Monday, March 27, 2006

Brí na Brille

Tá sé in am againn cuimhneamh ar dhuine des na mórscribhneoirí Gaeilge ón aois sa chaite, Marty Kane, a saolaíodh céad bliain ó shin ar tailte Castle Chetwynde mar a bhfuil eastáit tithíochta “Chetwynde Downs” lonnaithe anois. Agus é fós ina fhear óg, i lár na fichidí, cuireadh ar stáitse a mhórshaothar; “Brí na Brille” dráma a bhain mí-chlú agus mí-cháil amach dó.

Dráma aonghnnímh aon-radhairc suite i seomra feithimh na mban i ndrúthlann i gcathair Chorcaí. Tá an bordello seo lonnaithe gar do Bheairic Victoria (Bearic Uí Choileáin anois) agus freastalaíonn na cailíní ar riachtanaisí na saighdiúirí. Ní ghlacann ach na mná páirt sa dráma, ní fheictear na custaiméirí riamh ach cloistear fúthu os na cailíní de réir mar atáid ag imeacht ar a gcuid dualgaisí agus ag filleadh ina dhiaidh. Táid ag cur is ag cúiteamh féna saol féin is fé chúrsaí an lae agus an oíche á meilt. Tugtar le fios agus an scéal ag forbairt nach gnáth tréibhse oibre atá ann ach oíche chinniúnach i stair na tíre. Cloistear ar dtús go raibh saighdiúir cúnta maraithe i luíochán, in dhiaidh san cloistear ráflaí fé dhíoltas. Sa deireadh tá lár na cathrach tré thine. Sea, "Loscadh Chorcaí" atá fé chaibidil ag Máirtín Ó Cadhain, eachtra a chur tús le deireadh riail na Breataine i ndeisceart na tíre.

Ach níorbh é léirmheastóir a chur deireadh leis an dráma tar éis dhá oíche – an té a dúirt go raibh an teanga sa dráma chomh tur fuar le cré na reilige. Ní hea, ach cumhacht níba treise ná an peann. Bhris ciréibeanna amach ar an dara oíche. Bhagair Easpag Chorcaí coinnealbhá ar aon duine a bheadh baint ná páirt aige sa bhrocamas gáirsiúil. Bhagair baill den sean-IRA go mbeadh Loscadh Chorcaí eile ann muna chuirfaí deireadh láithreach bonn leis an dtaircisne ar laochra na saoirse. Ní fios cén rí-rá a bhíodh ann má cuireadh ar stáitse an chéad leagan a bhí réitithe ag an scríbhneoir avant-garde Marty; níorbh iad na mná a bhíodh ag caidreáil in ao’ chor, ach baill a gcorp a thuill a beatha amach dóibh.

Níor scríobh Marty focal eile ina shaol agus ligeadh a ainm i ndearmad anseo in Éirinn. Ach deineadh roinnt taighde ar a chuid scribhinní ar champusaigh acadúla SAM. Scríobh bean amháin, Eve Ensler, Ph. D. fúthu, agus bhain sise clú domhanda amach níos déanaí nuair a chum sí “Vagina Monologues”.

Bhí Marty ag obair sa gCurrach le linn an dara cogadh domhanda agus d’éirigh cairdeas idir é féin agus príosiúnach ar chomhaois agus ar chomhainm leis; Caidhneach eile ó Chonnamara. Deirtear go raibh tionchar ag scribhinní an Chorcaígh ar shamhlaíocht an Ghaillimhigh. Ach ní féidir liom a rá mar ní nós liom aon rud sa chanúint gharbh scornúil úd a léamh.

Tá Marty curtha sa reilig aitiúil, Kill graveyard. Táim i mbun dán a chumadh in omós dó. Nuair a bheidh sé críochnaithe beidh an phribhléid agaibhse, a léitheoirí dílse, an chéad dréacht a léamh. Nílim ach tosnaithe ach tá teideal oiriúnach ceaptha agam dó – “Cré na Cille”

Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs” - - - Slááán Tamall

FRC

2 comments:

Séamas Poncán said...

Bhuel, is mithid! Nach méanar duit go bhfuil cónaí ort sa bhlagchruinne anois.
Is crann taca mé le fada, agus tá daoine eile ann...mar an duine a chuir an suíomh seo ar an idirlíon:
http://www.padraig.de/Chetwynde_downs/chetwynde_downs.html

Séamas Poncán said...

http://www.padraig.de/Chetwynde_downs/
chetwynde_downs.html

(Ní raibh sé infheicithe thuas).