Saturday, September 18, 2010

Ainmneacha Áiféiseacha

Bhíos ag éisteacht le Joe Duffy (clár radio) an lá fé dheireadh. Bhí máthair ag tabhairt amach faoi “Arthur’s Day” a bheith á cheiliúradh ar laethanta éagsúla gach bliain. Saolaíodh mac di anuraidh ar “Arthur’s Day” is baisteadh an créatúirín mí-ámhárach ‘Arthur Gregory' i ndiaidh bribhéir na hochtú aoise déag. Bhí Joe ag iarraidh a chuir in iúl di nach raibh aon Arthur’s Day sa bhféilire – nach raibh ann ach cleas cliste margaíochta chun níos mó den stuif dubh a dhíol. Anois bheifeá ag súil lena leithéid de fhastaoim ó ghael-phoncán simplí saonta soineanta ach ba Éireannach ó dhúchas í an bhean seo. Chuir an scéal san i gcuimhne dhom an slí inar bhaisteadh m’aon gharmhac amháin; Jack, mac lem' iníon Daphne agus Seánie 'Tattoo' Fogarty


Seo tuairisc daoibh os na cartlanna a phostálas ar dtúis ar chlár plé Cumasc nó b’fhéidir clár plé Beo blianta o shin – nílim cinnte cé acu.


“Manamandiail, a leithéid de ualach cruálach a chur ar leanbán neamhurchóideach agus é ag tosnú amach ar chosán casta creigeach an tsaoil seo. “jAc Cloudburst Bartholomew” (sic) a thugadar ar mo chéad gharmhac. Is cosúil nár smaoiníodar ar rudaí praicticiúla mar líonadh foirmeacha. Dúirt Jocelynn liom (Jocelynn; an t-aon ball den ochtar clainne a bhíonn in ann cúpla nóimeat a sparáil chun cómhrá liom uair sa tseachtain) dúirt sí liom go raibh siombalachas rómánsiúil éigin ag baint leis an ainm “Cloudburst” agus le giniúint an bhéibí. De réir dealraimh bhí an bheirt ábhar tuistí amuigh ag spaisteoireacht lá nuair a d’oscail na spéartha go h-obann agus chuadar ar foscadh i sean-bhothán tréigthe ón díle bháistí. Ansan . . . bhuel, ní mhaith liom smaoineamh air. B’fhéidir go mba chóir dóibh “Rubberburst” a úsáid in áit Cloudburst. Cad mar gheall ar na módhanna éagsúla frithghiniúna agus an bholscaireacht leanúnach fúthu?. Níl daoine chomh teoranta anois agus a bhíomarna le linn ré dhorcha na h-aontumhachta éigeantaí.


Tháinig an t-ainm Bartholomew ón seanathair ar thaobh an athar. Ní smaoineoidís ar an seanathair ar thaobh na máthar, ó no!, ach ar Batt “Stróiceáil” Fogarty, fear a raibh clú an phóitseálaí air riamh. Ba mhinic a cheannaíos bradán breá uaidh sara truaillíodh Abha na Baoise (Owenabweesh), an abhainn áitiúil. N’fheadar an raibh aon phost ceart riamh aige. Bhíodh sé le feiscint ag síor-taisteal siar aniar idir an pub agus an geallghlacadóir, faig ar sileadh óna bhéal. Bhí cáil air mar fhear a bhí fíor-ábalta buaiteóirí a phiocadh sna rásaí capall. Ba mhinic a bhfuaireas fhéin leid fhiúntach uaidh sara liostáileas le Gamblers’ Anonymous (scéal eile, ní chreidfeá é). Ní raibh uaidh mar chúiteamh as na buaiteóirí úd ach cúpla piontaí agus paicéad Players. Ni chuimhin liom anois arbh é an chiróis nó an ailse scamhogá a chuir san uaigh sa deireadh é agus gan fiú an leath-chéad sroiste aige. Go ndéana Dia trócaire air. Ní raibh fhios agam ag an am go mbeadh gaol idir mise agus a chlann lá éigin.


Ach d’ainneoin nach bhfuil m’ainm fhéinig ar “jAc”, mo gharmhac, tá mo shúile le feiscint ina aghaidh agus is álainn ar fad an leanbh é. B’fhéidir go mbeidh féith an cheoil agus na scríbhneoireachta aige chomh maith. Cá bhfios?”


Sin deireadh an taifid. Tháinig ciall ar na tuistí nuair a thosnaigh Jack ar scoil agus sin é an litriú a úsáideann siad anois baochas le Dia. Agus tá bua an cheoil aige chomh maith gan aon agó.



Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán tamall



FRC

Wednesday, September 15, 2010

Cabhair Idirlín




Cócaire breá is ea Jocelynn. (Jocelynn nó Lynn mar a thugann sí uirthi féin anois. An t-aon bhall dem’ ochtar clainne a bhíonn cúpla nóimeat le sparáil aici chun caint lena hathair anois is arís)


“Ar mh’anam ach go bhfuil an mhias seo oiriúnach do mhac an rí mar bhéile” arsa mise nuair a bhlaiseas an phióg a bhí cócaireáilte ag Jocelynn dúinn, “cá bhfuairis an t-oideas”


“Is iontach go deo an áis é an t-idirlíon” d’fhreagair sí “ní gá bheith ag útamáil trí leabhair cócaireachta níos mó, fuaireas é ar bhlag dar teideal ‘Grá faoi gruaim’.

“Nach ait san” arsa mise “níl an gréasán chomh olmhór san i ndeireadh na dála. Ná fuilimse ag leanúint an tsuímh cheannann chéanna. Ana-bhlag is ea é.”

“Ia sú” a bheannaigh Charles dúinn ar a theacht isteach sa chistin dó. (Charles; “call me Charles, I don’t fancy Charlie” – eisean)

“Níl san ceart” d’fhreagair mise.

“Tá go deimhin” arsa Charles, “ciallaíonn sé ‘hello’ sa Ghréigis”

Tá Charles díreach thar n-ais ó saoire sa Ghréig agus a phluc teann le nathanna óna dteanga siúd.

“Ní chiallaíonn” arsa mise.

D’fhéach sé go nimhneach orm.

“Nár fhoghlaimíos go díreach é, ó iascaire i dtaverna cois cuan ar oileán Patmos” ar seisean.

“Bhuel” arsa mise, “is dócha gur cheap sé gur Sasanach aonteangach gan léann ab ea thú más ea. Tá uatha agus iolra sa teanga úd mar atá sa Ghaolainn s’againne. Amhail ‘Dia dhuit / dhaoibh’ - ‘ia sú’ do dhuine amháin; ‘ia sas’ nuair atá níos mó ná duine amháin ann. Agus tá beirt againn suite chun boird anseo, díreach os do chomhair amach, más chruinn mo chomhaireamh”

“Agus ina theannta san” do leanas orm “ má thagann duine i láthair comhluadar atá suite chun béile ‘sé a deir na Gréigigh ná: ‘Kalí orexí’ nó mar a déarfadh fear na gaeltachta; ‘bon appetit’. Níl a leithéid de bheannacht i dteanga ársa ár sinsir mar nár shroich sibhialtacht chlasaiceach na Héilléineach chomh fada leis na críocha báite iargúlta seo riamh.”

Ó nach tusa atá ana-smairteáilte ar fad” ar seisean, bhuail roinnt jalousie ar a phláta agus d’imigh leis amach ag plabadh an doras ina dhiaidh.

Níor thúisce an doras dúnta ná thosnaigh Jocelynn ag gabháil dom.

“Ó a Dhaid, ní raibh aon ghá le sin. ‘Sé do chéadmhac é agus bíonn tú i gcónaí ag iarraidh é a bhrú fé chois.”

“Há! ní féidir leis an mboicín sin an dullamallóg a chuir ormsa lena chúpla focal a leath-fhoghlaim sé ó chúl a Lonely Planet.”

“Arra, ní raibh aon dochar ann, ar sise, “agus ní raibh a fhios agam go raibh Gréigis ar do thoil agat.”

“Bíodh a fhios agat” arsa mise, “gur fear ilchultúrtha, ilteangach atá agat mar athair”

“Cé tá ag dullamallógaíocht anois”, ar sise, thóg a pláta ina glaic agus d’imigh léí amach ag fágaint an dóras ar oscailt ina diaidh.

“Sceach sa bhearna” a ghlaoch mise ina diaidh, “nó an é ná fuil aon doirse agaibh sna tigíní thall i Negative Equity Mews?”

Bíonn an focal scoir ag Míshásta i gcónaí.

Bhíos fágtha im’ aonair. Toisc nach raibh éinne ann chun an buidéal fíona a roinnt leis, chríochnaíos é liom féin. Réitigh sé go seoidh leis an jalousie.

Dála an scéil, níor leagas cos ar fhód thír Hóiméir riamh ach nuair a chuala Charles ag spealladh a chuid Gréigise chuas i mbun gúglála ar an teanga úd ar an toirt.

Is iontach an áis é an t-idirlíon mar a deir Jocelynn.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC


Sunday, September 05, 2010

Cuireadh Bainise

Nílim ag dul aon áit. Nílim chun bogadh ón tigh seo. Agus sin a bhfuil de. Tá an chos curtha go docht daingean i bhfeac agam agus níl an ghéag san ag dul thar tairseach amach gan bheith ag smaoineamh fiú ar é a leagan ar aerstaighre suas chun an eitleáin.

“Ba mhór ag Martin agus Dolores O’Rourke
cuireadh a thabhairt do Charles P. agus Ethyl Watson
a bheith i láthair
ag pósadh a n-íníon Sarah le Donncha Walsh
ag Séipéal Naomh Eoin, Nassau, Bahamas” - agus mar sin de.

Na Bahámaigh? manamandiail! Cad chuige an flosc seo sa lá atá inniu ann chun taisteal thar bóchna anonn go dtí oileáin iargúlta i bhfad fad i gcéin chun cuing throm an phósta a ghlacadh. Agus sinn i gcroí-lár an spealta is measa a bhí againn ó Chliseadh Wall Street. Ach deir Ethyl go gcaithfimid dul agus níl aon dul as – bhuel tá lánchead taistil ina aonair aici más é sin atá uaithi.

Anois ar eagla na míthuiscine, freastalaimid, mise agus mo bhean, ar phóstái, céad chomaoinigh, agus bar mitzvanna lé chéile go rialta gan aon fhadhb. Cé go mbíonn Ethyl ag gabháilt dom gan a bheith ag ól an iomarca ar eagla go ndéanfainn seo bóthair dínn. Arra, a dhuine chóir, cad chuige bainnis muna mbíonn tú in ann sláinte na lanúine nuáphósta a ól, nó canathobh tórramh ach chun anam an té atá fén gclár a sheoladh lom-díreach go dtí geata péarlacha na flaithise le blaisín biotáille. Ach ní mór dom admháil gur chuaigh mé beagainín thar fóir anuraidh ag bainis amháin nuair a fhanas ann le h-aghaidh disceo an aosa óig agus ........ Scéal eile - ní chreidfeá é.

Ach ‘sé an nós atá ann nuair a théann daoine thar sáile chuig pósadh ná go ndéantar saoire iomlán den aistear. Agus is ansan atá an fhadhb, is leór deireadh seachtaine i seomra óstáin le Ethyl - ach seachtain nó deich lá ar fad? “Oh c’mon” mar a déarfadh fear na Gaeltachta. Ní bheadh aon rud ag déanamh tinnis di ach cá mbeadh aifreann laethúil le fáil nó an raibh aon suíomhanna oilithreachta sa cheantar. Bheadh sé ina scliúchas-múchas agus ina haidh-tailí-hó eadrainn sar i bhfad táim a rá leat.

.


Ach ó ochón, nár bhrea liom bheith thall sa Bhahámaí im’ aonair, gan cháin, cíos ná morgáiste dom’ bhuaireadh. Mise sínte cois linne, daiquiri maisithe le liomón im’ ghlac Banna ceoil Soca sa chúlra ag beilteáil teo-rithimí na Cairíbe amach. Mise le mo spéaclaí dorcha dearthóra (a leithéid de cool) ag baint lán mo shúl de choirp dhea-chumtha, dheas-chuartha, caol-choimeacha, fhad-chosacha, ghrian-tanáilte, gléasta i sreang-bhicínithe. Úúúúfff!

Ach faraoir táim gafa anseo im’oifigín in uimhir 37 Chetwynde Downs ar lá gruama dorcha salach - an fhearthainn bhog liath thar n-ais arís agus gan de mhodh taistil agam ach an scáileán geal seo os mo chomhair amach chun mé a thabhairt le cúpla cliceanna go dtí deireadh an domhain.

Ach nílim ag dul ar aon scaird-eitleán i dtreo na Cairíbe le Ethyl. Níl na t-uasal le casadh.

Agus sin a bhfuil de.

Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs” - - - Slááán Tamall

FRC