Thursday, November 09, 2006

Stíleanna Gruaige

Ar mh'anam, ach ná fuil folt fial fileata ar cheann Louis (de Poet) de Paor, dlaoithe rua-órga ina slaodaibh ar sileadh leis. Nach rómánsúil go deo an iomhá atá aige - bí ag caint ar chúl!.

Ach fan, ar chualabhair an ráfla atá ag gabháilt thart?.... dúirt bean liom go ndúirt bean léí gur chuala sí gruagaire......táthar á rá......... an dtuigeann tú leat mé.....bhuel, deirtear go bhfuil an Paorach chomh lom maol le blaosc uibhe agus gur peiriúic atá á chaitheamh ag bard na Laoi. Anois féachaigí go géar cruinn ar a phortráid ar shuíomh an Gaelic Shit Factory http://www.johnspillane.ie/gaelic_hit_factory/
- iniúchaigí an líne idir an ghruaig agus an clár éadain - hhmmmhhh!

Agus a chomhbhádóir, John 'An Speal' Spillane - braithnigí
http://www.beo.ie/?page=cuinne_na_nealaion&content_id=219
- ááá! nach deas dathúil an cúpla iad. Agus mothall ciardhubh trilseach triopallach ag John. Ach conas gruaig chomh dubhdhorcha fós ag an Speal, ní haon bainbhín é fén dtráth seo bíodh a fhios agaibh. An gceapann sibh go mb'fhéidir go bhfuil John ag dul i muinín chúnamh ó bhuidéal ceimiceach chun an liath a choimeád fé smacht?
http://www.johnspillane.com/

Á! arra, t'fhios agam, 'sé an t-easpa gruaige ar mo chloigeann fhéinig atá ag déanamh tinneas dom. Is bhí mothall breá rábach ciarfhada catach agam tráth nuair a bhí an Gormachaí Míshásta Delta Blues Band i mbarr a réime. Ach, faraoir géar, ní chuimhin le héinne an banna úd anois agus a leaganacha fileata Gaolainne de standairdí na mBlues - ach gach mac máthar agus chuile iníon athar ag caint fén Gaelic Shit Factory. Go bhfóire Dia orainn, in éad leo atáim, ní mór dom a admháil.

Chífidh mé sibh ag an gceolchoirm in Amharclann an Everyman ar an seachtú lá déag de Nollaig.
http://www.everymanpalace.com/pages/posts/john-spillane42.php

Dála an scéil, tá alt suimiúil ag Louis de Paor in eagrán na míosa seo de "Comhar" ar scribhinní Mháirtín Ó Cadhain.
http://www.comhar-iris.ie/
Is léir go bhfuil dian-taighde déanta ag an bPaorach san ábhar, ach ait go leor níl aon tagairt ann do "Brí na Brille" a chuaigh i gcionn chomh mór san ar Ó Cadhain. Féach http://chetwyndedowns.blogspot.com/2006/03/br-na-brille.html.
Agus is Corcaíoch é Louis, déarfainn go bhfuil an iomarca ama caite aige i gCo. na Gairbhe.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC

1 comment:

Tim said...

Ós rud é go bhfuil tú ag tabhairt an chorr-chuairt ar mo bhlagsa cheapas go mbéadh sé ar a laghad béasach ó mo thaobhsa dhe cuairt nó dhó a thabhairt ar Chetwynde Downs. Molaim thú as a ghreannmhaire is atá na h-iontráileacha agat agus as a líofachtaí is atá do chuid Ghaolainne! Is aoibhinn liom chomh maith an nádúrthacht atá ag roinnt le do chuid scríbhneoireachta - deisbhéalachas, binneas, nádúrthacht, ceolmhaireacht agus rl. Togha fir. N'fheadar an bhfuil peiriúc á chaitheamh ag an bPaorach - sin ceist milliún dollar mar a deirtear. Scrúdaíos na grianghrafanna ar na nascanna atá ar do leathanach agus caithfidh mé a rá gur peiriúc den scoth atá á chaitheamh aige más ea! Is geal liom chomh maith ceol John Spillane - tá a chuid dlúthdhioscanna agam agus éistim len a chlár iontach ar Raidió na Gaeltachta. Lean ar aghaidh leis an deá obair agus le féith mhór an ghrinn ar Chetwynde Downs. Gura míle arís as cuairt a thabhairt ar Aisling. Le mórmheas,Tim Quinlan.