Monday, June 12, 2006

Séasúr an Sciodair

A leithéid de radharc anseo i “Chetwynde Downs” an lá fé dheiradh – dochreidte amach is amach. A luaithe is a d’oscail na firmimintí chun na tuilte a dhoirteadh anuas orainn, bhí na daoine amuigh ar na bóithre. Lámha leata amach, aghaidheanna casta suas i dtreo na spéartha chun an bháisteach throm a bhlaiseadh, iad ag canadh is ag béicigh, ag rince is ag valsáil, is ag pógadh stróinséirí. Cheapfá gur i mball bocht spallta ar imeall an Sahara a bhíomar lonnaithe agus nach raibh braon báistí ann leis na blianta. Agus cad chuige an gealtachas seo go léir? Bhuel….

An Domhnach roimhe sin agus an aimsir ba bhreátha a bhí againn le fada. Ó moch maidin bhí na fir amuigh ar na patióanna agus na deiceanna ag fáil faoi réir don BBQ mór. Áprún á cháitheamh ag gach mac máthar, is iad ag cur geáitsíocht na gcócairí celebs orthu féin. Níorbh fhada go raibh na cóisreacha fé lán tseol, pilsner Seiceach leis an scrogall, chardonnay olabhog ón tSíle le cuileoga de cineálacha éagsúla ag snámh ar uachtar sna gloiní mar bharr ar an mblas. Burgair leathdhóite, leathchócaráilte agus sicín bándearg a la salmonella á alpadh síor. Chuala go raibh an Dr. Rashan Maghanafi an-ghnóthach ina chlinic ag #42 “Salandrabad” tar éis an deireadh seachtaine le othair ag gearán faoi bhoilg tinn.

Ansan, gan aon choinne leis, tháinig claochlú iomlán ar an atmaisféir, daoine ag tabhairt súil chlíathánach ar a chéile - agus ar an madra. Sróna ag biorú, pollairí ag smúradh go discréadach. Cé a bhí ciontach as an drochbholadh bréan broimeach sin. Ach ba shoiléir i gcionn tamaillín nach duine amháin nó ainmhí amháin a ba chúis leis an mbréantas úafásach a chuirfeadh múisc ar mharbhán mar bhí an drochbholadh le brath ar fud na háite. Scaip sé ó chúlghairdín go cúlghairdín, ó phatió go deic, ó Chetwynde Downs, soir ó thuaidh go Chetwynde Dales agus soir ó dheas go Chetwynde Meadows. Bhí ar na daoine na fulachtaí agus an troscán patió a thréigint agus teitheadh leo isteach sna tithe chun éaló ón mbréantas dofhulaingthe. Ar feadh seachtaine a mhair an phláig, brú ard lárnaithe os chionn Chorcaí ag cosaint an ollbhrait de mhorgadh gránna a bhí ina luí go trom tachtach ar chomharsanacht ‘Chetwynde Downs’ nó gur chuir an stoirm thoirní deireadh leis agus gur ghlan sé an truailliu srónach uainn. Ach cad ba chúis leis an mbréantas sa chéad dul síos. Hhhhmmm…

Ní dóigh liom gur chinneadh inmhollta a ghlac Cumann Áitritheoirí Chwtwynde Downs nuair a chuireadar go láidir i gcoinne iarrachtaí an fheirmeoir béal dorais, Connie Coony, chuid dá thailte a athzónail i gcomhair thogáil tithe. Nach raibh Chetwynde Downs féin ina bpáirceanna féarmhara feirme tráth.Tá cloch sa mhuinchille ag Connie chuig muintir Chetwynde Downs ó shin. Déarfainn gur d’aon ghnó a thosnaigh sé ag leathadh sciodair (slurry) ar na bpáirceanna taobh linn, na goirt ar dhiúltaíodh ath-chriosáil dóibh, tráthnóna breá Domhnaigh nuair a bheadh gach éinne amuigh sna gáirdíní. N’fheadar cén saghas beathaidh atáid ag tabhairt dos na beithígh sa lá atá inniu ann agus stinc chomh gránna samhnasach sin ag teacht ón mbualtrach. Ní nach ionadh go mbíonn galar crúb is béal, agus galar na mbó mire á dtolgadh ag na h-eallaí.

Anois táimid thar n-ais go dtí an gnáthsaol tuirsiúil arís anseo i Chetwynde Downs.

Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs” - - - Slááán Tamall

FRC

1 comment:

Séamas Poncán said...

Sílim go ndéantar san fhómhar sin i bPennsylvania. Is mó uair a bhraith mé an boladh uafásach céanna ansin. Piú!