Wednesday, December 22, 2010

Crann Nollag




“No way!

Dhiúltaíos scun scan dó gan leisce ar bith.

“Sin é mo jabsa, ná fuilim ag cur an crann suas gach bliain ó bhíobhair in bhur gcuid clúidíní.”

Bhíos - is gan mhórán baochais ó éinne – Ethyl ag clamhsán gach bliain gur fhágas níos mó bruis agus salachair timpeall an tseomra ná mar a d’fhágfadh foireann tógálaithe tar éis an simné a dheisiú.

Jonathan a bhí ag tairiscint lámh chúnta leis na maisiúcháin. Jonathan (nó Seánán mar a thugann sé air féin agus é i mbun gaeilgeoireachta) an mac aerach.

“Á! Fadhb ar bith” ar seisean, “cuirfidh mé ceann eile san halla, bíonn dhá nó trí chinn in ana-chuid tithe sa lá atá inniu ann. Ba bhreá liom dearadh comhaimseartha a thriáil”

“Comhaimseartha ambaist?” arsa mise, “níl aon spás ann aimsir na Nollag do rudaí nua-aimseartha, féile thraidisiúnta amach is amach is ea í.”

Dar ndóigh, lean comhrá fada fadálach tuirsiúil ar cé chomh fíor-thraidisiúnta nó bréag-stairiúil is atá nósanna na hAidbhinte.

Ansan luíos isteach ar an obair – ag tomhas, is ag dian-scrúdú, is ag roghnú, is ag sacadh isteach sa bhút, is ag trimeáil agus (an jab is deacra ar fad) ag caitheamh dhá uair a chloig ag iarraidh an diail crann a chuir ina sheasamh ceart díreach. Anois na soilsí, thanamandiail, na sreanganna a dhí-achrannú, na bolgáin chaite a athrú. Bhíos ag seasamh siar le breathnú ar an dea-obair chríochnaithe nuair a bhuail Jocelynne an doras isteach. Jocelynn, nó Lynn mar a thugann sí ar féin anois, an t-aon bhall dem ochtar áill a bhíonn cúpla nóimeat le sparáil aici chun caint lena Daid anois is arís.

“Ó! A Dhaid!” tón doicheallach mí-shona ar a beola.

Cad atá céarr? A dh’fhiafraíos di.

“Na soilsí?, cé mhéad seiteanna atá agat ansan.”

“Arra! Níl ann ach trí chinn. Dá mhéid is ea is fearr”

“Agus tusa a bhí ag gearán fén seó gáiréadach a chuir Clifden suas ar an díon roinnt blianta ó shin. Féach nílid ag maitseáil – tá na dáthanna ag claiseáil lena chéile. Agus na maisiúcháin ghránna sean-chaite san, ba chóir duit iad a chaitheamh sa bhrúscar i dteannta an tinsel. Níor fhaca mé tinsel in aon bhall le blianta ach amháin sa tigh seo. Ní féidir an crann bocht féin a fheiscint in ao’ chor leis an ualach mór de ghuirléidí gáifeacha graosta atá á iompar aige.”

Huh! A leithéid de shotal. Nílid go léir sean-chaite. Ceannaím cinn nua gach Nollaig agus cuirim leis na seana-lads iad.

“Féach ar seo” arsa mise léí, ag baint maisiúchán ón gcrann, seana-cháirrín gan rotha, “fuaireas é seo sa stoca nollag agus mé im’ gharsún óg.” Ní rabhas in ann an tocht a cheansú. “Taispeántas ar na Nollaigí atá caite atá sa chrann seo.”

“Agus nár chuala an scéal céanna uait gach Nollaig ó bhí mise im’ ghearrchaile óg” ar sise.

Á! Ní thuigeann an t-aos óg fíor-spioraid na féile a thuilleadh.



Bhuel, a léithéid de ‘Úúúaanna’ is Áááánna’ os na cuairteoirí, nuair a chonacadar an crann, níor chualaís riamh.

Ó! “Tá sé taibhseach” “An samhlaíocht chruthaíoch” “Saothar ealaíne uathúil” agus mar sin de.

Faraoir ní hé mo chrannsa a bhí i gceist ach an ceann a chuir Jonathan sa halla. Ní thuigim cad a chonacadar ann mar ba chosúla le tor aitinn searg feoite é ná le cóiniféar síorghlas. Cuma lom fuar truacánta ar an gcóiriú. Soilsí liathghorma galracha. Agus na maisiúcháin – is ar éigin a bhíodar ann in ao’ chor. Póiríní suaracha gan dealramh, iad ar aon dath – liathbhán. Thanamandiail! Liathbhán? – tá Oíche Shamhna thart, caithfidh dearg a bheith ann le haghaidh na Nollag.

“Dá gainne is ea is fearr” a dúirt Jonathan, nuair a chuireas ceist air fés na maisiúcháin. “Tá mé ar tóir íomhá íostaigh

Ach nuair a shroich na daoine an seomra suí cad a bhí le rá acu. “Uuum! Tá an crann san....aaam go deas” “Tá sé....tá sé dathach” “Is cosúil gur chaithis go leor ama ar an gcóiriú”

Á! Is cuma sa tsioc liom, tagann Nollaigí agus imíonn siad. Táim i bhfolach istigh im’ oifigín cluathar anois ag surfáil liom ar dtonnta mór-leathana an idirlín. Mar is eagal liom, má chloisfidh mé cuairteoir amháin eile sa halla ag caint ar ‘shaothar ealaíne’, go gcaithfidh mé amach an doras é agus an saothar taibhseach uathúil de thor aitinn ina dhiaidh.

Bah Humbug, mar a déarfadh fear na gaeltachta.

Uainn go léir anseo in #37 Chetwynde Downs - - - Slááán Tamall

FRC

5 comments:

Dennis King said...

“Dá gainne is ea is fearr” a dúirt Jonathan

Rinne mé moill bheag ar an abairt seo, toisc go bhfuil mé ar aon intinn le Seánán, agus toisc gur thaitin an múnla seo riamh liom. Thug mé faoi deara ansin go bhfuil ‘h’ amháin ar iarraidh. Agus, bhuel, feicim go bhfuil FRC ag deireadh na blagmhíre, mar sin is dóigh liom go bhfuil cead agam feidhm a bhaint as “coigeartú-in-ionad-recte”, an comhartha beachtaíocht nua agam:

coigeartú: dá ghainne

Dála an scéal, tá mé cinnte go bhfuil do chrann go hálainn!

aonghus said...

Bah humbug ambaist....

Séamas Poncán said...

Bhíodh cogaí na tinsile againn blianta ó shin, mar ní raibh éinne ach mise sásta ribe amháin a chur ar an gcrann ceann i ndiaidh a chéile. I ndeireadh na dála, ní raibh cead ag éinne ach agamsa an tinsel a chur ar an gcrann. Ansin, d'éirigh tinsel gann sna siopaí. Anois, tá cúpla pacáiste dúnta agam de, agus mála plaisteach den stuif a shábháilim ó bhliain go bliain. Ní throidimid mar gheall air níos mó, déanaim mo chion agus bíonn an crann go hálainn (agus plódaithe le soilsí is maisiúcháin...). Nollaig shona do mhuintir CD!

Mise Áine said...

Seoladh agus blag nua agam, a Mhíshásta, más mian leat mo rámhaillí féin a léamh :-)

Tá Mise Áine faoi ghlas/mhíchumas ag Google ar fáth éigin, agus táim anois ag http://ramhaille.blogspot.com, mo bhlag nua.

Súil agam go bhfaighidh tú, ahem, sástacht, ó am go chéile, i 2011!

Dubhaltach said...

Aon scéal a Mhí. 2011 atá ann dála an scéil!