Wednesday, December 22, 2010

Crann Nollag




“No way!

Dhiúltaíos scun scan dó gan leisce ar bith.

“Sin é mo jabsa, ná fuilim ag cur an crann suas gach bliain ó bhíobhair in bhur gcuid clúidíní.”

Bhíos - is gan mhórán baochais ó éinne – Ethyl ag clamhsán gach bliain gur fhágas níos mó bruis agus salachair timpeall an tseomra ná mar a d’fhágfadh foireann tógálaithe tar éis an simné a dheisiú.

Jonathan a bhí ag tairiscint lámh chúnta leis na maisiúcháin. Jonathan (nó Seánán mar a thugann sé air féin agus é i mbun gaeilgeoireachta) an mac aerach.

“Á! Fadhb ar bith” ar seisean, “cuirfidh mé ceann eile san halla, bíonn dhá nó trí chinn in ana-chuid tithe sa lá atá inniu ann. Ba bhreá liom dearadh comhaimseartha a thriáil”

“Comhaimseartha ambaist?” arsa mise, “níl aon spás ann aimsir na Nollag do rudaí nua-aimseartha, féile thraidisiúnta amach is amach is ea í.”

Dar ndóigh, lean comhrá fada fadálach tuirsiúil ar cé chomh fíor-thraidisiúnta nó bréag-stairiúil is atá nósanna na hAidbhinte.

Ansan luíos isteach ar an obair – ag tomhas, is ag dian-scrúdú, is ag roghnú, is ag sacadh isteach sa bhút, is ag trimeáil agus (an jab is deacra ar fad) ag caitheamh dhá uair a chloig ag iarraidh an diail crann a chuir ina sheasamh ceart díreach. Anois na soilsí, thanamandiail, na sreanganna a dhí-achrannú, na bolgáin chaite a athrú. Bhíos ag seasamh siar le breathnú ar an dea-obair chríochnaithe nuair a bhuail Jocelynne an doras isteach. Jocelynn, nó Lynn mar a thugann sí ar féin anois, an t-aon bhall dem ochtar áill a bhíonn cúpla nóimeat le sparáil aici chun caint lena Daid anois is arís.

“Ó! A Dhaid!” tón doicheallach mí-shona ar a beola.

Cad atá céarr? A dh’fhiafraíos di.

“Na soilsí?, cé mhéad seiteanna atá agat ansan.”

“Arra! Níl ann ach trí chinn. Dá mhéid is ea is fearr”

“Agus tusa a bhí ag gearán fén seó gáiréadach a chuir Clifden suas ar an díon roinnt blianta ó shin. Féach nílid ag maitseáil – tá na dáthanna ag claiseáil lena chéile. Agus na maisiúcháin ghránna sean-chaite san, ba chóir duit iad a chaitheamh sa bhrúscar i dteannta an tinsel. Níor fhaca mé tinsel in aon bhall le blianta ach amháin sa tigh seo. Ní féidir an crann bocht féin a fheiscint in ao’ chor leis an ualach mór de ghuirléidí gáifeacha graosta atá á iompar aige.”

Huh! A leithéid de shotal. Nílid go léir sean-chaite. Ceannaím cinn nua gach Nollaig agus cuirim leis na seana-lads iad.

“Féach ar seo” arsa mise léí, ag baint maisiúchán ón gcrann, seana-cháirrín gan rotha, “fuaireas é seo sa stoca nollag agus mé im’ gharsún óg.” Ní rabhas in ann an tocht a cheansú. “Taispeántas ar na Nollaigí atá caite atá sa chrann seo.”

“Agus nár chuala an scéal céanna uait gach Nollaig ó bhí mise im’ ghearrchaile óg” ar sise.

Á! Ní thuigeann an t-aos óg fíor-spioraid na féile a thuilleadh.



Bhuel, a léithéid de ‘Úúúaanna’ is Áááánna’ os na cuairteoirí, nuair a chonacadar an crann, níor chualaís riamh.

Ó! “Tá sé taibhseach” “An samhlaíocht chruthaíoch” “Saothar ealaíne uathúil” agus mar sin de.

Faraoir ní hé mo chrannsa a bhí i gceist ach an ceann a chuir Jonathan sa halla. Ní thuigim cad a chonacadar ann mar ba chosúla le tor aitinn searg feoite é ná le cóiniféar síorghlas. Cuma lom fuar truacánta ar an gcóiriú. Soilsí liathghorma galracha. Agus na maisiúcháin – is ar éigin a bhíodar ann in ao’ chor. Póiríní suaracha gan dealramh, iad ar aon dath – liathbhán. Thanamandiail! Liathbhán? – tá Oíche Shamhna thart, caithfidh dearg a bheith ann le haghaidh na Nollag.

“Dá gainne is ea is fearr” a dúirt Jonathan, nuair a chuireas ceist air fés na maisiúcháin. “Tá mé ar tóir íomhá íostaigh

Ach nuair a shroich na daoine an seomra suí cad a bhí le rá acu. “Uuum! Tá an crann san....aaam go deas” “Tá sé....tá sé dathach” “Is cosúil gur chaithis go leor ama ar an gcóiriú”

Á! Is cuma sa tsioc liom, tagann Nollaigí agus imíonn siad. Táim i bhfolach istigh im’ oifigín cluathar anois ag surfáil liom ar dtonnta mór-leathana an idirlín. Mar is eagal liom, má chloisfidh mé cuairteoir amháin eile sa halla ag caint ar ‘shaothar ealaíne’, go gcaithfidh mé amach an doras é agus an saothar taibhseach uathúil de thor aitinn ina dhiaidh.

Bah Humbug, mar a déarfadh fear na gaeltachta.

Uainn go léir anseo in #37 Chetwynde Downs - - - Slááán Tamall

FRC

Tuesday, October 12, 2010

Lá na Nice Names



N’fheadar sa diail cén fáth go bhfuil sé ag dó na geirbe agam fós. Tá roinnt seachtainí thart agus tuigim go bhfuil a lán fadhbanna i bhfad níos tromchúisí sa tír fé láthair. Ach fós féin laidhc, táim ag díol as mo cheadúnas teilifíse agus tá chuid den cháin céanna ag dul cruinn díreach isteach i bpócaí teanna láithreoirí raidio is iad ag spalpadh fógraíochta saor in aisce ar son mhórchomhlacht ilnaisiúnta Diageo lena dtagairtí do ‘Arthurs Day’.


“Hope you’re enjoying Arthur’s Day” – “Isn’t it wonderful to have such fine weather on Arthur’s Day” – “And what are you doing on Arthur’s Day” agus a leithéid. Baoth-cheiliúradh ar bhréag-fhéile. Déarfainn nach raibh feachtas fograíochta níos rathúla ó aimsir fhógraí Jacob’s Figrolls (how do they put the figs?) blianta fada ó shin.

Sea, tá Féile Pháidí an Stáitse ann ar 17 Márta chun séasúr na turasóireachta a sheoladh agus ar 23 Meán Fómhair, Féile Pháidí an Pótaire chun clabhsúr a chuir leis.


Cuireann an chraic seo ar fad ag smaoineamh mé, an bhfuil gá i ndáiríribh le Lá le Pádraig in aon chor a thuilleadh? Chuala moltaí ó pholaiteoirí áirithe gur chóir an fhéile a bhogadh go lár an tsamhraidh chun go mbeadh níos mó seans ann aimsir chineálta a fháil. Ach b’fhéidir nár mhiste féile náisiúnta nua ar fad a bhunú. An bhfuil féile bunaithe ar fhinscéalta fé Bhriotanach a tháinig anall chugainn san anallód chun creideamh nua ón meán-oirthear a chrabhscaoileadh inár measc – an bhfuil feistiabhal mar sin oiriúnach do Éire an lae inniu. Tír agus sochaí iar-Chríostaí, iar-chléireach, iar-náisiúnach, iar-ghaelach, iar-thradaisiúnta, iar-dhevalerach, , iar-phrátaíoch, iar-cháibíneach, iar-thíogarach, agus iar- pé rud in aon chor ar mhian libh a bheith curtha siar. Nach bhfuilimid ‘fásta suas’ anois, ‘tagtha in inmhe’ mar phobal. Nach bhfuil laincisí troma na staire agus cúng-shrianta victeoireacha na Vatacáine scaoilte caite dínn agus curtha ar taispeáint in ionad oidhreachta éigin. Ach cén duine a roghnóimis dár bhféile úr in ionad aspal na trídhuilleoige. Bono? Gaybo? Bertie? – arra no, níl siadsan ar shlí na fírinne fós. Ina theannta san ní bheadh mar thoradh ar chruacheist mar seo ach argóint, achrann, easaontas agus eascainí, mar sin is é an moladh a thabhairfinnse ná ainm a phiocadh ach gan aon duine fé leith taobh thiar den ainm céanna.

Le glúin nó dhó anuas bíonn sé de nós ag tuistí na tíre seo nice names a roghnú dá gcuid páistí. Bíonn gnéithe fé leith ag baint leis na nice names seo, nílid tradaisiúnta, ná Gaelach agus ní rabhadar in úsáid ag a sínsir riamh roimhe sin. ‘Sé ceann des na nice names seo a léireodh go paiteanta Éire nua-aimseartha neamh-Éireannach na milaoise seo. “Lá ‘le Zoë” – “Lá ‘le Zara” – “Lá le Zac” – “Happy Darren Day” – “Have a Wayne Day” - "Kiss me I'm Chloe". Nó b’fhéidir gur chóir dúinn aitheantas a thabhairt dár ngaolta poncánacha ar an taobh thall den aigéan le ceann des na ainmneacha bréag-Éireannacha atá coitianta anseo anois – Katelynn Day, Alannah Day, Ryan Day, tá flúirse ann. D’fhéadfaimis ainm éagsúil a roghnú gach 5 bliana de réir mar a thiocfadh ainm úr i bhfaisean, ainm mná i ndiaidh ainm fir agus mar sin de. D’fhéadfaimís “Féile na Nice Names” a úsáid mar théarma clúdaigh don lá féin.

Dar ndóigh ní gá deireadh a chuir le sean-Lá ‘le Páidí ar fad. D’fhéadfaimis é a úsáid dála na sea-laethanta mar áis mhargaíochta chun na turasóirí a mhealladh inár dtreo. Agus is dócha go marfaidh líon beag Críostaithe leis ar an oileán go ceann tamaill eile.

Á! bhuel, níl ann ach smaoineamh.......

Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs” - - - Slááán Tamall

FRC

Saturday, September 18, 2010

Ainmneacha Áiféiseacha

Bhíos ag éisteacht le Joe Duffy (clár radio) an lá fé dheireadh. Bhí máthair ag tabhairt amach faoi “Arthur’s Day” a bheith á cheiliúradh ar laethanta éagsúla gach bliain. Saolaíodh mac di anuraidh ar “Arthur’s Day” is baisteadh an créatúirín mí-ámhárach ‘Arthur Gregory' i ndiaidh bribhéir na hochtú aoise déag. Bhí Joe ag iarraidh a chuir in iúl di nach raibh aon Arthur’s Day sa bhféilire – nach raibh ann ach cleas cliste margaíochta chun níos mó den stuif dubh a dhíol. Anois bheifeá ag súil lena leithéid de fhastaoim ó ghael-phoncán simplí saonta soineanta ach ba Éireannach ó dhúchas í an bhean seo. Chuir an scéal san i gcuimhne dhom an slí inar bhaisteadh m’aon gharmhac amháin; Jack, mac lem' iníon Daphne agus Seánie 'Tattoo' Fogarty


Seo tuairisc daoibh os na cartlanna a phostálas ar dtúis ar chlár plé Cumasc nó b’fhéidir clár plé Beo blianta o shin – nílim cinnte cé acu.


“Manamandiail, a leithéid de ualach cruálach a chur ar leanbán neamhurchóideach agus é ag tosnú amach ar chosán casta creigeach an tsaoil seo. “jAc Cloudburst Bartholomew” (sic) a thugadar ar mo chéad gharmhac. Is cosúil nár smaoiníodar ar rudaí praicticiúla mar líonadh foirmeacha. Dúirt Jocelynn liom (Jocelynn; an t-aon ball den ochtar clainne a bhíonn in ann cúpla nóimeat a sparáil chun cómhrá liom uair sa tseachtain) dúirt sí liom go raibh siombalachas rómánsiúil éigin ag baint leis an ainm “Cloudburst” agus le giniúint an bhéibí. De réir dealraimh bhí an bheirt ábhar tuistí amuigh ag spaisteoireacht lá nuair a d’oscail na spéartha go h-obann agus chuadar ar foscadh i sean-bhothán tréigthe ón díle bháistí. Ansan . . . bhuel, ní mhaith liom smaoineamh air. B’fhéidir go mba chóir dóibh “Rubberburst” a úsáid in áit Cloudburst. Cad mar gheall ar na módhanna éagsúla frithghiniúna agus an bholscaireacht leanúnach fúthu?. Níl daoine chomh teoranta anois agus a bhíomarna le linn ré dhorcha na h-aontumhachta éigeantaí.


Tháinig an t-ainm Bartholomew ón seanathair ar thaobh an athar. Ní smaoineoidís ar an seanathair ar thaobh na máthar, ó no!, ach ar Batt “Stróiceáil” Fogarty, fear a raibh clú an phóitseálaí air riamh. Ba mhinic a cheannaíos bradán breá uaidh sara truaillíodh Abha na Baoise (Owenabweesh), an abhainn áitiúil. N’fheadar an raibh aon phost ceart riamh aige. Bhíodh sé le feiscint ag síor-taisteal siar aniar idir an pub agus an geallghlacadóir, faig ar sileadh óna bhéal. Bhí cáil air mar fhear a bhí fíor-ábalta buaiteóirí a phiocadh sna rásaí capall. Ba mhinic a bhfuaireas fhéin leid fhiúntach uaidh sara liostáileas le Gamblers’ Anonymous (scéal eile, ní chreidfeá é). Ní raibh uaidh mar chúiteamh as na buaiteóirí úd ach cúpla piontaí agus paicéad Players. Ni chuimhin liom anois arbh é an chiróis nó an ailse scamhogá a chuir san uaigh sa deireadh é agus gan fiú an leath-chéad sroiste aige. Go ndéana Dia trócaire air. Ní raibh fhios agam ag an am go mbeadh gaol idir mise agus a chlann lá éigin.


Ach d’ainneoin nach bhfuil m’ainm fhéinig ar “jAc”, mo gharmhac, tá mo shúile le feiscint ina aghaidh agus is álainn ar fad an leanbh é. B’fhéidir go mbeidh féith an cheoil agus na scríbhneoireachta aige chomh maith. Cá bhfios?”


Sin deireadh an taifid. Tháinig ciall ar na tuistí nuair a thosnaigh Jack ar scoil agus sin é an litriú a úsáideann siad anois baochas le Dia. Agus tá bua an cheoil aige chomh maith gan aon agó.



Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán tamall



FRC

Wednesday, September 15, 2010

Cabhair Idirlín




Cócaire breá is ea Jocelynn. (Jocelynn nó Lynn mar a thugann sí uirthi féin anois. An t-aon bhall dem’ ochtar clainne a bhíonn cúpla nóimeat le sparáil aici chun caint lena hathair anois is arís)


“Ar mh’anam ach go bhfuil an mhias seo oiriúnach do mhac an rí mar bhéile” arsa mise nuair a bhlaiseas an phióg a bhí cócaireáilte ag Jocelynn dúinn, “cá bhfuairis an t-oideas”


“Is iontach go deo an áis é an t-idirlíon” d’fhreagair sí “ní gá bheith ag útamáil trí leabhair cócaireachta níos mó, fuaireas é ar bhlag dar teideal ‘Grá faoi gruaim’.

“Nach ait san” arsa mise “níl an gréasán chomh olmhór san i ndeireadh na dála. Ná fuilimse ag leanúint an tsuímh cheannann chéanna. Ana-bhlag is ea é.”

“Ia sú” a bheannaigh Charles dúinn ar a theacht isteach sa chistin dó. (Charles; “call me Charles, I don’t fancy Charlie” – eisean)

“Níl san ceart” d’fhreagair mise.

“Tá go deimhin” arsa Charles, “ciallaíonn sé ‘hello’ sa Ghréigis”

Tá Charles díreach thar n-ais ó saoire sa Ghréig agus a phluc teann le nathanna óna dteanga siúd.

“Ní chiallaíonn” arsa mise.

D’fhéach sé go nimhneach orm.

“Nár fhoghlaimíos go díreach é, ó iascaire i dtaverna cois cuan ar oileán Patmos” ar seisean.

“Bhuel” arsa mise, “is dócha gur cheap sé gur Sasanach aonteangach gan léann ab ea thú más ea. Tá uatha agus iolra sa teanga úd mar atá sa Ghaolainn s’againne. Amhail ‘Dia dhuit / dhaoibh’ - ‘ia sú’ do dhuine amháin; ‘ia sas’ nuair atá níos mó ná duine amháin ann. Agus tá beirt againn suite chun boird anseo, díreach os do chomhair amach, más chruinn mo chomhaireamh”

“Agus ina theannta san” do leanas orm “ má thagann duine i láthair comhluadar atá suite chun béile ‘sé a deir na Gréigigh ná: ‘Kalí orexí’ nó mar a déarfadh fear na gaeltachta; ‘bon appetit’. Níl a leithéid de bheannacht i dteanga ársa ár sinsir mar nár shroich sibhialtacht chlasaiceach na Héilléineach chomh fada leis na críocha báite iargúlta seo riamh.”

Ó nach tusa atá ana-smairteáilte ar fad” ar seisean, bhuail roinnt jalousie ar a phláta agus d’imigh leis amach ag plabadh an doras ina dhiaidh.

Níor thúisce an doras dúnta ná thosnaigh Jocelynn ag gabháil dom.

“Ó a Dhaid, ní raibh aon ghá le sin. ‘Sé do chéadmhac é agus bíonn tú i gcónaí ag iarraidh é a bhrú fé chois.”

“Há! ní féidir leis an mboicín sin an dullamallóg a chuir ormsa lena chúpla focal a leath-fhoghlaim sé ó chúl a Lonely Planet.”

“Arra, ní raibh aon dochar ann, ar sise, “agus ní raibh a fhios agam go raibh Gréigis ar do thoil agat.”

“Bíodh a fhios agat” arsa mise, “gur fear ilchultúrtha, ilteangach atá agat mar athair”

“Cé tá ag dullamallógaíocht anois”, ar sise, thóg a pláta ina glaic agus d’imigh léí amach ag fágaint an dóras ar oscailt ina diaidh.

“Sceach sa bhearna” a ghlaoch mise ina diaidh, “nó an é ná fuil aon doirse agaibh sna tigíní thall i Negative Equity Mews?”

Bíonn an focal scoir ag Míshásta i gcónaí.

Bhíos fágtha im’ aonair. Toisc nach raibh éinne ann chun an buidéal fíona a roinnt leis, chríochnaíos é liom féin. Réitigh sé go seoidh leis an jalousie.

Dála an scéil, níor leagas cos ar fhód thír Hóiméir riamh ach nuair a chuala Charles ag spealladh a chuid Gréigise chuas i mbun gúglála ar an teanga úd ar an toirt.

Is iontach an áis é an t-idirlíon mar a deir Jocelynn.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC


Sunday, September 05, 2010

Cuireadh Bainise

Nílim ag dul aon áit. Nílim chun bogadh ón tigh seo. Agus sin a bhfuil de. Tá an chos curtha go docht daingean i bhfeac agam agus níl an ghéag san ag dul thar tairseach amach gan bheith ag smaoineamh fiú ar é a leagan ar aerstaighre suas chun an eitleáin.

“Ba mhór ag Martin agus Dolores O’Rourke
cuireadh a thabhairt do Charles P. agus Ethyl Watson
a bheith i láthair
ag pósadh a n-íníon Sarah le Donncha Walsh
ag Séipéal Naomh Eoin, Nassau, Bahamas” - agus mar sin de.

Na Bahámaigh? manamandiail! Cad chuige an flosc seo sa lá atá inniu ann chun taisteal thar bóchna anonn go dtí oileáin iargúlta i bhfad fad i gcéin chun cuing throm an phósta a ghlacadh. Agus sinn i gcroí-lár an spealta is measa a bhí againn ó Chliseadh Wall Street. Ach deir Ethyl go gcaithfimid dul agus níl aon dul as – bhuel tá lánchead taistil ina aonair aici más é sin atá uaithi.

Anois ar eagla na míthuiscine, freastalaimid, mise agus mo bhean, ar phóstái, céad chomaoinigh, agus bar mitzvanna lé chéile go rialta gan aon fhadhb. Cé go mbíonn Ethyl ag gabháilt dom gan a bheith ag ól an iomarca ar eagla go ndéanfainn seo bóthair dínn. Arra, a dhuine chóir, cad chuige bainnis muna mbíonn tú in ann sláinte na lanúine nuáphósta a ól, nó canathobh tórramh ach chun anam an té atá fén gclár a sheoladh lom-díreach go dtí geata péarlacha na flaithise le blaisín biotáille. Ach ní mór dom admháil gur chuaigh mé beagainín thar fóir anuraidh ag bainis amháin nuair a fhanas ann le h-aghaidh disceo an aosa óig agus ........ Scéal eile - ní chreidfeá é.

Ach ‘sé an nós atá ann nuair a théann daoine thar sáile chuig pósadh ná go ndéantar saoire iomlán den aistear. Agus is ansan atá an fhadhb, is leór deireadh seachtaine i seomra óstáin le Ethyl - ach seachtain nó deich lá ar fad? “Oh c’mon” mar a déarfadh fear na Gaeltachta. Ní bheadh aon rud ag déanamh tinnis di ach cá mbeadh aifreann laethúil le fáil nó an raibh aon suíomhanna oilithreachta sa cheantar. Bheadh sé ina scliúchas-múchas agus ina haidh-tailí-hó eadrainn sar i bhfad táim a rá leat.

.


Ach ó ochón, nár bhrea liom bheith thall sa Bhahámaí im’ aonair, gan cháin, cíos ná morgáiste dom’ bhuaireadh. Mise sínte cois linne, daiquiri maisithe le liomón im’ ghlac Banna ceoil Soca sa chúlra ag beilteáil teo-rithimí na Cairíbe amach. Mise le mo spéaclaí dorcha dearthóra (a leithéid de cool) ag baint lán mo shúl de choirp dhea-chumtha, dheas-chuartha, caol-choimeacha, fhad-chosacha, ghrian-tanáilte, gléasta i sreang-bhicínithe. Úúúúfff!

Ach faraoir táim gafa anseo im’oifigín in uimhir 37 Chetwynde Downs ar lá gruama dorcha salach - an fhearthainn bhog liath thar n-ais arís agus gan de mhodh taistil agam ach an scáileán geal seo os mo chomhair amach chun mé a thabhairt le cúpla cliceanna go dtí deireadh an domhain.

Ach nílim ag dul ar aon scaird-eitleán i dtreo na Cairíbe le Ethyl. Níl na t-uasal le casadh.

Agus sin a bhfuil de.

Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs” - - - Slááán Tamall

FRC

Wednesday, February 10, 2010

Beannachtaí Vailintín

A Mhná na Cruinne, Beannachtaí Vailintín dhaoibh go léir. Ó chroí-lár mo chroíse tá saighead Chúipid ag eitilt cruinn díreach in bhur dtreo, ag iompar leis dosaen rósanna dearga agus míle póg. Éistigí anois is cloisfidh sibh guitarra de fado ag seinnt lastigh de bhur bhfuinneog. Á! an bhfuil aon ceol ar domhan níos rómánsúla ná an fado? Osclaigí an nasc seo ar dtáb eile is bígí ag éisteacht le linn daoibh bheith ag léamh.


Inniu lá an amour, féile an phaisin dochloíte. A spéirbhruinnill an domhain, go bhfaighe sibh ridire ar chapall bán a thabharfaidh searc grámhar daoibh gach lá de bhur saol. Agus a mhná ná fuil chomh spéiriúil sin a thuilleadh agus a bhfuil bhur bruinnealleacht fágtha in bhur ndiaidh blianta ó shin; ná bac san. Ná bac na roic léarscáileacha agus na ribí airgead-stríoctha, níl aon slí don aoiseachas inniu ann. Fad is atá rithim in bhur cosa, spréach in bhur súile agus speach in bhur gcroí, tabharfaidh Naomh Vailintín aire daoibh. Cuimhnigí go bhfuil seana-bhróg ann le haghaidh gach seana-stóca - agus sinn ag dul in aois níl aon ní níos tábhachtaí ná péire breá compórdach de bhróga stóinsithe.




Anois cuirigí péire bróga daingne oraibh is téanam amach lámh ar lámh ag spaisteoireact fén dtuath. Tá na héin ag cur a gcroí amach le teann áthais ag iarraidh a vailintín féin a mhealladh chuchu - fuadar futhu chun dul i mbun neadaireachta. Tá na plúiríni sneachta dár mbeannú ar an slí, na cróich ag gobadh amach ón bhféar ag tabhairt dúshlán na seaca. Anois tá bruach an aigéin sroichte againn, na tonnta ag bualadh ar na carraigreacha is ag iompar macallaí calypso ar shruth teólaí na murascaille.

Ach tá sé in am againn bheith ag fáil réidh i gcomhair an Bhál Vailintín - éadach foirmiúil ag teastáil dar ndóigh. Ach ar dtúis scaoilimis an corc ón mbuidéal seaimpéin, líonaimis na flútanna agus ólaimis sláinte na mban.

Nach iontach go deo é mar radharc; an halla mór coinneal-lasta, Ceolfhoireann Fiolarmónach Berlin ag soláthar an cheoil. Lanúnacha na staire ag valsáil timpeall an úrláir. Táid go léir ann: Véineas agus Mars, Diarmuid agus Gráinne, Tristan agus Isolde, Abelard agus Eloise, Romeo agus Juliet, Victoria agus Albert, agus Victoria an lae inniu; Victoria agus David, Oscar agus Bosie, Bonnie agus Clyde etc. Anois, brostaigí, raghaimís amach ina dteannta, tá an tango fógraithe.





(Véineas agus Mars le Sandro Boticelli)


Ach faraoir, caithfidh mé slán a fhágáil agaibh sara dtosnóidh seó na tinte ealaíne mar cloisim eochar sa bhfrontdoras. Mo bhean ag filleadh. Bíonn sí ana-amhrasach fén méid ama a chaithim istigh anseo im' oifigín ar an gréasán. Ceapann sí go bhfuil affair idirlín ar siúl agam. Ach sara n-imeod canfaidh mé giota beag de amhrán grá simplí daoibh, dom thionlacain féin ar an aer-ghiotár dílis.

You are my sunshine, my only sunshine
You make me happy when skies are gray
You'll never know dear, how much I love you
Please don't take my sunshine away.






















Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs - - - Slááán Tamall.

FRC

Sunday, February 07, 2010

Bíodh mar a Thiocfaidh

Trí cóipeanna den dhírbheathaisnéis chéanna a bhfuaireas i measc na mbronntanas Nollaig. Is dócha gur cheap na bronntóirí go raibh rud éigin sa scéal a mbeinn ábalta reiléiteáil leis. Agus bhí an cheart acu mar bhí eachtra lárnach sa leabhar úd a spreag cuimhní im' aigne ar chómhrá cinniúnach a bhí agam anseo sa bhaile roinnt blianta ó shin.

Bhí Jonathan (nó Seánán mar a thugann sé air féin nuair a bhíonn sé ag gaeilgeoireacht) sa chéad bhliain in UCC. Bhíomar ag caint mar gheall ar fhear éigin a bhí i mbéal an phobail ag an am nuair a dúirt mé faoi: "Arra, ná fuil an boc úd chomh camógach le Graham Norton. D'fhéach Jonathan go géar orm ar feadh cúpla soiceand sara d'fhreafair sé. Seo mar a lean an comhrá -

Jon: Cad a cheapfá dá ndéarfainn leat go raibh duine 'camógach', do rogha focal, sa tigh seo?

Mí: An bhfuil tú a rá liom go bhfuil ......?

Jon: Táim.

Mí: go bhfuil .... duine .....aaamm?

Jon: Sea, duine aerach.

Mí: Sa teaghlach seo?

Jon: Sin é agat é.

Mí: Há! Bhí a fhios agam.

Jon: Bhí a fhios agat?

Mí: Bhuel, chun na fírinne a rá, ní rabhas cinnte, ach bhíos amhrasach - Charles.

Jon: Charles?

Mí: Sea. Charles. (an mac is sine - "Call me Charles, I don't fancy Charlie" -eisean). Bíonn sé ró-fhearúil, ró-macho. Eisean agus a chuid rugair. Agus an t-obseisiún mífholláin a bhíonn aige i gcúrsaí corpfhorbartha. Agus an t-am go léir a chaitheann sé sa gym ag pumpáil iarainn. Ná fuil fhios againn gurb é an spórtlann príomh- ghnáthóg lucht na n-aerach. Ná bhfaca é ós comhair an scatháin agus é ag fleisceáil na matán. Ná......

Jon: A Dhaid.

Mí: Hu! ní féidir an dullamullóg a chur ar t'athair chomh fuirist sin, baidhe.

Jon: A Dhaid, ná n-éisteofá liom. Ní hé Charles atá i gceist in aon chor - ach mise.

Mí: TUSA ?

Jon: Mise.

Mí: Ó!

Sé an rud faoi nach raibh, agus nach bhfuil aon ní luasc-thónach, lag-rostach, campach ag baint le Jonathan in aon chor. Cé go mbíonn sé dea-ghléasta pointeáilte i gcónaí tá sé coimeádach go leor ina iompar agus ina rogha éadaí. Ní thaitníonn an cleas amharclannúil péacógach leis mar deir sé go dtugann siad an íomhá mhícheart agus nach cabhraíonn siad le normálú an aosa aerigh. Is ait an rud é ach is é Jonathan an duine is normálta ar fad dem' ochtar clainne mi-bhuíche mi-mhúinte. Is cuimhin liom nuair a chuas chun tacaíocht a thabhairt dó ar an bhflóta aerach i mórshiúl Naomh Pádraig, ba mise a chaith an t-léine le:

"Ní amháin Gaelach ach Aerach chomh maith;
Ní amháin Aerach ach Gaelach chomh maith".

Ní raibh Jonathan sásta an léine a chaitheamh mar dar leis bhí an mana ábhairín gríosaitheach. Ambaist. Gríosaitheach nó greannmhar, n'fheadar, ach ní mholfainn d'éinne t-léine a chaitheamh ar chúl trucaile is é ag taisteal trí lár chathair Chorcaí i mí an Mhárta. Bhíos fliuch báite siocaithe reoite. Seachtáin amháin a thóg sé chun an taom casachtach smugach smaoiseach a chur díom.

Agus cad a cheap an teaghlach agus na comharsain nuair a chualadar faoin teacht amach agus conas mar a ghlacadar leis an scéal - inseoidh mé daoibh sa chéad bhlagmhír eile.

Dar ndóigh b'é an leabhar "Come What May" le Donal Óg Cusach an t-iománaí Corcaíoch a spreag mé chun na smaointe seo a roinnt libh. B'fhiú é a cheannach.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC