Nílim ag dul aon áit. Nílim chun bogadh ón tigh seo. Agus sin a bhfuil de. Tá an chos curtha go docht daingean i bhfeac agam agus níl an ghéag san ag dul thar tairseach amach gan bheith ag smaoineamh fiú ar é a leagan ar aerstaighre suas chun an eitleáin.
“Ba mhór ag Martin agus Dolores O’Rourke
cuireadh a thabhairt do Charles P. agus Ethyl Watson
a bheith i láthair
ag pósadh a n-íníon Sarah le Donncha Walsh
ag Séipéal Naomh Eoin, Nassau, Bahamas” - agus mar sin de.
Na Bahámaigh? manamandiail! Cad chuige an flosc seo sa lá atá inniu ann chun taisteal thar bóchna anonn go dtí oileáin iargúlta i bhfad fad i gcéin chun cuing throm an phósta a ghlacadh. Agus sinn i gcroí-lár an spealta is measa a bhí againn ó Chliseadh Wall Street. Ach deir Ethyl go gcaithfimid dul agus níl aon dul as – bhuel tá lánchead taistil ina aonair aici más é sin atá uaithi.
Anois ar eagla na míthuiscine, freastalaimid, mise agus mo bhean, ar phóstái, céad chomaoinigh, agus bar mitzvanna lé chéile go rialta gan aon fhadhb. Cé go mbíonn Ethyl ag gabháilt dom gan a bheith ag ól an iomarca ar eagla go ndéanfainn seo bóthair dínn. Arra, a dhuine chóir, cad chuige bainnis muna mbíonn tú in ann sláinte na lanúine nuáphósta a ól, nó canathobh tórramh ach chun anam an té atá fén gclár a sheoladh lom-díreach go dtí geata péarlacha na flaithise le blaisín biotáille. Ach ní mór dom admháil gur chuaigh mé beagainín thar fóir anuraidh ag bainis amháin nuair a fhanas ann le h-aghaidh disceo an aosa óig agus ........ Scéal eile - ní chreidfeá é.
Ach ‘sé an nós atá ann nuair a théann daoine thar sáile chuig pósadh ná go ndéantar saoire iomlán den aistear. Agus is ansan atá an fhadhb, is leór deireadh seachtaine i seomra óstáin le Ethyl - ach seachtain nó deich lá ar fad? “Oh c’mon” mar a déarfadh fear na Gaeltachta. Ní bheadh aon rud ag déanamh tinnis di ach cá mbeadh aifreann laethúil le fáil nó an raibh aon suíomhanna oilithreachta sa cheantar. Bheadh sé ina scliúchas-múchas agus ina haidh-tailí-hó eadrainn sar i bhfad táim a rá leat.
.
Ach ó ochón, nár bhrea liom bheith thall sa Bhahámaí im’ aonair, gan cháin, cíos ná morgáiste dom’ bhuaireadh. Mise sínte cois linne, daiquiri maisithe le liomón im’ ghlac Banna ceoil Soca sa chúlra ag beilteáil teo-rithimí na Cairíbe amach. Mise le mo spéaclaí dorcha dearthóra (a leithéid de cool) ag baint lán mo shúl de choirp dhea-chumtha, dheas-chuartha, caol-choimeacha, fhad-chosacha, ghrian-tanáilte, gléasta i sreang-bhicínithe. Úúúúfff!
Ach faraoir táim gafa anseo im’oifigín in uimhir 37 Chetwynde Downs ar lá gruama dorcha salach - an fhearthainn bhog liath thar n-ais arís agus gan de mhodh taistil agam ach an scáileán geal seo os mo chomhair amach chun mé a thabhairt le cúpla cliceanna go dtí deireadh an domhain.
Ach nílim ag dul ar aon scaird-eitleán i dtreo na Cairíbe le Ethyl. Níl na t-uasal le casadh.
Agus sin a bhfuil de.
Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs” - - - Slááán Tamall
FRC
Sunday, September 05, 2010
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
1 comment:
Tá aertháillí ag éirí an-chostasach arís agus ní tabhartais in aisce iad na daquiris úd... gan trácht ar an linn snámha, etc. etc. Ní thagann caonach ar chloch reatha a deirtear, ach is glas an rud é an caonach tar éis an tsaoil agus is an-bheag a lorg carbóin. B'fhearr dúinn uilig fanacht sa bhaile. Agus cead indíolta astuithe carbóin a thabhairt mar bhronntanas don lánúin nuaphosta!
Post a Comment