Friday, January 20, 2012

CIONN TSÁILE CIOTRÚNTA

Bhuel seo liom arís tar éis sos fada. Nach mise an blagadóir saothrach treallúsach? Agus cad a mheall thar n-ais mé go dtí gort bán tréigthe seo bhlag an Chetwynder? Is oth liom a rá go bhfuilim buailte go dona fé dheireadh ag galar marfach olltógálach san na nGaeilgeoirí, nó b'fhéidir breoiteacht na bhfoghlaimeoirí ba chirte a rá. Agus cad é go díreach atá ag dó na geirbe agam? ag coimeád ó chodladh sámh brionglóideach na hoíche mé? Faillí an rialtais i leith na ngaeltachtaí (bíodh siúd fíor, breac nó bréagach)? ganntanas leabhar Gaeilge sna scoileanna?' peaca marfach do-mhaite an bhéarlachais?. Ní hea, ach drochchaighdeán na Gaeilge ar chomharthaí poiblí. Anois, ná habair é, tá a fhios agam nach mise an fear ceart chun bheith ag caitheamh na gcloch i lár an tí gloine ghramadaí agus gan aon chlúdach árachais fiú ar an ngrianlann céanna. Is léir óm' chuid scriobálaithe leath-liteartha anseo nach aon ábhar múinteora mise, dhera, is ar éigin a fuaireas pas bunúsach i nGaelinn san árd-teist na deichbhlianta fada siar.


Cúpla geábh a thugas ar cheanncheathrú turasoíreachta chósta an deiscirt le déanaí is cúis le ráig bhreoiteacht na gaeilgeora ionam. Cionn tSáile, príomhbhaile gourmet na hÉireann, dar leo féin, nó "gluttony capital of Ireland" mar a thugann daoine áirithe air. Baile gustalach ardnósach, caladhphort ársa stairiúil, so-luamhanna daorluachmhara ag snámh go sámh sa mhuiríne (cuid acu i lámha NAMA anois, ach sin scéal eile). Ceann des na machairí gailf is daoire sa tír in aice láimhe. Baile cultúrtha le féile ealaíne, cór claisiceach, cumann drámaíochta, cumann staire,agus n'fheadar cad eile. Baile a rug an chraobh leo i gcomórtas na mbailte slachtmhara agus san Entante Florale. Pobalscoil a bhuaigh comórtas na heolaithe óga roinnt uaire. Gaelscoil ann dar ndóigh. Agus mar dhlaoi mhullaigh ar an cáillaíochtaí seo go léir is Baile Oidhreachta oifigiúil é.




Ach cad sa diail a thárla don phobal dea-oillte léannta soifisticiúla ardchultúrtha seo nuair a bhí duine ag teastáil chun a gcuid comharthaí poibli a dhearadh. Féachaigí:






Multose Naofa? ambaist. Nach gceapfá go mbeadh siad in ann ainm Gaelach an naoimh ársa seo a aimsiú in ionad an leagain fhíor-thruaillithe úd. Ní cuimhin liom an t-ainm i gceart, ach rud éigin mar Eilit nó Eiltin é. Tagann Multose ó "Mo elte óg" is cosúil.








Fágaim fúibh féin na botúin a aimsiú. Ach seo ceann ana-mhaith:
N'fheadar cérbh í an Fíona seo, an raibh sí gaolta leis an Multose gallda naofa. Agus cérbh é an fear mistéarach seo:




Is dócha gur "Dún Chathail" a bhí i gceist acu. Bhí Charles Fort ainmnithe i ndiaidh Mhonarc Meidhreach an Reistiréisin, Charles II, nó Séarlais II mar a thug na Gaeil air. Níor chuala riamh fé Rí Cathal II. Ach tá an rí seo nach raibh riamh ann ar chomharthaí costasacha fud fad Chionn tSáile. Chun cur leis an manglam Béailge seo tá na comharthai seo a leanas le feiscint ar aon láthair amháin in aice le príomh-gheata an dúin ársa:








Comhghairdeachas leis an OPW, an t-aon dream a raibh sean-ainm Gaelach an dúin "Rinn Chorráin" acu.


Súil agam gur bhaineabhair taitneamh as an siúlóid oidhreachta gearr seo trí phríomhbhaile neamhliteartha na tíre. An bhfuil a sárú le fáil? Ní dóigh liom é. Fiú amháin i gCathair Chorcaí, mar ar thángadar suas leis an tseoid seo de aistriúchán ar an "English Market" - "Béarla sa Mhargadh" - dáiríre píre.




Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs - - - Slááán Tamall


FRC

5 comments:

aonghus said...

Ós rud é go bhfuil tú buailte ag an ngalar, b'fhiú duit na nithe úd a chuir faoi bhráid an Coimisinéir Teanga.

Leasaíodh fógraí i mBÁC de bharr clamhsán a cuireadh chuige.

Dennis King said...

Tig leat difríocht a dhéanamh!

ormondo said...

Táim ag ceapadh go n-íoctar as na comharthaí céanna. Nach bhfuil aon rialú cáilíochta i bhfeidhm?

Réaltán Ní Leannáin said...

beagnach chomh holc le haerfort Átha Cliath, go deimhin!

Michal Boleslav Měchura said...

Ó, ná luaigh Aerfort Átha Cliath! "Ardaitheoin" agus mar sin de! Cúis gáire dom an áit gach uair agus mé ag dul tríd!