Friday, January 20, 2012

CIONN TSÁILE CIOTRÚNTA

Bhuel seo liom arís tar éis sos fada. Nach mise an blagadóir saothrach treallúsach? Agus cad a mheall thar n-ais mé go dtí gort bán tréigthe seo bhlag an Chetwynder? Is oth liom a rá go bhfuilim buailte go dona fé dheireadh ag galar marfach olltógálach san na nGaeilgeoirí, nó b'fhéidir breoiteacht na bhfoghlaimeoirí ba chirte a rá. Agus cad é go díreach atá ag dó na geirbe agam? ag coimeád ó chodladh sámh brionglóideach na hoíche mé? Faillí an rialtais i leith na ngaeltachtaí (bíodh siúd fíor, breac nó bréagach)? ganntanas leabhar Gaeilge sna scoileanna?' peaca marfach do-mhaite an bhéarlachais?. Ní hea, ach drochchaighdeán na Gaeilge ar chomharthaí poiblí. Anois, ná habair é, tá a fhios agam nach mise an fear ceart chun bheith ag caitheamh na gcloch i lár an tí gloine ghramadaí agus gan aon chlúdach árachais fiú ar an ngrianlann céanna. Is léir óm' chuid scriobálaithe leath-liteartha anseo nach aon ábhar múinteora mise, dhera, is ar éigin a fuaireas pas bunúsach i nGaelinn san árd-teist na deichbhlianta fada siar.


Cúpla geábh a thugas ar cheanncheathrú turasoíreachta chósta an deiscirt le déanaí is cúis le ráig bhreoiteacht na gaeilgeora ionam. Cionn tSáile, príomhbhaile gourmet na hÉireann, dar leo féin, nó "gluttony capital of Ireland" mar a thugann daoine áirithe air. Baile gustalach ardnósach, caladhphort ársa stairiúil, so-luamhanna daorluachmhara ag snámh go sámh sa mhuiríne (cuid acu i lámha NAMA anois, ach sin scéal eile). Ceann des na machairí gailf is daoire sa tír in aice láimhe. Baile cultúrtha le féile ealaíne, cór claisiceach, cumann drámaíochta, cumann staire,agus n'fheadar cad eile. Baile a rug an chraobh leo i gcomórtas na mbailte slachtmhara agus san Entante Florale. Pobalscoil a bhuaigh comórtas na heolaithe óga roinnt uaire. Gaelscoil ann dar ndóigh. Agus mar dhlaoi mhullaigh ar an cáillaíochtaí seo go léir is Baile Oidhreachta oifigiúil é.




Ach cad sa diail a thárla don phobal dea-oillte léannta soifisticiúla ardchultúrtha seo nuair a bhí duine ag teastáil chun a gcuid comharthaí poibli a dhearadh. Féachaigí:






Multose Naofa? ambaist. Nach gceapfá go mbeadh siad in ann ainm Gaelach an naoimh ársa seo a aimsiú in ionad an leagain fhíor-thruaillithe úd. Ní cuimhin liom an t-ainm i gceart, ach rud éigin mar Eilit nó Eiltin é. Tagann Multose ó "Mo elte óg" is cosúil.








Fágaim fúibh féin na botúin a aimsiú. Ach seo ceann ana-mhaith:
N'fheadar cérbh í an Fíona seo, an raibh sí gaolta leis an Multose gallda naofa. Agus cérbh é an fear mistéarach seo:




Is dócha gur "Dún Chathail" a bhí i gceist acu. Bhí Charles Fort ainmnithe i ndiaidh Mhonarc Meidhreach an Reistiréisin, Charles II, nó Séarlais II mar a thug na Gaeil air. Níor chuala riamh fé Rí Cathal II. Ach tá an rí seo nach raibh riamh ann ar chomharthaí costasacha fud fad Chionn tSáile. Chun cur leis an manglam Béailge seo tá na comharthai seo a leanas le feiscint ar aon láthair amháin in aice le príomh-gheata an dúin ársa:








Comhghairdeachas leis an OPW, an t-aon dream a raibh sean-ainm Gaelach an dúin "Rinn Chorráin" acu.


Súil agam gur bhaineabhair taitneamh as an siúlóid oidhreachta gearr seo trí phríomhbhaile neamhliteartha na tíre. An bhfuil a sárú le fáil? Ní dóigh liom é. Fiú amháin i gCathair Chorcaí, mar ar thángadar suas leis an tseoid seo de aistriúchán ar an "English Market" - "Béarla sa Mhargadh" - dáiríre píre.




Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs - - - Slááán Tamall


FRC

8 comments:

aonghus said...

Ós rud é go bhfuil tú buailte ag an ngalar, b'fhiú duit na nithe úd a chuir faoi bhráid an Coimisinéir Teanga.

Leasaíodh fógraí i mBÁC de bharr clamhsán a cuireadh chuige.

Dennis King said...

Tig leat difríocht a dhéanamh!

ormondo said...

Táim ag ceapadh go n-íoctar as na comharthaí céanna. Nach bhfuil aon rialú cáilíochta i bhfeidhm?

Réaltán Ní Leannáin said...

beagnach chomh holc le haerfort Átha Cliath, go deimhin!

Michal Boleslav Měchura said...

Ó, ná luaigh Aerfort Átha Cliath! "Ardaitheoin" agus mar sin de! Cúis gáire dom an áit gach uair agus mé ag dul tríd!

Mr,Reekado said...

Cuirimid iasachtaí ó 250,000.00 go 250,000,000.00. Max, ní mór dúinn a iontaofa, éifeachtach, go tapa agus dinimiciúil, gan aon seiceáil creidmheasa agus a ráthú 100% iasachtaí coigríche.

Agus is é táillí ar ár n-iarratas ach an suim an ráta malairte (250 USD) Is 3% na n-iasachtaí iomlán, má tá suim agat a fháil ar ais chugainn trí tú. reekadorosey07@gmail.com

Go raibh maith agat,
Rosie Reekado

Ulla Lindström said...

Dia duit, ba mhaith liom mo theastas iontach a roinnt Tar éis dom a bheith i gcaidreamh le Fear céile ar feadh na mblianta, bhris sé liomsa, rinne mé gach rud ab fhéidir chun é a thabhairt ar ais ach bhí gach rud neamhbhalbh, theastaigh uaim é ar ais go mór mar gheall ar an ngrá atá agam dó, ghuigh mé air gach rud, rinne mé gealltanais ach dhiúltaigh sé. Mhínigh mé mo fhadhb do mo chara agus mhol sí gur chóir dom teagmháil a dhéanamh le caster litrithe a d'fhéadfadh cabhrú liom seal a chaitheamh chun é a thabhairt ar ais ach is mise an cineál nár chreid riamh i seal, ní raibh aon rogha agam ná é a thriail, I chuir sé ríomhphost chuig an caster litreach, agus dúirt sé liom nach raibh aon fhadhb ann go mbeidh gach rud ceart go leor roimh trí lá, go bhfillfidh mo shean-fhostóir orm roimh thrí lá, chaith sé an seal agus go hionadh ar an dara lá, bhí sé thart ar 4 pm. D'iarr mo sheanóir orm, chuir mé ionadh orm, d'fhreagair mé an glao agus dúirt sé go raibh sé chomh brón orm as gach rud a tharla gur theastaigh uaim filleadh air, go bhfuil grá agam dom go mór. Bhí mé chomh sásta agus chuaigh mé chuige a bhí mar a thosaigh muid ag maireachtáil le chéile go sona sásta arís. Ó shin i leith, thug mé gealltanas go mbeadh aon duine a bhfuil fadhb ghaoil ​​agam leis, ba mhaith liom cabhrú leis an duine sin trí é a atreorú chuig an aon caster litreach fíor agus cumhachtach a chabhraigh liom le mo fhadhb féin. ríomhphost: babaidadawiseman01@gmail.com
 is féidir leat ríomhphost a chur air má theastaíonn a chúnamh uait i do ghaol nó i gCás ar bith eile.

Spells Grá
Airgead maith a thuilleamh nó crannchur a bhuachan.
Rath a bhaint amach i gcúrsaí gnó.
Fadhbanna spioradálta.
Buail cás cúirte.
Cuardaigh do pháirtí saoil.
Faigh post atá íoctha go maith.
Faigh smacht ar do phósadh.
Faigh fabhar agus mealladh daoine ó dhaoine.
Faigh airgead ar ais caillte.
Cneasaigh tú gach galar. curable agus incurable araon.
Réitigh fadhbanna toirchis agus beannaigh tú le leanaí srl.

Déan teagmháil leis an bhfear iontach seo má tá fadhb ar bith agat le réiteach buan
trí babaidadawiseman01@gmail.com
WhatsApp: +2348136951551
Viber: +2348136951551

Go raibh maith agat níos déanaí

nira shalom said...

Dia duit, Nira is ainm dom. Bhí mé i gcaidreamh le Anderson ar feadh na mblianta, ach bhris sé suas liom. Rinne mé gach rud a d'fhéadfainn é a fháil ar ais, ach bhí sé ar fad in vain. Theastaigh uaim ar ais go mór é mar gheall ar an ngrá atá agam dó. D'impigh mé air le gach rud, rinne gealltanais, ach dhiúltaigh sé. Mhínigh mé mo fhadhb do mo chara, agus mhol sí dom dul i dteagmháil le caster litrithe a d'fhéadfadh cabhrú liom seal a chaitheamh chun é a thabhairt ar ais. Cé nár chreid mé riamh i geasa, ní raibh aon rogha eile agam ach é a thriail. Mar sin chuir mé ríomhphost chuig an caster litrithe, agus dhearbhaigh sé dom go mbeadh gach rud go breá i dtrí lá, agus go dtiocfadh mo shean-duine ar ais chugam. Ionadh, tharla sé ar an dara lá timpeall 4 pm. Ghlaoigh mo sheanfhear orm, ghabh sé leithscéal as gach rud, agus dúirt go raibh sé ag iarraidh filleadh orm mar go raibh an oiread sin grá aige dom. Bhí mé chomh sásta agus chuaigh mé ar ais chuige. Thosaigh muid ag maireachtáil le chéile go sona sásta arís. Gheall mé d'aon duine a bhfuil aithne agam air a bhfuil fadhb caidrimh acu go ndéanfainn iad a tharchur chuig an té a bhí fíor agus cumhachtach amháin a chuidigh liom le m'fhadhb. Má theastaíonn a chabhair uait, is féidir leat ríomhphost a chur chuige ag babawalewiseman01@gmail.com Cuireann sé cineálacha éagsúla geasa ar fáil, lena n-áirítear geasa grá, geasa grá caillte, geasa colscartha, geasa pósta, geasa ceangailteach, geasa a bhriseadh, cosc a chur ar ghaolta ón am atá thart. , geasa cur chun cinn oibre, geasa sásaimh, agus leigheas ar aon ghalar atá ort. Déan teagmháil leis chun réiteach buan a fháil ar aon fhadhb a d’fhéadfadh a bheith agat.
via babawalewiseman01@gmail.com WhatsApp +2348136951551 viber: 2348136951551