Wednesday, September 02, 2009

Rogha Ban

Ní raibh aon smideadh le tabhairt fé ndeara - ná aon ghá leis ach an oiread. Cneas caoin geal ar a ceannaithe. D’fháiltigh a súile lonracha romham. “Hi, how are you? ar sise, amhail is go raibh sean-aithne aici orm. Nuair a bhí ár ngnó críochanithe bhronn sí miongháire milis orm is mé ag imeacht. Bhi mo choschéiméanna níb éadroime is bhraitheas triocha bliain níb óige nuair a tháinig mé amach. Bhí lonn ag cur a chroí amach, ag ceiliúir ar bharr sceiche, bhí na scamaill scaipthe is gathanna na gréine ag doirteadh anuas. Ó nách aoibhinn miongháire a fheiscint ar bheola spéirbhruinnil .

'Go bpósa tú prionsa a thabharfaidh searc duit gach lá ded’ shaol. Go maire tú an céad is go bhfana an aoibh fháiltiúil ar do bheola boga milse go dtí lá do bháis.'

Ar mo chéad chuairt eile bhíos ag tnúth lena í a fheiscint arís - ach mo léan, bhí cailín eile ina háit. Gearrchaile álainn leis ach…. ach….. sraith tiubh de smideadh ar a aghaidh. Dath donn-oráiste mínádúrtha ar a craiceann. A cuid ingne peinteáilte ar aon dath lena gruaig chaordhearg. Í nios dathannaí ná dathúil, d’fhéadfá a rá. Fáinne sa mhala, sa tsrón agus n’fheadar cén áir eile, aici. Imeall dorcha timpeall na súl, chun aird a tharraingt, is dócha, ar an easpa teagmháil súile - níor fhéach sí san aghaidh orm le linn ár gcuid comarsáide. Bhí goma á chogaint go mall rithimiúil aici agus na hearraí á chur thar an scanóir go huathaoibreach aici.

D’aithníos ar an dtoirt í mar b’fhearrliombheith, nó wannabe mar a déarfadh fear na Gaeltachta. (B’fhearr liom bheith in aon áit ach ag an bhfrigin seic-amach seo ag freastal ar an daoscarslua. Ag plé le seanfhir dóite drúisiúla a bhíonn dom’ stáineadh gan náire idir an dá bhúb orm .) Ach fós féin bhí dhá chnaipe uachtaracha a blúis oscailte chun a scoilteacht domhain a nochtadh don saol mór. Déarfainn gur chreid sí go raibh saol níb’fhearr tuillte aici - ar an scáileán ag an sraith dheireannach de X Factor, nó mar WAG le milliúnaí sa phremier, nó ag máirseáil suas an cairpéad dearg ag na hOscair, na camaraí ag splancadh ó gach aird uirthi.

‘Seachain, a chailín, ná tachtfaidh an goma thú. Agus bí cúramach leis an ngrianleaba úd nó tostálfaidh sé id’ smólachán dóite thú.’

Nuair a d’fhágas an siopa bhraitheas glaise nimhneach san aer, bhí braonta troma ag fógairt díle bháistí chugainn.

Anois ceist agam oraibh. Cé acu an cailín a saolaíodh agus a tógadh sna bolaí seo? Agus cérbh í an bhean a tháinig anall chugainn ó oirthir na mór-roinne chun a beatha a thuilleamh inár measc?

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC

3 comments:

Dubhaltach said...
This comment has been removed by the author.
Dubhaltach said...

Ceist dheacair í sin a Mhí! Chonac a leithéid de smideadh ar chailíní a tháinig anall chughainn agus ar ár gcailíní féin.

Ach déarfainn, sa gcás seo, gurb as Chetwynde Downs na Mumhan do chailín an ghoma, an "b’fhearrliombheith".

Focalcheártha deas :)

Mise Áine said...

Measaim nach mbaineann dúchas an mhiongháire le tír, ach leis an duine, agus thógfainn bean an mhiongháire thar bhean an ghuma dá mbeadh a leithéid de rogha le déanamh agam.

Agus is aoibhinn liom an focal sin 'fearrliombheith'...:-)