
Ach an mhaidin dár gcionn
i ndubh-ísle brí.

Is féach anois mé
m'aghaidh le scáileán
na focail a scríobhaim
ag eitilt le fán.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC

2 comments:

Micheál Ó Měchúra said...

Tá scoth na litríochta á chleachtadh agat anseo a Mhíshásta, bail ó Dhia ort.

aonghus said...

gura fada buan do mhíshastacht!

N'fheadar an fillfidh Mrs Pender chun duet nó dhó eile a dhéanamh leat?