Sunday, September 23, 2007

Á! Connie bocht

A! Connie bocht. Ina ollmhilliúnaí dó, tar éis an pháirc mhór taobh le Chetwynde Downs a dhíol le fobraitheoirí, ní raibh sé ábalta nósanna a shaoil a athrú. Bhíodh sé amach moch déanach lá i ndiaidh lae ag sclábhaíocht ar an bhfeirm. Fear nár chuaigh ar saoire riamh ina shaol taobh amuigh de fho-lá go dtí Dúrlas nuair a bhíodh Corcaigh i gcluiche ceannais na Mumhan nó turas lae go dtí an comórtas treabhadóireachta.Bhí teist an sprionlitheora ar Chonnie riamh. "Ní thabharfadh Connie gal múin bó duit gan trácht ar gal tobac" a déarfadh a gcomharsain. Bhí cleas aige agus é i gcomhluadar, toitín a tharrac amach as a phóca agus an phaicéid a fhágaint isteach i bhfolach.

Ní raibh aon trust aige sna dochtúirí. Níor thug sé aon cheann don fholáireamh a bhfuair sé ón GP fé bhrú fola agus cholaistéaról. Dar le Connie ní raibh sa chóras slainte ach comhcheilg idir na dochtúirí agus na phoitigéirí chun airgead a ghoid ó dhaoine sláintiúla. B'é an manna a bhíodh aige ná:
"Ubh amh uair sa ló, sláinte an bhradáin agat go deo."
Dá mbíodh níos mó bradán agus níos lú uibheacha á alpadh siar aige b'fhéidir go mbeadh an sláinte aige fós. Is cosúil go raibh an diail colaistéaról ag bailiú go ciúin fealltach le tamall chun luíochán gan choinne a chur air. Suas ar dhiallait an tarracóra a bhí sé nuair a bhuail an taom é, taom croí a sheol é díreach go dtí saol nach mbíonn aon gá ann le cúram leighis ná stór óir. Ag leathadh aoiligh a bhí sé agus anois tá Connie féin ina ábhar aoiligh 6 troigh fé sa reilig áitiúil.

Níor phós Connie riamh, níor ghlac sé go raibh ré an spré imithe in éig. Muna raibh acraí fairsinge ag cailín ní raibh aon suim aige inti. "Níl aon gá le bean sa tigh," a déarfadh sé, "ó tháinig an laudromat go Carraignaman. Agus nach iontach go deo an t-aireagán é an léine siltriomaíoch." (siltriomaíoch nó drip-dry mar a thabharfadh fear na Gaeltachta air)

Ní raibh aon mhuinín ag Connie i lucht an dlí. Níor fhág sé uacht. Tháinig gaolta ó chian is ó chóngar chun na socraide. An chuid is mó acu, ní fhacadar Connie bocht riamh ina shaol ach bhíodar ann sna sluaite ag caoineadh is ag olagón timpeall na huaighe agus an cónra á ísliú síos. Déarfainn go mbeidh tamall fada ag abhchóidí agus dlíodóirí chun a chuid airgid a roinnt. Agus chun cuir leis an bpraiseach deirtear go bhfuil beirt bhan ag maíomh anois gurbh é Connie a bhí freagrach as páistí a saolaíodh dóibh.

Bhiomar go léir den tuairim nárbh fhada go mbeadh tithe breátha scopúla breacadh ar fuaid pháirc Connie. Agus chomh luath is a bheadh eochracha i ngclaic na húinéirí nua go mbeadh siadsan i mbun eagraíocht a bhunú chun cur i gcoinne aon tithe nua in aice leo. Ach ní mar a shíltear a bítear. Leis an titim tubaisteach i ngnó na tithíochta tá pleananna tógála curtha ar an méir fhada agus páirc Connie ligthe amach ar cíos d'fheirmeoir eile. Bhí sé amuigh cheana féin ag leathadh sciodair agus bréantais. Agus Cumann Aitritheoirí Chetwynde Downs, a bhí ag stocaireacht la fada chun criosú talamhaíochta a choimead don pháirc céanna, ar buille arís. Is deacair daoine mar iad siud a shásamh.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC

Friday, September 07, 2007

Imeacht na gCrustaithe

Táid bailithe leo fé dheireadh - cuireadh chun bóthair iad. Tá an gort glanta, an pháirc tréigthe. An sean-dair leathanghéagach ar a dtugtar "the Hanging Tree" go huaigneach aonarach anois. Agus an tír ag comóradh "Imeacht na nÍarlaí" - is ag ceiliúradh "Imeacht na gCrustaithe" atáimidne anseo i Chetwynde Downs

Thug Connie Cooney cead do scata fánaithe nua-aoiseacha ó Shasana cur fúthu sa pháirc, lámh le Chetwynde Downs, mar agóid nuair a dhúiltíodh cead pleanála dó blianta ó shin. New-age travellers a thabarfadh fear na Gaeltachta orthu, hippies nó crusties a bhí iontu dar leis na comharsain. Anois tá daoine ag éirí cumhach agus nostáilgeach ina diaidh, á rá cé chomh dathannach is a bhíodar agus conas a chuireadar le héagsúlacht na háite. Huh! - an dream céanna a bhí ag tabhairt crustaithe salacha orthu tráth agus imní mhór orthu fé luach a gcuid tithe. Is cuimhin liom an ruaille buaille a bhí ann fé théad gabhar a bhíodh ag gabháil timpeall Chetwynde Downs ag ithe bláthanna agus tor ar fuaid na háite. Ní raibh aon taithí ag an úinéir, fear óg ó bruachbhailte Bhermingham ar ainmhithe feirme.

I ndáiríribh, ní mór an líon díobh a bhí fághta nuair a dhíol Connie an pháirc tar éis dó a fheactais fhada i gcomhair athchriosithe agus cead pleanála a bhuactaint fé dheareadh. D'fhill chuid acu abhaile ar an 'mórthír' tar éis an saol maith a thríáil ar an oiláinín ceilteach glas s'againne. Fuair roinnt eile postanna cearta agus bhogadar ón a gcuid típíanna agus a gcuid carabhán go dtí tithe concréite. Sílim gurbh iad an ghlúin óg a chur deireadh leis an mbrionglóid idíleach. Níor thaitin an lipéad "crusty" a chaith na páistí eile ar scoil leo - ba mhó a ndúil i lipéid dearthóra. Agus dar ndóigh mar a thárla riamh i stair mhí-ámharach na tíre, d'éirigh sliocht na bplandálaithe níos Éireannai ná na hÉirinnigh féin. Ní déarfainn "níos Gaelaí" sa chás seo. Bhí an glaoch chéanna ag an t-aos óg ar chluichí ríomhaire, cheol Meireacánach, sobail Astrálacha agus bia dúchasach mar phítseanna, burgair agus 'scallóga le curaí.' is a bhí ag a gcomhaoisigh áitiúla.

Tá roinnt des na h-iar-nua-aoisigh anseo i Chetwynde Downs anois. Cuir i gcás uimhir 51, "Heidiville" - 'sé fear na ngabhar, Clinton Wenlock, atá ina chónaí anois ann. B'fhéidir go bhfaca tú a ghrianghraf ar na nuachtáin le déanaí nuair a fuair sé gradam ór ó Bhord Bia as a "Granny's Traditional Organic Irish Kitchen Feta". Ní óna chistin féin a tháinig an cháis, ach, a bhuí leis an IDA, ó fhoirgneamh úrnua, san eastát tionscail ar imeall an bhaile. Fiche atá fostaithe aige ann - Polannaigh don chuid is mó dar ndóigh. Agus níl sé ag brath ar a théad féin a thuilleadh i gcomhair a fheta traidisiúnta Éireannach, tagann an t-amhábhar chuige i dtancaeirí móra ón mBulgáir. "Déanta in Éirinn" atá an cháis féin dar ndóigh.

Tá Clinton ina chaptaen ar an gcumann gailf sa lá atá inniu ann. Tagann pus ceart air má mheabhraíonn éinne dó, an uair úd a mbíodh sé ag rith le báiní timpeall Chetwynde Downs ag iarraidh a chuid gabhar fiáin a locadh.

Maidir le Connie Cooney - á! Connie bocht. Tuilleadh le teacht........

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC