Saturday, February 24, 2007

Are you a Man or a Geek?

Are you a Man or a Geek?

B'shin an cheist a chuirtí ar fhear óg anaithnid ag aonach nó ag margadh nó ag patrún i dtúis na naoiú aoise déag. Ba ag na cruinnithe san a bhíodh an cleathadh cloigne agus cnagarnach cnámha núair a bhí an cultas chomrac facseanaíochta i mbarr a réime. Bhí míchlú agus mícháil ar fud chúige Mumhan ar an dá bhuíon naimhde ón dúthaigh seo, na Mans; tionóintí de chuid na Penderhursts i gCarraig na mBan agus daoine gaolta leo ar thaobh amháin agus na Geeks, tionóintí desna Chetwyndes i mBaile na gCíoch, don chuid is mó, ar an dtaobh eile. http://chetwyndedowns.blogspot.com/2006/08/ballyna-wha-geek.html
Chun an dortadh fola a staonadh dhein na tiarnaí talún úd iarracht an naimhdeas a threorú ar bhealach sportúil - bhunaíodar dhá fhoireann iománaíochta. Ach mo léir, ba mharfaí agus b'fhuiltí camán i lámha Man nó Geek na bata droighin nó cleith ailpín. Fé dheireadh, tháinig sagart paróiste óg fuinniúil an tAthair Thundering Tom ar an stáitse agus chuir sé cosc iomlán ar an bhfaicseanaíocht. http://chetwyndedowns.blogspot.com/2006/06/doing-banown.html D'aontaigh sé an dá bhuíon i bhfoireann amháin; the Geekman Rovers, D'éirigh go seoigh leo ar feadh tamaill, bhuadar craobh an chondae cúpla uair.

Ach ansan tháinig scoilt Pharnell agus d'athadhnadh an sean-naimhdeas, na Geeks are thaobh na Parnellítigh agus na Mans ar an mbruach eile. Le gach deighilt a thárla i stair na tíre ó shin i leith, cuireadh an lasóg sa bharrach arís agus bhíodh bruíon agus achrann idir an dá dhream. I 1914, d'fhan na Geeks le hÓglaigh na hÉireann, chuaigh na Mans leis na hÓglaigh Náisiúnta, ag marsáil leo go dtí trinsí fuilteacha an áir i bhFlandras. Le linn Cogadh na gCarad, thaobhaigh dream amháin le Dev, an cleas eile leis an gCoileánach. Sna seascaidí bhí na Mods is na Rockers ann, lucht leanúna na seó-bhannaí i gcoinne lucht éisteachta na ngrúpaí bailéidí agus mar sin de.

Sna seachtóidí agus sna hochtóidí tháinig fás thar chuimse ar an gceantar; mar a mbíodh páirceanna glasa, anois bhí eastáit tithíochta galánta ag borradh ar ísleán agus ar ardán, bhí baile saitilíte fuadrach in ionad sráidbhaile beag tuaithe agus an rud is tábhachtaí ba líonmhaire i bhfad lucht séidte isteach ná na sean-áitritheoirí. Ceapadh ag an am go mbeadh deireadh leis an sean-fhaltanas leis an gclaochlú pobail seo ach in ainneoin gur bheag an spéis a léirigh na nua-phlandóirí i stair agus traidisiúin na háite bhí gné amháin den sean-dúchas a mheall scata mór den aos óg agus b'shin an deighilt fhuilteach idir na Mans agus na Geeks.

Anois bíonn na Mans ag tabhairt tacaíochta do - á! tá a fhios agat - Man Utd.: na Geeks ag canadh 'Liverpool, Liverpool, Liverpool'. Bíonn na Mans ag éisteacht le Gansta Rap agus na Geeks le Miotal Trom, nó pé diail stíl atá i bhfaisean acu fé láthair. Agus bíonn eagla ar tuistí sna eastáit meán-aicmeacha i BallynaGeek a pháistí a ligint isteach go dtí lár an bhaile i Carraignaman mar a mbíonn scangairí na dtithe comhairle, ina dtraic-chultacha cochaill lonracha, ag feitheamh i luíochán orthu, díreach mar a bhíodh a sinsir riamh rompu.

Aréir bhí scliúchas taobh amuigh de cheanncheathrú na nGeeks i gclub rugbaí na Chetwynde Cheetas, nuair a thosnaigh scata scóbanna de chuid na Mans ag agóidíocht i gcoinne chanadh 'God save Her Majesty' ar fhód beannaithe Pháirc an Chrócaigh. Chuirfainn geall nach raibh duine acu riamh ar Chnoc 16, is go dtí Old Trafford nó Parkhead a bhíonn a dtriall de gnáth. Ach má bhíonn cúis chomraic uait..........bhuel - aon leithscéal.

Dar ndóigh chuir na hainmneacha baoth-ghallda, Mans agus Geeks, olc ar Ghaeilgeoirí riamh ach nílim chun puinn a rá mar gheall ar seo. Ní fada ó shin ó thug máistear scoile anseo na Dolls is na Titties orthu, fuarthas a chárr tré thine tamall ina dhiaidh.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - Slááán Tamall

FRC

http://beo.ie/clar_ple/index.php

No comments: