Tuesday, March 08, 2011

Lá Idirnáisiúnta na bPancóg




Lá Idirnáisiúnta na mBan Sona dhaoibh, a Mhná uilig na Blagtachta

ACH CÁ BHFUIL NA PANCÓGA?




Dhá fhéile ag teacht salach ar a chéile. Féile thraidisiúnta theolaí shólásach na Críostaíochta agus ceiliúradh réabhlóideach scáfar lucht dó na gcíochbheart. Mo bhean a rá nach bhfuil an t-am inniu aici tabhairt faoi na pancóga mar go bhfuil sí ag freastal ar aifreann speisíalta i gcomhair na mban. Cad atá ag titim amach in aon chor i saol na hEaglaise, ba chóir dóibh a bheith ag moladh dos na mnáibh fanúint sa bhaile chun aire a thabhairt dos na fearaibh.

Níl saoirse na mban ag teastáil sa tigh seo, táim a rá leat, mar is ag mo phairtí Ethyl atá an chumhacht go léir. Deachtóir cruthanta de bhean rialta a cheapann gur leor deich nóimeat ar fhleasc a droma uair sa mhí chun a dualgaisí pósta a chomhlíonadh. Níl ionamsa ach DIYeoir chun sconnaí atá ag sceitheadh a dheisiú, chun bolgáin a mhalartú agus chun an phlásóg a bhearradh. Táim go huile is go hiomlán féna smacht, féna cois, féna hordóig, féna hordú. Sé an dála céanna ag na cailíní, ní chíonn siad ina n-athair ach cárta plaisteach chun díol as a n-ardstíl marachtála agus tiománaí taicsí chun iad a thabhairt abhaile ó phub is ó chlub..

Dheineas roinnt pancóg dom fhéinig. Ní rabhadar thar moladh beirte, chun an fhírinne a rá, Ach nuair a steallas roinnt seiríse orthu in ionaid síoróipe, ní rabhadar ró-dhona.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slán Tamall

FRC

3 comments:

Séamas Poncán said...

Pancóga reoite a bhí agamsa... Ní cuimhin liom an ndearna mo bhean iad nó an ndearna mé féin iad. Sílim go mbíonn mo chinnse níos fearr, ach mar sin féin is fearr liom nuair a dhéanann sise iad!

Mise Áine said...

@ ' gur leor deich nóimeat ar fhleasc a droma uair sa mhí chun a dualgaisí pósta a chomhlíonadh'

Chomh minic sin? Bhabha!

@ 'Lá Idirnáisiúnta na mBan Sona dhaoibh, a Mhná uilig na Blagtachta'

Go raibh maith agat, a chara...:-)

Néidí said...

Tá súil agam go bhfuair tú pancóga sa dheireadh?

Ní bheadh ríomhphost teangmhála agat nó cuntas twitter/facebook an bhfuil?