Wednesday, March 29, 2006

HIÚDÁÁ

Ní dhéanfadh Gleann Eatharlaigh cúis, ná Cainneon Mór Cholorado, ná fiú Scoiltghleann Ollmhór na hAifrice. B’fhéidir ar dhromcla iargúlta reoite úafásach Iúpatair tá Ollghleann na mílte ciliméadar ar leithead a ghníomhódh mar meafar oiriúnach don bhearna glúine sa tigh seo againne. Ochtar clainne – mac aerach ina measc, agus gan meas madra acu ar a n-athair. Agus ní bhíonn eolas ar bith agamsa ar cad a bhíonn ar súil acu. Cloistear go minic faoi leithlisiú nó aonrú sósialta i measc an daoscarshlua in áiteanna mar Bhloc an Phiarsaigh*, bhuel, bíonn an fhadhb chéanna i gceanntracha meán-aicmeacha leis. Mise anseo im’ aonair im’ oifigín amscaí ag scimeáil an idirlín ag lorg síbear-chuideachta. Tá an tigh seo cosúil le bloc árasáin, ní fheictear daoine ach iad ag teacht is ag imeacht. Ní bhíonn a fhios agam an bhfuil daoine istigh ach ósna fuaimeanna ag teacht as na seomraí. Techno ón garáiste, ceol rap gáirsiúil anuas an staighre, pop athchúrsáilte ón tolglann.

“Hiúdáá” a chloisim agus daoine ag gabháilt tharam sa halla, sin an méid. Sea, “Hiúdáá”, déarfainn gur “Hi Dad” nó “Hello Dad” a bhíonn i gceist ach nach mbíonn an fuinneamh iontu chun na focail a fhuaimniú i gceart. Nach ait mar a dtéann an oideachas i bhfeidhm ar an aos óg. Dá mhéid blianta a chaitheann siad i scoileanna, coláistí agus ollscoileanna is ea is lú a gcumas cainte agus is caoile a bhfoclóir. N’fheadar arbh é an truailliú domhanda ba chúis leis, daoine ag sú ceimicí atmaisféaracha isteach i ngach anáil ón gcliabhán aníos. Mar de réir dealraimh tá an éabhlóid casta bun ós cionn leis an gcine daonna ag cúlú leath mhilliún bliain i nglúin ámháin agus gnúsachtaí ápúla mar “Hiúdáá” astu.

Mol an óige conas tánn tú!!!

Ón teaghlach núicléach go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs” - - - Slááán Tamall

*Léifidh sibh tuilleadh fén ár gceantar beag "fé bhuntáiste" amach anseo.

Fhios ag éinne an Ghaeilge ar Aherlow?

FRC

Monday, March 27, 2006

Brí na Brille

Tá sé in am againn cuimhneamh ar dhuine des na mórscribhneoirí Gaeilge ón aois sa chaite, Marty Kane, a saolaíodh céad bliain ó shin ar tailte Castle Chetwynde mar a bhfuil eastáit tithíochta “Chetwynde Downs” lonnaithe anois. Agus é fós ina fhear óg, i lár na fichidí, cuireadh ar stáitse a mhórshaothar; “Brí na Brille” dráma a bhain mí-chlú agus mí-cháil amach dó.

Dráma aonghnnímh aon-radhairc suite i seomra feithimh na mban i ndrúthlann i gcathair Chorcaí. Tá an bordello seo lonnaithe gar do Bheairic Victoria (Bearic Uí Choileáin anois) agus freastalaíonn na cailíní ar riachtanaisí na saighdiúirí. Ní ghlacann ach na mná páirt sa dráma, ní fheictear na custaiméirí riamh ach cloistear fúthu os na cailíní de réir mar atáid ag imeacht ar a gcuid dualgaisí agus ag filleadh ina dhiaidh. Táid ag cur is ag cúiteamh féna saol féin is fé chúrsaí an lae agus an oíche á meilt. Tugtar le fios agus an scéal ag forbairt nach gnáth tréibhse oibre atá ann ach oíche chinniúnach i stair na tíre. Cloistear ar dtús go raibh saighdiúir cúnta maraithe i luíochán, in dhiaidh san cloistear ráflaí fé dhíoltas. Sa deireadh tá lár na cathrach tré thine. Sea, "Loscadh Chorcaí" atá fé chaibidil ag Máirtín Ó Cadhain, eachtra a chur tús le deireadh riail na Breataine i ndeisceart na tíre.

Ach níorbh é léirmheastóir a chur deireadh leis an dráma tar éis dhá oíche – an té a dúirt go raibh an teanga sa dráma chomh tur fuar le cré na reilige. Ní hea, ach cumhacht níba treise ná an peann. Bhris ciréibeanna amach ar an dara oíche. Bhagair Easpag Chorcaí coinnealbhá ar aon duine a bheadh baint ná páirt aige sa bhrocamas gáirsiúil. Bhagair baill den sean-IRA go mbeadh Loscadh Chorcaí eile ann muna chuirfaí deireadh láithreach bonn leis an dtaircisne ar laochra na saoirse. Ní fios cén rí-rá a bhíodh ann má cuireadh ar stáitse an chéad leagan a bhí réitithe ag an scríbhneoir avant-garde Marty; níorbh iad na mná a bhíodh ag caidreáil in ao’ chor, ach baill a gcorp a thuill a beatha amach dóibh.

Níor scríobh Marty focal eile ina shaol agus ligeadh a ainm i ndearmad anseo in Éirinn. Ach deineadh roinnt taighde ar a chuid scribhinní ar champusaigh acadúla SAM. Scríobh bean amháin, Eve Ensler, Ph. D. fúthu, agus bhain sise clú domhanda amach níos déanaí nuair a chum sí “Vagina Monologues”.

Bhí Marty ag obair sa gCurrach le linn an dara cogadh domhanda agus d’éirigh cairdeas idir é féin agus príosiúnach ar chomhaois agus ar chomhainm leis; Caidhneach eile ó Chonnamara. Deirtear go raibh tionchar ag scribhinní an Chorcaígh ar shamhlaíocht an Ghaillimhigh. Ach ní féidir liom a rá mar ní nós liom aon rud sa chanúint gharbh scornúil úd a léamh.

Tá Marty curtha sa reilig aitiúil, Kill graveyard. Táim i mbun dán a chumadh in omós dó. Nuair a bheidh sé críochnaithe beidh an phribhléid agaibhse, a léitheoirí dílse, an chéad dréacht a léamh. Nílim ach tosnaithe ach tá teideal oiriúnach ceaptha agam dó – “Cré na Cille”

Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs” - - - Slááán Tamall

FRC

Tithe Saoire

Maidin dubh dorcha fhliuch anseo i Chetwynde Downs inniu. Agus scamall gruama duairc anuas ar mo ghuaileann féin. Póit is cúis leis dar ndóigh. Gloine Alka-Seltzer anseo os mo chomhair is mé ag déanamh dian-mhacnamh ar chúrsaí is ar choir an tsaoil.

Bhíos sa chlub gailf aréir. Ní imrím gailf, ná aon spórt eile, ach táim im’ bhall den chlub, má thuigeann tú leat mé. A leithéid de radharc sa charr-chlós, lán de SUVanna, chuid acu chomh mór le tancanna airm Mheiricea, agus cairteacha cláraithe 06. Istigh sa bhear (nó ‘béar’ mar a chonac uair amháin ar fhalla thigh tábhairne i gceartlár na Gaeltachta) bhí na lipéidí dearthóra le feiscint i ngach áit. B’é an t-ábhar a bhí á plé acu ag an gcúntar ná tithe saoire.

Sea, ambaist, ‘tithe saoire.’ Anois is cuimhin liom go glé nuair a bhíodh sé le maíomh ag daoine go raibh tigín déanta de bhosca Ford thíos i mBun a’ Tabhairne acu. Ansan bhog daoine ar aghaidh go dtí bungalóanna galánta i West Cork. (Ní hionann an ball san agus Iarthar Chorcaí; ainm branda is ea ‘West Cork’ anois cosúil le ‘Kerry Gold’ nó ‘7-up’.) Anois níl tú sa chomhluadar ceart in ao’ chor muna bhfuil tigh saoire agat sa bhFrainnc, nó sa Tuscáin, nó, rogha na coitiantachta is déanaí, cósta Mhuir Dhubh na Bhulgáire. Ní leor ‘árasán’ ar Costa de Sol na Spáinne a thuilleadh mar tá an áit san millte ag an daoscarshlua. Sin é an eochar-fhocal - ‘millte’. Ní phiocann tú áit níos mó mar go bhfuil radharcanna breátha agus fothracha stairiúla le feiscint, nó mar go bhfuil aeráid te tirim bolg le gréine ann. Oh no! ní mór duit áit a aimsiú nach bhfuil loite millte - FÓS.

Sea, tá rás mór domhanda ar siúl, daoine ag sodar chun áiteanna iargúlta a aimsiú sara millfear iad. Bi daoine breá sásta leis na gCanáraigh go dtí gur milleadh na h-oileáin, ansan go dtí Barbados go dtí gur milleadh an pairidís tropaiceach úd. Anois tá triail ar na Seychelles, agus by daid bí cinnte de go gcloisfimid sar i bhfad go bhfuil Ryan-Air chun an ball a oscailt do ghráscar na sráide. Agus n’fheadar cén oileáinín bocht sa Phacific Theas a bheidh ar bharr an liosta le bheith millte ina dhiaidh san.

Tá’s agam, níl ach an t-éad ag dó na geirbe agam, mar níl na h-achmhainní agam chun ‘infheistíocht’ a dhéanamh i dtigh saoire thar lear. Agus canathaobh, mar tá ochtar clainne agam a cheapann nach bhfuil ina n-athair ach cárta plaisteach chun a stíl maireachtála ard-chostasach míchuíosach a íoc.

Táim ar tí pléascadh. Cá bhfuil na diail piollaí? Táim ag dul go dtí an pub chun na néaróga a cheansú.

Focal scoir : Tithe Saoire – nílid saor in ao’ chor. A! Maith dhom.

Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs” - - - Slááán Tamall

FRC