Wednesday, March 29, 2006

HIÚDÁÁ

Ní dhéanfadh Gleann Eatharlaigh cúis, ná Cainneon Mór Cholorado, ná fiú Scoiltghleann Ollmhór na hAifrice. B’fhéidir ar dhromcla iargúlta reoite úafásach Iúpatair tá Ollghleann na mílte ciliméadar ar leithead a ghníomhódh mar meafar oiriúnach don bhearna glúine sa tigh seo againne. Ochtar clainne – mac aerach ina measc, agus gan meas madra acu ar a n-athair. Agus ní bhíonn eolas ar bith agamsa ar cad a bhíonn ar súil acu. Cloistear go minic faoi leithlisiú nó aonrú sósialta i measc an daoscarshlua in áiteanna mar Bhloc an Phiarsaigh*, bhuel, bíonn an fhadhb chéanna i gceanntracha meán-aicmeacha leis. Mise anseo im’ aonair im’ oifigín amscaí ag scimeáil an idirlín ag lorg síbear-chuideachta. Tá an tigh seo cosúil le bloc árasáin, ní fheictear daoine ach iad ag teacht is ag imeacht. Ní bhíonn a fhios agam an bhfuil daoine istigh ach ósna fuaimeanna ag teacht as na seomraí. Techno ón garáiste, ceol rap gáirsiúil anuas an staighre, pop athchúrsáilte ón tolglann.

“Hiúdáá” a chloisim agus daoine ag gabháilt tharam sa halla, sin an méid. Sea, “Hiúdáá”, déarfainn gur “Hi Dad” nó “Hello Dad” a bhíonn i gceist ach nach mbíonn an fuinneamh iontu chun na focail a fhuaimniú i gceart. Nach ait mar a dtéann an oideachas i bhfeidhm ar an aos óg. Dá mhéid blianta a chaitheann siad i scoileanna, coláistí agus ollscoileanna is ea is lú a gcumas cainte agus is caoile a bhfoclóir. N’fheadar arbh é an truailliú domhanda ba chúis leis, daoine ag sú ceimicí atmaisféaracha isteach i ngach anáil ón gcliabhán aníos. Mar de réir dealraimh tá an éabhlóid casta bun ós cionn leis an gcine daonna ag cúlú leath mhilliún bliain i nglúin ámháin agus gnúsachtaí ápúla mar “Hiúdáá” astu.

Mol an óige conas tánn tú!!!

Ón teaghlach núicléach go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs” - - - Slááán Tamall

*Léifidh sibh tuilleadh fén ár gceantar beag "fé bhuntáiste" amach anseo.

Fhios ag éinne an Ghaeilge ar Aherlow?

FRC

1 comment:

Míshásta said...

GRMA, Ciaran,

Is cosúil go bhfuil botún litrithe sa suíomh sin mar is é "Eatharlach" an litriú oifigiúil agus níl cuma ceart ar "eathralach".

http://www.irishstatutebook.ie/ZZSI133Y1975.html

Bhí leagan beagáinín difriúil ag Gearóid Ó Laoi agus eolas suimiúil fén ainm Béarla; 'Aherlow' ar Chlár Plé Beo ar Éigin:-

http://www.beo.ie/ple/view.asp?id=30189&thread=30186

"Dob as Gleann Eatharla dom' athair. Sé Béarla atá ar an áit ná Glen of Aherla. Dob é Charles Kickham a dhein Glen of Aherlow de chun rím a chruthú do dhán éigint a bhí á scríobh aige.
"The Glen of Aherla, Aherla nó the Glen a thugadh m'athair riamh air, agus Gleann Eatharla as Gaeilge. Gaelgeoir ab ea é. Fós tugtar Aherla air, ach d'réir a chéile, cinnte, tugfar Aherlow air, mar is nós do dhaoine fuaimniú a "cheartú" d'réir an litrithe."

Go n-éirí leat ar gclár na fichille, Ciaran.

Slán