Monday, October 26, 2009

Ceiltis go Poncáinis ASAP

In ómós do IGTC (Irish Gaelic Tattoo.com)
___________________________________________________

Ceiltis go Poncáinis ASAP

Haigh,

Is Meiriceánach-Ghael mise. Táim ana-bhródúil as mo dhúchas is chun an oidhracht sin a cheiliúradh ba mhaith liom roinnt tatúanna a fháilt i bPoncáinis. Seo é an chéad cheann:-

"Brí Beatha; an Bás, is Fuinneamh in Anam an tSaoil"

Nó droim ar ais más maith leat. Tá súil agam go dtuigtear an nath. Chuireas isteach i nGúgail Aistritheoir é ach reoigh an frigin ríomhaire gach uair a bhrúigh mé ar 'aistrigh'. Dúirt cara liom gur rí-dheacair an abairt a phoncánú mar ná fuil ach focal amháin agaibh i gcomhair 'beatha', 'anam' agus 'saol', agus gurbh í an bhrí a bhí le brí ná fuinneamh. Nach diail an teanga í? Tá súil agam go mbeidh sibh in ann an fhadhb a fhuascailt dom.


An dara ceann:

Muintir an Teaghlaigh ARÚ - Clann is Líon Tí ABÚ

Nó droim ar ais más áil leat. Ní leomhfainn é sin a chaitheamh isteach i nGúgail Aistrithoir ar eagla go bpléascfadh an t-inneal ar fad. "FAMILY FIRST"an gnáth leagan i bPoncáinis de réir dealramh ach ní dheineann san gnó. Deacair a chreidiúint ach dúirt cara a bhfuil a lán cur amach aici ar chúrsaí teangeolaíochta liom, ná fuil ach focal amháin agaibh le haghaidh 'muintir', teachlach, 'clann', agus líon tí'. Agus chun an scéal a dhéanamh níos casta fós, níl aon fhocal in ao'chor ann i gcomhair 'arú' ná 'abú' gan dul i muinín na Fraincíse. Nach diail an teanga í? Conas is féidir aon rud rud a chur in iúl le stór focal chomh teoranta san?

Ba mhaith liom na haistriúcháin úd a fháil chomh luath agus is féidir mar táim ag dul go dtí an t-ealaíontóir cnis amárach. Caithfidh siad a bheith cruinn beacht le litriú Oghaim agus sa chló Kanji. Má tá aon chainteoir dúchais in bhur measc ó Chalifornia Theas b'fhearr liom é a bheith sa chanúint úd mar tá ana-dhúil agam sna scannáin Hollywood cé go ndúirt cara a bhfuil spéis fé leith aici sa genre úd liom, gur Poncáinis caighdeánaithe a bhíonn á labhairt acu, agus gur beag an bhaint a bhíonn aicise le gnáth-chaint an phobail sna barrios de LA. An fíor san? Nach diail an teanga í?

Wayne is ainm dom. Cheapas gur ainm fíor-Cheilteach a bhí ann mar tá sé ana-choitianta sa tír seo ‘gainne. Ach bhí gliondar orm nuair a fuaireas amach ar shuíomh Nameturds gur tháinig sé ó Stáit Aontaithe na bPoncánach i dtúis báire. Dar leo, sa seana-Phoncáinis chiallaíonn sé "Laoch ar meisce le slat ina sheasamh". Nach breá an iomhá atá ansan. Is dócha gur slat draíochta ceilteach atá i gceist. An féidir le héinne an t-ainm a ath-aistriú go Poncáinis an lae inniu dom - le litriú Oghaim agus i gcló Kanji dar ndóigh. Darren is ainm dom' dheartáir agus 'siad Chloe (le dhá phonc os comhair an e) agus Anamcara mo bheirt dheirfiúr. An bhfuil leagan Poncáinise ann dos na hainmneacha úd?

cat agam, Pangur Stríoctha a thugaimid air. Chun ár n-oidhreacht Phoncánach a cheiliúradh tá sé péinteáilte i stríocthaí dearga agus bána - nó rua agus bána más maith leat. An fíor ná fuil ach focal amháin agaibh i gcomhair dearg agus rua? Nach diail an teanga í. Dúirt cara, a chaith tréimhse fada thall liom, gur focal tabú é 'cat' i measc daoine dea-mhúinte. Nach ait san. Ní bhfeifeá ábalta bheith ag cur sios fiú ar bheith ag cuimilt do phuisín gleoite os comhair an phobail ar eagla go náireofá daoine. Cén Poncáinis a chuirfeá ar 'Pangur Stríoctha'

Dála an scéal cén difríocht atá ann idir Poncáinis agus Meiriceáinis. Dúirt cara liom ná fuil sa Mheiriceáinis ach caighdeán scríofa na nAcadúilithe agus gur patois na sráide í an Phoncáinis. Ní nach ionadh go bhfuil deighilt eadarthu, conas is féidir teanga a scríobh nó a fhuaimniú i gceart nuair ná fuil aon sínte fada ar fáil. Nach diail an teanga í?

Ba mhaith liom cuairt a thabhairt ar California Theas uair éigin - b'fhéidir bualadh le girseach a'gleanna a chabhródh liom snas a chur ar mo chuid Poncáinise. Ba bhreá liom Disneyland a fheiscint agus b'fhéidir Las Vegas leis. Ach fan, tá Las Vegas lonnaithe i stát eile. An bhfuil canúint dá gcuid féin acusan? An dtuigfidís mé?

Ó mar cheist scoir, tatú amháin eile; "Go n-éirí an bóthar leat“. Ba chóir go mbeadh aistriúchán breá agaibhse ar an gcontúirt taistil sin agus na creathanna talún a bhíonn agaibh go rialta.

Táim ag imeacht anois - caitfhidh mé an p - - - - n a bheathú.

“Chucky awr law” - nó mar a deireann sibhse: Yawl have a nice day

_______________________________________________________

Leagan Béarla anseo

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC

5 comments:

aonghus said...

Bullaí fir. Nár chailleadh tú riamh é!

Séamas Poncán said...

Táimid ag smaoineamh ar an Ghaeilge a cheannach uaibh. Cén praghas a bheadh uirthi? Ní féidir luach amháin a fháil ó na tráchtanna uirthi thall ansin.

Mise Áine said...

Fáilte ar ais, a Mhíshásta!

Dubhaltach said...

an-ghreannmhar, ach scanrúil ag an am céanna!

Míshásta said...

GRMA, a dhaoine uaisle. Cuireann sé iontas orm an méid daoine a bhionn ag lorg tatúanna Gaeilge ar IGTC.
A Shéamais, is oth liom a rá go gcuirfeadh Meiriceánaigh luach i bhfad níos airde ar an dteanga ná a gcuirfeadh cuid mhaith dár muintir féin sa tír seo.