Friday, September 04, 2009

Ar Eagla na hEagla

Manamandiail ach nach iontach an t-athrú atá tagtha ar ar dtírín beag báite s‘againne. Óstán galánta - dinnéar ullmhaithe i gcóir oíche na nDeibeanna. Scoil Chaitliceach phríobáideach. Gach cailín ina banphrionsa don oíche. Agus nuair a shroicheann siad an bord i dteannta a ridirí-pháirtíthe cad a chíonn siad ar an bpláta os a gcomhair amach idir an sceanra glioscarnach ach paicéad beag séalaithe. Istigh sa phacáistín - gaireas beag rollta déanta de latex chun cosaint a sholáthair i gcoinne ginniúna nó in aghaidh GGT.

Ní bréag ná cumadóireacht atá sa chúntas thuas. Féach anseo. Níl sé ró-fhad ó shin nuair nach raibh aon sórt gaireas frith-ghinniúna, coiscín ná piolla ná diafram ceadaithe de réir dlí sa tír seo. Bhain an dlí ní amháin le Cailicigh Rómhánacha ach le gach éinne - ní raibh cead fiú amháin eolas a fhoilsiú ar an ábhar.

Ó an t-aos óg sa lá atá inniu ann? Cad atá cearr leo? Ná fuil aon speech iontu? Coiscín amháin ar an bpláta. Nách gceapfá má bhíodar chun an beart a dhéanamh in ao’chor go mbeadh fonn orthu an dara cúrsa ar a laghad a bhlaiseadh. Cad ab fhiú ruibéar amháin do stail óg fúinniúil?
__________________

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC

2 comments:

Mise Áine said...

I bhfad uiann anachain na staire...

aonghus said...

Is fíor dhuit. Ach seans go bhfuil éifeacht leis seo mar a bhí ag bata draighin an sagart paróiste fada, eadhon - daoine a bhrú i dtreo an iompar a bhfuiltear ag dréim leis ó thaobh a bpiaraí. Nó an iompar a chreidtear a bheith amhlaidh.

Ceist chigilteach. Cúis imní freisin go bhfuiltear ag glacadh leis gan cheist go mbeidh daoine ólta, agus go dtarlóidh "rudaí".