Friday, January 20, 2012

CIONN TSÁILE CIOTRÚNTA

Bhuel seo liom arís tar éis sos fada. Nach mise an blagadóir saothrach treallúsach? Agus cad a mheall thar n-ais mé go dtí gort bán tréigthe seo bhlag an Chetwynder? Is oth liom a rá go bhfuilim buailte go dona fé dheireadh ag galar marfach olltógálach san na nGaeilgeoirí, nó b'fhéidir breoiteacht na bhfoghlaimeoirí ba chirte a rá. Agus cad é go díreach atá ag dó na geirbe agam? ag coimeád ó chodladh sámh brionglóideach na hoíche mé? Faillí an rialtais i leith na ngaeltachtaí (bíodh siúd fíor, breac nó bréagach)? ganntanas leabhar Gaeilge sna scoileanna?' peaca marfach do-mhaite an bhéarlachais?. Ní hea, ach drochchaighdeán na Gaeilge ar chomharthaí poiblí. Anois, ná habair é, tá a fhios agam nach mise an fear ceart chun bheith ag caitheamh na gcloch i lár an tí gloine ghramadaí agus gan aon chlúdach árachais fiú ar an ngrianlann céanna. Is léir óm' chuid scriobálaithe leath-liteartha anseo nach aon ábhar múinteora mise, dhera, is ar éigin a fuaireas pas bunúsach i nGaelinn san árd-teist na deichbhlianta fada siar.


Cúpla geábh a thugas ar cheanncheathrú turasoíreachta chósta an deiscirt le déanaí is cúis le ráig bhreoiteacht na gaeilgeora ionam. Cionn tSáile, príomhbhaile gourmet na hÉireann, dar leo féin, nó "gluttony capital of Ireland" mar a thugann daoine áirithe air. Baile gustalach ardnósach, caladhphort ársa stairiúil, so-luamhanna daorluachmhara ag snámh go sámh sa mhuiríne (cuid acu i lámha NAMA anois, ach sin scéal eile). Ceann des na machairí gailf is daoire sa tír in aice láimhe. Baile cultúrtha le féile ealaíne, cór claisiceach, cumann drámaíochta, cumann staire,agus n'fheadar cad eile. Baile a rug an chraobh leo i gcomórtas na mbailte slachtmhara agus san Entante Florale. Pobalscoil a bhuaigh comórtas na heolaithe óga roinnt uaire. Gaelscoil ann dar ndóigh. Agus mar dhlaoi mhullaigh ar an cáillaíochtaí seo go léir is Baile Oidhreachta oifigiúil é.




Ach cad sa diail a thárla don phobal dea-oillte léannta soifisticiúla ardchultúrtha seo nuair a bhí duine ag teastáil chun a gcuid comharthaí poibli a dhearadh. Féachaigí:






Multose Naofa? ambaist. Nach gceapfá go mbeadh siad in ann ainm Gaelach an naoimh ársa seo a aimsiú in ionad an leagain fhíor-thruaillithe úd. Ní cuimhin liom an t-ainm i gceart, ach rud éigin mar Eilit nó Eiltin é. Tagann Multose ó "Mo elte óg" is cosúil.








Fágaim fúibh féin na botúin a aimsiú. Ach seo ceann ana-mhaith:
N'fheadar cérbh í an Fíona seo, an raibh sí gaolta leis an Multose gallda naofa. Agus cérbh é an fear mistéarach seo:




Is dócha gur "Dún Chathail" a bhí i gceist acu. Bhí Charles Fort ainmnithe i ndiaidh Mhonarc Meidhreach an Reistiréisin, Charles II, nó Séarlais II mar a thug na Gaeil air. Níor chuala riamh fé Rí Cathal II. Ach tá an rí seo nach raibh riamh ann ar chomharthaí costasacha fud fad Chionn tSáile. Chun cur leis an manglam Béailge seo tá na comharthai seo a leanas le feiscint ar aon láthair amháin in aice le príomh-gheata an dúin ársa:








Comhghairdeachas leis an OPW, an t-aon dream a raibh sean-ainm Gaelach an dúin "Rinn Chorráin" acu.


Súil agam gur bhaineabhair taitneamh as an siúlóid oidhreachta gearr seo trí phríomhbhaile neamhliteartha na tíre. An bhfuil a sárú le fáil? Ní dóigh liom é. Fiú amháin i gCathair Chorcaí, mar ar thángadar suas leis an tseoid seo de aistriúchán ar an "English Market" - "Béarla sa Mhargadh" - dáiríre píre.




Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs - - - Slááán Tamall


FRC

Thursday, June 16, 2011

HAPPY GLOOMSDAY?






Ná creidigí gach a léann sibh sna meáin. Níl aon scoilt nua ann i measc lucht eagraithe GLOOMSDAY. Níl baint, páirt ná ról againn leis an dream úd a thugann siad MURPHY HAPPY GLOOMSDAY orthu féin. Níl ach GLOOMSDAY oifigiúil amháin ann agus mise i mbun a eagraithe. Bhí scoilt againn cheana agus is leor san



Oliver Sinjin Fogarty, otairinealaraingeolaí sa CUH agus file amaitéarach a bhunaigh an bhréag-Gloomsday nua. Maíonn sé go raibh an iomarca béim ag GLOOMSDAY ar an ól. Cinnte, nach bhfuil an scéal Useless Eulogies bunaithe ar ragairne óil trí thithe tabhairne Chathair Chorcaí sa bhliain 1904. Bhí ana-dhúil aige i Cork Dry Gin tráth, ach tá Oliver Sin-Gin glan i gcoinne aon saghas alcóil anois ó ghlac sé an phleids agus liostáil le AA. N'fheadar a raibh a fhios ag Grúdlann Murphy gur féile thirim a bhí i gceist nuair a thugadar urraíocht dó. Ach an rud is áiféisí ar fad is ea an mana agus an bheannacht "Happy Gloomsday". Ní luíonn na focail 'happy' agus 'gloom' ró-chompórdach le chéile in aon teanga.


Ach bíodh aige, is cuma sa diail liom. Beimidne ag tosnú ar an bpubchrál ar a hocht anocht sa Hi-Bi (má ligfear isteach sinn) Fáilte roimh cách, éadaí Éadbhardacha má tá siad agaibh. Ní mór dreach duairc dorcha a bheith ar gach éinne.


Dar ndóigh tá a agenda rúnda féin ag an bhFógartach. Tá cloch sa mhuinchille aige domsa le blianta fada. B'eisean a chéadchum an dán úd - "The Cart". Mise a dhein aistriúchán Gaeilge air le haghaidh amhráin leis an Gormachaí Míshásta Delta Blues Band. Cuireadh ar an gcuraclam é fén ainm "Cartagena" agus tugadh m'ainmse mar an té a chum- Ní raibh aon tagairt ann do Oliver Sinjin bocht. B'fhéidir gur cuimhin libh é, b'é an chéad líne ná "Tháinig cairt ó Chartagéna"






Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall



FRC

Friday, May 20, 2011

Céad Míle Fáilte







A Bhanríon, a chroi,



Céad Fáilte go dtí



Daonphoblacht Chorcaí,



Ar bhruach glas na Laoi.



Tuesday, March 08, 2011

Lá Idirnáisiúnta na bPancóg




Lá Idirnáisiúnta na mBan Sona dhaoibh, a Mhná uilig na Blagtachta

ACH CÁ BHFUIL NA PANCÓGA?




Dhá fhéile ag teacht salach ar a chéile. Féile thraidisiúnta theolaí shólásach na Críostaíochta agus ceiliúradh réabhlóideach scáfar lucht dó na gcíochbheart. Mo bhean a rá nach bhfuil an t-am inniu aici tabhairt faoi na pancóga mar go bhfuil sí ag freastal ar aifreann speisíalta i gcomhair na mban. Cad atá ag titim amach in aon chor i saol na hEaglaise, ba chóir dóibh a bheith ag moladh dos na mnáibh fanúint sa bhaile chun aire a thabhairt dos na fearaibh.

Níl saoirse na mban ag teastáil sa tigh seo, táim a rá leat, mar is ag mo phairtí Ethyl atá an chumhacht go léir. Deachtóir cruthanta de bhean rialta a cheapann gur leor deich nóimeat ar fhleasc a droma uair sa mhí chun a dualgaisí pósta a chomhlíonadh. Níl ionamsa ach DIYeoir chun sconnaí atá ag sceitheadh a dheisiú, chun bolgáin a mhalartú agus chun an phlásóg a bhearradh. Táim go huile is go hiomlán féna smacht, féna cois, féna hordóig, féna hordú. Sé an dála céanna ag na cailíní, ní chíonn siad ina n-athair ach cárta plaisteach chun díol as a n-ardstíl marachtála agus tiománaí taicsí chun iad a thabhairt abhaile ó phub is ó chlub..

Dheineas roinnt pancóg dom fhéinig. Ní rabhadar thar moladh beirte, chun an fhírinne a rá, Ach nuair a steallas roinnt seiríse orthu in ionaid síoróipe, ní rabhadar ró-dhona.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slán Tamall

FRC

Wednesday, December 22, 2010

Crann Nollag




“No way!

Dhiúltaíos scun scan dó gan leisce ar bith.

“Sin é mo jabsa, ná fuilim ag cur an crann suas gach bliain ó bhíobhair in bhur gcuid clúidíní.”

Bhíos - is gan mhórán baochais ó éinne – Ethyl ag clamhsán gach bliain gur fhágas níos mó bruis agus salachair timpeall an tseomra ná mar a d’fhágfadh foireann tógálaithe tar éis an simné a dheisiú.

Jonathan a bhí ag tairiscint lámh chúnta leis na maisiúcháin. Jonathan (nó Seánán mar a thugann sé air féin agus é i mbun gaeilgeoireachta) an mac aerach.

“Á! Fadhb ar bith” ar seisean, “cuirfidh mé ceann eile san halla, bíonn dhá nó trí chinn in ana-chuid tithe sa lá atá inniu ann. Ba bhreá liom dearadh comhaimseartha a thriáil”

“Comhaimseartha ambaist?” arsa mise, “níl aon spás ann aimsir na Nollag do rudaí nua-aimseartha, féile thraidisiúnta amach is amach is ea í.”

Dar ndóigh, lean comhrá fada fadálach tuirsiúil ar cé chomh fíor-thraidisiúnta nó bréag-stairiúil is atá nósanna na hAidbhinte.

Ansan luíos isteach ar an obair – ag tomhas, is ag dian-scrúdú, is ag roghnú, is ag sacadh isteach sa bhút, is ag trimeáil agus (an jab is deacra ar fad) ag caitheamh dhá uair a chloig ag iarraidh an diail crann a chuir ina sheasamh ceart díreach. Anois na soilsí, thanamandiail, na sreanganna a dhí-achrannú, na bolgáin chaite a athrú. Bhíos ag seasamh siar le breathnú ar an dea-obair chríochnaithe nuair a bhuail Jocelynne an doras isteach. Jocelynn, nó Lynn mar a thugann sí ar féin anois, an t-aon bhall dem ochtar áill a bhíonn cúpla nóimeat le sparáil aici chun caint lena Daid anois is arís.

“Ó! A Dhaid!” tón doicheallach mí-shona ar a beola.

Cad atá céarr? A dh’fhiafraíos di.

“Na soilsí?, cé mhéad seiteanna atá agat ansan.”

“Arra! Níl ann ach trí chinn. Dá mhéid is ea is fearr”

“Agus tusa a bhí ag gearán fén seó gáiréadach a chuir Clifden suas ar an díon roinnt blianta ó shin. Féach nílid ag maitseáil – tá na dáthanna ag claiseáil lena chéile. Agus na maisiúcháin ghránna sean-chaite san, ba chóir duit iad a chaitheamh sa bhrúscar i dteannta an tinsel. Níor fhaca mé tinsel in aon bhall le blianta ach amháin sa tigh seo. Ní féidir an crann bocht féin a fheiscint in ao’ chor leis an ualach mór de ghuirléidí gáifeacha graosta atá á iompar aige.”

Huh! A leithéid de shotal. Nílid go léir sean-chaite. Ceannaím cinn nua gach Nollaig agus cuirim leis na seana-lads iad.

“Féach ar seo” arsa mise léí, ag baint maisiúchán ón gcrann, seana-cháirrín gan rotha, “fuaireas é seo sa stoca nollag agus mé im’ gharsún óg.” Ní rabhas in ann an tocht a cheansú. “Taispeántas ar na Nollaigí atá caite atá sa chrann seo.”

“Agus nár chuala an scéal céanna uait gach Nollaig ó bhí mise im’ ghearrchaile óg” ar sise.

Á! Ní thuigeann an t-aos óg fíor-spioraid na féile a thuilleadh.



Bhuel, a léithéid de ‘Úúúaanna’ is Áááánna’ os na cuairteoirí, nuair a chonacadar an crann, níor chualaís riamh.

Ó! “Tá sé taibhseach” “An samhlaíocht chruthaíoch” “Saothar ealaíne uathúil” agus mar sin de.

Faraoir ní hé mo chrannsa a bhí i gceist ach an ceann a chuir Jonathan sa halla. Ní thuigim cad a chonacadar ann mar ba chosúla le tor aitinn searg feoite é ná le cóiniféar síorghlas. Cuma lom fuar truacánta ar an gcóiriú. Soilsí liathghorma galracha. Agus na maisiúcháin – is ar éigin a bhíodar ann in ao’ chor. Póiríní suaracha gan dealramh, iad ar aon dath – liathbhán. Thanamandiail! Liathbhán? – tá Oíche Shamhna thart, caithfidh dearg a bheith ann le haghaidh na Nollag.

“Dá gainne is ea is fearr” a dúirt Jonathan, nuair a chuireas ceist air fés na maisiúcháin. “Tá mé ar tóir íomhá íostaigh

Ach nuair a shroich na daoine an seomra suí cad a bhí le rá acu. “Uuum! Tá an crann san....aaam go deas” “Tá sé....tá sé dathach” “Is cosúil gur chaithis go leor ama ar an gcóiriú”

Á! Is cuma sa tsioc liom, tagann Nollaigí agus imíonn siad. Táim i bhfolach istigh im’ oifigín cluathar anois ag surfáil liom ar dtonnta mór-leathana an idirlín. Mar is eagal liom, má chloisfidh mé cuairteoir amháin eile sa halla ag caint ar ‘shaothar ealaíne’, go gcaithfidh mé amach an doras é agus an saothar taibhseach uathúil de thor aitinn ina dhiaidh.

Bah Humbug, mar a déarfadh fear na gaeltachta.

Uainn go léir anseo in #37 Chetwynde Downs - - - Slááán Tamall

FRC

Tuesday, October 12, 2010

Lá na Nice Names



N’fheadar sa diail cén fáth go bhfuil sé ag dó na geirbe agam fós. Tá roinnt seachtainí thart agus tuigim go bhfuil a lán fadhbanna i bhfad níos tromchúisí sa tír fé láthair. Ach fós féin laidhc, táim ag díol as mo cheadúnas teilifíse agus tá chuid den cháin céanna ag dul cruinn díreach isteach i bpócaí teanna láithreoirí raidio is iad ag spalpadh fógraíochta saor in aisce ar son mhórchomhlacht ilnaisiúnta Diageo lena dtagairtí do ‘Arthurs Day’.


“Hope you’re enjoying Arthur’s Day” – “Isn’t it wonderful to have such fine weather on Arthur’s Day” – “And what are you doing on Arthur’s Day” agus a leithéid. Baoth-cheiliúradh ar bhréag-fhéile. Déarfainn nach raibh feachtas fograíochta níos rathúla ó aimsir fhógraí Jacob’s Figrolls (how do they put the figs?) blianta fada ó shin.

Sea, tá Féile Pháidí an Stáitse ann ar 17 Márta chun séasúr na turasóireachta a sheoladh agus ar 23 Meán Fómhair, Féile Pháidí an Pótaire chun clabhsúr a chuir leis.


Cuireann an chraic seo ar fad ag smaoineamh mé, an bhfuil gá i ndáiríribh le Lá le Pádraig in aon chor a thuilleadh? Chuala moltaí ó pholaiteoirí áirithe gur chóir an fhéile a bhogadh go lár an tsamhraidh chun go mbeadh níos mó seans ann aimsir chineálta a fháil. Ach b’fhéidir nár mhiste féile náisiúnta nua ar fad a bhunú. An bhfuil féile bunaithe ar fhinscéalta fé Bhriotanach a tháinig anall chugainn san anallód chun creideamh nua ón meán-oirthear a chrabhscaoileadh inár measc – an bhfuil feistiabhal mar sin oiriúnach do Éire an lae inniu. Tír agus sochaí iar-Chríostaí, iar-chléireach, iar-náisiúnach, iar-ghaelach, iar-thradaisiúnta, iar-dhevalerach, , iar-phrátaíoch, iar-cháibíneach, iar-thíogarach, agus iar- pé rud in aon chor ar mhian libh a bheith curtha siar. Nach bhfuilimid ‘fásta suas’ anois, ‘tagtha in inmhe’ mar phobal. Nach bhfuil laincisí troma na staire agus cúng-shrianta victeoireacha na Vatacáine scaoilte caite dínn agus curtha ar taispeáint in ionad oidhreachta éigin. Ach cén duine a roghnóimis dár bhféile úr in ionad aspal na trídhuilleoige. Bono? Gaybo? Bertie? – arra no, níl siadsan ar shlí na fírinne fós. Ina theannta san ní bheadh mar thoradh ar chruacheist mar seo ach argóint, achrann, easaontas agus eascainí, mar sin is é an moladh a thabhairfinnse ná ainm a phiocadh ach gan aon duine fé leith taobh thiar den ainm céanna.

Le glúin nó dhó anuas bíonn sé de nós ag tuistí na tíre seo nice names a roghnú dá gcuid páistí. Bíonn gnéithe fé leith ag baint leis na nice names seo, nílid tradaisiúnta, ná Gaelach agus ní rabhadar in úsáid ag a sínsir riamh roimhe sin. ‘Sé ceann des na nice names seo a léireodh go paiteanta Éire nua-aimseartha neamh-Éireannach na milaoise seo. “Lá ‘le Zoë” – “Lá ‘le Zara” – “Lá le Zac” – “Happy Darren Day” – “Have a Wayne Day” - "Kiss me I'm Chloe". Nó b’fhéidir gur chóir dúinn aitheantas a thabhairt dár ngaolta poncánacha ar an taobh thall den aigéan le ceann des na ainmneacha bréag-Éireannacha atá coitianta anseo anois – Katelynn Day, Alannah Day, Ryan Day, tá flúirse ann. D’fhéadfaimis ainm éagsúil a roghnú gach 5 bliana de réir mar a thiocfadh ainm úr i bhfaisean, ainm mná i ndiaidh ainm fir agus mar sin de. D’fhéadfaimís “Féile na Nice Names” a úsáid mar théarma clúdaigh don lá féin.

Dar ndóigh ní gá deireadh a chuir le sean-Lá ‘le Páidí ar fad. D’fhéadfaimis é a úsáid dála na sea-laethanta mar áis mhargaíochta chun na turasóirí a mhealladh inár dtreo. Agus is dócha go marfaidh líon beag Críostaithe leis ar an oileán go ceann tamaill eile.

Á! bhuel, níl ann ach smaoineamh.......

Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs” - - - Slááán Tamall

FRC

Saturday, September 18, 2010

Ainmneacha Áiféiseacha

Bhíos ag éisteacht le Joe Duffy (clár radio) an lá fé dheireadh. Bhí máthair ag tabhairt amach faoi “Arthur’s Day” a bheith á cheiliúradh ar laethanta éagsúla gach bliain. Saolaíodh mac di anuraidh ar “Arthur’s Day” is baisteadh an créatúirín mí-ámhárach ‘Arthur Gregory' i ndiaidh bribhéir na hochtú aoise déag. Bhí Joe ag iarraidh a chuir in iúl di nach raibh aon Arthur’s Day sa bhféilire – nach raibh ann ach cleas cliste margaíochta chun níos mó den stuif dubh a dhíol. Anois bheifeá ag súil lena leithéid de fhastaoim ó ghael-phoncán simplí saonta soineanta ach ba Éireannach ó dhúchas í an bhean seo. Chuir an scéal san i gcuimhne dhom an slí inar bhaisteadh m’aon gharmhac amháin; Jack, mac lem' iníon Daphne agus Seánie 'Tattoo' Fogarty


Seo tuairisc daoibh os na cartlanna a phostálas ar dtúis ar chlár plé Cumasc nó b’fhéidir clár plé Beo blianta o shin – nílim cinnte cé acu.


“Manamandiail, a leithéid de ualach cruálach a chur ar leanbán neamhurchóideach agus é ag tosnú amach ar chosán casta creigeach an tsaoil seo. “jAc Cloudburst Bartholomew” (sic) a thugadar ar mo chéad gharmhac. Is cosúil nár smaoiníodar ar rudaí praicticiúla mar líonadh foirmeacha. Dúirt Jocelynn liom (Jocelynn; an t-aon ball den ochtar clainne a bhíonn in ann cúpla nóimeat a sparáil chun cómhrá liom uair sa tseachtain) dúirt sí liom go raibh siombalachas rómánsiúil éigin ag baint leis an ainm “Cloudburst” agus le giniúint an bhéibí. De réir dealraimh bhí an bheirt ábhar tuistí amuigh ag spaisteoireacht lá nuair a d’oscail na spéartha go h-obann agus chuadar ar foscadh i sean-bhothán tréigthe ón díle bháistí. Ansan . . . bhuel, ní mhaith liom smaoineamh air. B’fhéidir go mba chóir dóibh “Rubberburst” a úsáid in áit Cloudburst. Cad mar gheall ar na módhanna éagsúla frithghiniúna agus an bholscaireacht leanúnach fúthu?. Níl daoine chomh teoranta anois agus a bhíomarna le linn ré dhorcha na h-aontumhachta éigeantaí.


Tháinig an t-ainm Bartholomew ón seanathair ar thaobh an athar. Ní smaoineoidís ar an seanathair ar thaobh na máthar, ó no!, ach ar Batt “Stróiceáil” Fogarty, fear a raibh clú an phóitseálaí air riamh. Ba mhinic a cheannaíos bradán breá uaidh sara truaillíodh Abha na Baoise (Owenabweesh), an abhainn áitiúil. N’fheadar an raibh aon phost ceart riamh aige. Bhíodh sé le feiscint ag síor-taisteal siar aniar idir an pub agus an geallghlacadóir, faig ar sileadh óna bhéal. Bhí cáil air mar fhear a bhí fíor-ábalta buaiteóirí a phiocadh sna rásaí capall. Ba mhinic a bhfuaireas fhéin leid fhiúntach uaidh sara liostáileas le Gamblers’ Anonymous (scéal eile, ní chreidfeá é). Ní raibh uaidh mar chúiteamh as na buaiteóirí úd ach cúpla piontaí agus paicéad Players. Ni chuimhin liom anois arbh é an chiróis nó an ailse scamhogá a chuir san uaigh sa deireadh é agus gan fiú an leath-chéad sroiste aige. Go ndéana Dia trócaire air. Ní raibh fhios agam ag an am go mbeadh gaol idir mise agus a chlann lá éigin.


Ach d’ainneoin nach bhfuil m’ainm fhéinig ar “jAc”, mo gharmhac, tá mo shúile le feiscint ina aghaidh agus is álainn ar fad an leanbh é. B’fhéidir go mbeidh féith an cheoil agus na scríbhneoireachta aige chomh maith. Cá bhfios?”


Sin deireadh an taifid. Tháinig ciall ar na tuistí nuair a thosnaigh Jack ar scoil agus sin é an litriú a úsáideann siad anois baochas le Dia. Agus tá bua an cheoil aige chomh maith gan aon agó.



Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán tamall



FRC