Monday, October 30, 2006

The Naile Raye Quintet

Bíonn sé de nós ag roinnte maith daoine ón dtuaisceart, an chúinne sin den oileán iathghlas s'gainne a thréigint chun éalú ón ruaille buaile a bhíonn faoi lán tseol timpeall 'an dara lá dhéag glórmhar' gach bliain. Sé an dála céanna é anseo gach bliain nuair a thréigeann saoránaigh chathair Chorcaí a n-áit dhúchais chun éalú ó ionradh Fheile an Jazz. Ceann des na bannaí ceoil ceannlíne san fhéile i mbliana is ea "The Naile Raye Quintet" - banna atá fréamhaithe in ár mbaile fhéin. Thugas cúntas beag ar Naile ar chlár plé 'Cumasc' roinnt blianta ó shin. Táim buioch do Phádraig na Gearmáine as taifead a choimeád.

Is cuimhin liom go glé mo chéad chuairt ar an dtír chéanna, an Ghearmáin, blianta fada ó shin - mise agus mo Ghormachaí Míshásta Delta Blues Band ag déanamh gigeanna i gclubanna beaga ar fud na tíre. Níor éirigh ró-mhaith linn mar is cosúil go raibh an lucht éisteachta ag súil le h-amhráin ar nós bailéidí na Clancies in ionad a leithéid B. B. King aistrithe go Gaolainn. Ar aon nós bhí árd-am againn mar bhíomar óg is cuíosach soineanta. Oíche amháin i mbierkeller i München bhíomar ag caitheamh síor na maßkrüge ollmhóra lán den bheoir láidir aitiúil; bhíos dallta as mo mheamhar – ag rince thuas ar an mbord fada le roinnt daoine gléasta i lederhosen. Thiteas i ngrá leis an gcailín freastail is ansan thiteas ar fhleasc mo dhroma nuair a dheineas iarracht póg a mhealladh uaithi. Ach má bhi mise ólta bhí Nailey, ár seinnteor méarchláir lofa ar fad. Nailey Regan, fear séimh ciúin, a raibh biorán staonaire a spóirteál aige go dtí tamall beag roimhe sin. Cad a rinne sé ach giota beag de pháipéar dorcha a ghreamadh faoina shrón, léimt in áirde ar an mbord agus anonn is anall leis, lámh in áirde sa chúirtéis Naitsíoch, ag déanamh na coiscéime gandail, ar nós John Cleeve i bhFawlty Towers, is é ag glaoch amach; " Heil Hitler " agus " Deutschland uber Alles " . N’fheadar conas, ach d’éiríomar éaló idir cleith is ursain.

Nuair a thángamar abhaile bhí orm Néilí a ligint chun siúil mar chuaigh sé chun donais ar fad leis an ól. (Dála an scéil, leagan muinteartha den ainm 'Neill' nó 'Neal' is ea 'Nailey' sa taobh seo tíre.) Bliain ina dhiaidh, bhí Néilí ar an tsráid, beo bocht, dealbh dearóil, gan chara, gan dídean, ag caitheamh gach pingin ar alcól. Ach thárla míorúilt (scéal eile, ní chreidfeá é!); d’aimsigh sé Íosa, nó d’aimsigh Íosa Néilí bocht. Thóg sé an pleids arís, d’iompaigh a rath, chas sé ar an snagcheol agus bhunaigh sé an " Naile Raye Quintet " . Ba sensation mór iad, nuair a thángadar ar an árdán, roimh Miles Davis ag an Cork Jazz Festival. Do sheinneadar i Ronnie Scott’s i Londain, i Monterey agus i Newport agus léim a albam; " Jazz for Jesus " go dtí barr na gcairteacha snagcheoil. Bhain sé úsáid as brabús an albaim sin chun an fhondúireacht charthannachta; " Jazz for Jesus " a bhunú. Vide www.jazzforjesus.com. Eagraíocht is ea í i gcomhair ceoltóirí ar an dtrá fholamh. Bhronn an Pápa an teideal Cúnta air, tar éis dó an chéad aifreann sa stíl snagcheoil a chumadh – 'Missa Jazzicana'. Tugtar Count Neal O’Regan air anois. Agus nuair a thug an tAthair Beannaithe cuairt ar an nGearmáin, do léigh sé an tAifreann le tionlacan ón Naile Raye Quintet os comhair Cairdinéal agus mór-uaisle in Ardeaglais an Frauenkirche i Munich gar don áit inar thriail Nailey an bierkeller putch blianta roimhe.

D’fhoilsigh sé a dhírbheathaisnéis ó chianaimh; " My Jazz Road to Damascus " , ach focal amháin ní raibh ann faoin eachtra meisciúil sa bierkeller ná tagairt ar bith don Gormachaí Míshásta Delta Blues Band lenar fhoghlaim sé a cheird ar dtús báire. Agus creid nó ná creid, nach bhfuil Nailey Regan / Naile Raye / Count Neal O’Regan ina chónaí anois anseo i gChetwynde Downs ag #85 " Jazzamatazz "

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC

Thursday, October 26, 2006

CIONN TSÁILE CHUN SÁILE

leis ár gcomhfhreagraí comhshaoil; Jonathan P. Watson

Bhí léirsiú ann ar maidin ag an gcríochfort gáis in Inch, Co. Chorcai ag cur in aghaidh na comhlachta, MARATHON agus KINSALE GAS. "Nílimid sásta chur suas leis an dream seo a thuilleadh," a dúirt urlabhraí ar son an ghrúpa 'NOT AN INCH'. "Ní raibh a fhios againn in aon chor go raibh an phíblíne gháis seo ag gabháil thar ár dtithe saoire ó 1979," a dúirt an t-úrlabhraí Trevor Nimby, "de bharr rúndachta agus gás faoi thalamh na hollchomhlachta. "Tá ár mbeatha i mbaol agus luach ár dtithe saoire i gcontúirt ó tharraing cás Ros Dubhach aird ar phíblínte gáis agus an baol pléasctha a bhaineann leo". Nuair a chuireas ar a shúile dó go raibh Kinsale Gas ag soláthar fuinnimh don tír le 27 bliain anuas gan fadhb ar bith shéan an Nimbeach go rabhadar i gcoinne forbartha agus d'éirigh sé corraithe; "An mbeifeása sásta le píblíne gháis ardbhrú a bheith i scread asail ó dod' chlann ionúin" (Tá asal ag na Nimbies dála an scéil, ní rud neamh-ghnách asail agus capaillíní a fheiscint timpeall na tithe saoire ag trá na hInse.)

Shéan sé leis nach raibh i measc na léirseoirí ach Crusties, Chuckies agus lucht Slua ar Cíos. Ba léir áfach nach raibh cuid acu cinnte cá rabhadar nó cé acu ábhar gearáin a bhí fé chaibidil. Bhí comhartha amháin le "Save Tara from Traffic" - duine eile le fógra "Scaoil saor Cúigear Ros Dubhach" agus é ag argóint le fear i ngruaig shúganach (dreadlocks) a bhí ag iompar placaird leis an mana "Free the Columbian Three". Bhi grúpa amháin sa chúlra ag canadh: "Whada we want - Hunting OUT, whena we want it - NOW"

Bhí an agóid síochánta go leor nó gur tháinig dream eile ar an láthair - frith-léirsiú eagraithe ag Cumann Cheantálaithe Chionn tSáile. Dúradarsan nach rabhadar sásta in aon chor leis an mana "CIONN TSÁILE CHUN SÁILE" mar go mbeadh droch-thionchar aige ar phraghasanna na dtithe i Chionn tSáile. Dúradar freisin nach raibh aon bhaint beag ná mór ná idir-eadarthu ag Kinsale Gas le Kinsale - rud atá fíor dar ndóigh - tá Cionn tSáile in Iarthar Chorcaí agus tagann Kinsale Gas i dtír ag Inis atá lonnaithe in oirthear an chontae. Chun cur leis an ngoimh ní bhfaigheann baile Chionn tSáile aon soláthar gáis in aon chor.

Bhí na ceantálaithe i mbun agóide leis, i gcoinne an leagan Gaeilge de Kinsale atá ar na comharthaí bóthair curtha suas ag an gcomhairle chontae - "Cionn tSáile". "Is cuma sa diail linn cén leagan a bhí in úsáid ag Gaeilgeoirí leis na cianta," a dúirt an t-úrlabhraí agus faghairt ina súile, "is é 'CHEANN SÁILE" an litriú atá uainn; lucht gnó an bhaile. "Agus," lean sé leis, "le seana-séimhiú in ionad an 'h' - is breá leis na turasoírí an séimhiú, dar leo tá an ponc in airde ana-cheilteach ar fad". Ansan thosnaigh na ceantálaithe go léir ag canadh, i stíl siopa bearbóra -

"CHEANN SÁILE ABÚ
LE SÉIMHIÚ - HÚ HÚ"

Agus thosnaigh lucht 'Not an Inch' ag cantaireacht:

"CIONN TSÁILE CHUN SÁILE,
CIONN TSÁILE CHUN SÁILE"

Ní fada go raibh bruíon fhuilteach ar siúl idir an dá dream, maslaí, clocha, doirne, maidí na chomharthaí á úsáid mar chleitheanna ailpín. Nuair a dhein na gárdaí iarracht teacht idir an dá champa chuaig cúrsaí chun donais ar fad mar chas an dá dream ar na fórsaí slandála. Cath Chionn tSáile a bhí ar siúl ansan, deoirghás, canónacha uisce, piléir phlaisteacha, gadhair phóilíní ag amhastrach, rabhcháin ag scréacach.
Bhí orm agus ar na criúanna ceamara cúlú go tapaidh nuair a thug gasra de na léirsitheoirí fogha fúinn is iad ag maíomh go raibh na meáin go léir i bpócaí na n-ollchomhlachtaí.

Fágaimse fúibh,a léitheoirí, an fíor nó bréag an gearán ach sin mar a chonaic mise na heachtraí ach go háirithe.

http://www.bordgais.ie/networks/index.jsp?1nID=102&pID=104&nID=141

(Mac Mhíshásta is ea an tuairisceoir Jonathan. Beidh tuilleadh uaidh ó am go chéile anseo)

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall.

FRC

Thursday, October 19, 2006

Lá Breithe Sona Chuck

LÁ BREITHE SONA, CHUCK BERRY.

Go maire tú an míle
Bail ó Dhia ortsa agus ar do chlann agus ar do chuid.

Tá Elvis ar shlí na fírinne le fada.
Buddy Holly curtha sa chré leis na cianta
John Lennon i measc na mairtíreach.
Phil Lynott fén bhfód freisin
Rory Gallagher, mo sheana-chara i reilig na racairí i Naomh Oilibhéar anseo i gCorcaigh.

Ach an fear a chuir tús leis an réabhlóid go léir, Chuck Berry, linn fós. Beo beathaíoch ar aois ochtó bliain. Is é ag racáil leis de réir dealraimh i gclubanna beaga, mar a thosnaigh sé ar dtúis, ina áit dúchais St. Louis.

Chuck Berry, m'anamchara, m'ionsparáid, mo réalt eolais, mo ghile mear.
Chuck Berry, gormach na ngormachaí, sean-fhondúir na sean-fhondúirí, ceannródaí na gceannródaithí.

Bhíos ag ceiliúradh an oíche go léir, istigh anseo im'oifigín, an seana-sheinnteoir Pye ag blastáil amach na claisicí ársa uilig ar cheirníní scríobacha siosarnacha. Mise á dtionlacan ar m'aerghiotár dílis. Cumha trom orm i ndiaidh mo sheana Fender Stratocaster a bhíodh ar crochadh ar an bhfalla anseo leis na blianta nó gur briseadh mo bhean ina smidiríni é nuair a chuala sí go rabhas ag smaoineamh ar an Gormachaí Míshásta Delta Blues Band a áthlánsáil. Dá mbíodh a fhios aici cén praghas a gheofá ar ghiotár den déanamh san agus den sean-ré san anois..........

Agus anois na deora ag titim ar mo mhéarchlár is me ag smaoineamh ar laethanta m'óige, na laethanta ná dtiocfaidh that n-ais go deo, nuair a bhíos breá-ábalta 'siúl na lachan' a dhéanamh, is nuair a bhí mothall fada catach ar mo bhlaosc in ionad an barrdhromchla maol slíoctha sleamhain lonrach atá agam anois. Is le hamhráin Chuck Berry don chuid is mó a chuir an Gormachaí Míshásta Delta Blues Band chun bóthair an chéad lá riamh.

An cuimhin libh? - Á! tá sibh ró-óg is dócha.

"Just let me hear some of thatRock and roll music,
Any old way you choose it;
Its got a back beat, you cant lose it,
Any old time you use it.
Its gotta be rock and roll music,
If you want to dance with me,
If you want to dance with me."

"Riding along in my automobile
My baby beside me at the wheel
I stole a kiss at the turn of a mile
My curiosity runnin' wild
Crusin' and playin' the radio
With no particular place to go"

"And then momma took me to grammer school,
But I stopped off in the vestibule,
Every time that bell would ring,
Catch me playing with my ding-aling-aling,

Oh, my dingaling
Oh, my dingaling
I want you to play with my dingaling"

Bí ag caint ar fhilíocht. Ní bheidh a leithéid ann arís. Ambaist.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC

Sunday, October 15, 2006

Marcas 10:21 agus Matha 8:12

De réir soiscéal an aifrinn inniu, Marcus 10:21, dúirt Íosa.

"Is fusa do chamall dul trí chró snáithide na do dhuine saibhir dul isteach i ríocht Dé"

Ní dóigh liom gurbh é sin an sliocht a bhí á léamh ag an searmanas gairéadach míchuíosúil inné i Mainistir Fhear Maí nuair a phós Michael Flatlegs a ghrá geal, Niamh Cinn Óir.

An raibh Dermot Desmond ag éisteacht leis an soiscéal ar maidin? Dermot Mac Mídais, an fear is saibhre in Éirinn, a cheannaigh Aerfort Londain ar £23 Milliún i 1995 agus a dhíol an áit chéanna ar £750 milliún an tseachtain fé dheireadh. Éist leis an sliocht seo a Dhiarmuid, a chara, Dúirt Íosa:

"Díol a bhfuil agat agus tabhair do na bochta é agus beidh stór agat ar neamh"

Agus an dóigh leat go raibh Michael O'Leary ag freastal ar aifreann Dé ar maidin. Mícheál gan Carabhat, atá ag iarraidh ár aerlíne iar-náisiúnta a cheannach.

Seo sliocht eile daoibh; Matha 8:12

"caithfear amach sa dorchadas iad; is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla"

Hú Hú Hú Hú! (sin é m'iarracht bhocht ar gáire díamhrach a litriú)

Abair é. Tá a fhios agam níl ach an t-éad ag dó na geirbe agam.

Guímis gach rath ar chleamhnas Mhicíl agus Niamh. Go raibh saol fada le chéile acu agus ál mór folláin de rinceoiríní preabacha bocléimneacha.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall.

FRC

Sunday, October 08, 2006

6 Thrombón déag is 3 fichid

Ó! tá an t-allas ag sileadh sna slaodaibh liom. Thabharfá an leabhar gurbh é Von Karajan féin ina steillebheatha a bhí ann is mé ag bagairt mo aerbhaitín san aer os comhair Cheolfhoireann Fhiolarmónach Fhíorúil Berlin. Gluaiseacht dheireannach réamhcheol 1812 le Tchaikovsky a bhí á sheinmt againn. Tá a fhios agat - an píosa úd leis na cloig eaglaise ag bualadh agus na canónacha móra ag búireach - ó jaykers - go diail ar fad. Níl aon smacht orm anois agus mé dulta chun donais ar fad leis an aercheol. Tamall ó shin is ar an aerphianó a bhíos i mbun gnó, an Scherzo uimhir a 2 i mion-B-maol de chuid Chopin, nó an scherzo in B-flat minor mar a thugtar air sa Ghealtacht.

Táim thar a bheith sásta leis an bhfreagairt dhearfach a bhfuaireas ó scaoileas mo rún i "Nílim im' Aonar" 30/09/06 . Ní chreidfeá am líon daoine a bhíonn ag gabháilt den aer-ionstramaíocht. Tugann sé ardú meanma is sólás croí dom. Táim ag iarraidh anois aerbhanna ceoil a bhunú - "An tAerbhanna Mór Cuimhnitheach Glenn Miller". Tá roinnt folúntais ann fós do sheinnteoirí ar an aer-theanóir-sacsafón agus ar an aerchlairnéid. Má tá suim agat chuir do CV go www.aercheol.org.

Ansan, 'sé an chéad chéim eile atá ar intinn agam ná féile a bhunú. Tá cáil cheana féin ar chathair Chorcaí mar 'Cathair na bhFéilte" - bhuel má táir chun bolscaireracht Chomhairle na Cathrach a chreidiúint ach go háirithe. Anois i dteannta le Féile an Jazz, Féile an Scannáin, An Fhéile Thraidisiúnta 7rl beidh "The Beamish Cork International Festival of Air Music" nó "Féile Idirnáisiúnta Chorcaí Béamish an Aercheoil". Beidh an fotheidil i ndroch-Ghaeilge i gcló Gaelach beag bídeach ar an gclár chun go mbeimid i dteideal deontas a fháilt ó Fhoras na Gaeilge agus b'fhéidir cúpla pingin leis ó Ghéill-Tactadh. Anois agus olltoghcháin ar na bacáin beimid ag súil le deontas fláithiúil ó John O' Donohue chomh maith. Beidh ceolchoirmeacha i dTigh an Opera, agus seisiúin neamhfhoirmeálta sna pubanna. Beidh ceardlanna á reachtáil chun stíleanna éagsúla na healaíne nua seo a thaispeáint agus léachtanna le aoi-chainteoirí, a dhein Ph.Ds ar an genre, ó champais na Stát Aontaithe. Beidh buaic-phointe na féile ann nuair a bheimid ag iarraidh bheith liostáilte i Leabhar Curiarrachtaí Guinnness (nó an Guinness Book of Records mar a thugtar air sa Ghealtacht) mar an Aerbhanna Ceoil is mó riamh (bhí an Rince Céilí is mó riamh i lár na gcathrach anuraidh.) Ó!, a chara na páirtí, samhlaigh an radharc iontach maorgúil is sinn go léir ag máirseáil síos Pana* - na mílte againn - scoth na n-aercheolteoiri ó gach mór-roinn is beag-roinn.....

"Seventy six trombones led the big parade,
With a hundred and ten cornets close at hand.
They were followed by rows and rows,Of the finest virtuosos,
The cream of every famous band.

Seventy six trombones caught the morning sun,
With a hundred and ten cornets right behind.
There were over a thousand reeds,Springing up like weeds,
There were horns of every shape and size.

There were copper bottom timpani in horse platoons,
Thundering, thundering, all along the way.
Double bell euphoniums and big bassoons,
Each bassoon having its big fat say.

There were fifty mounted canons in the battery,
Thundering, thundering, louder than before.
Clarinets of every size, And trumpets who'd improvise
A full octave higher than the score!

Seventy six trombones hit the counterpoint,
While a hundred and ten cornets blazed away.
To the rhythm of Harch! Harch! Harch!All the kids began to march,
And they're marching still right today!

Seventy six trombones led the big parade,
when the order to march rang out loud and clear.
Starting off with a big bang bong on a Chinese gong,
by a big bang bonger at the rear.

Seventy six trombones hit the counter point,
while a hundred and ten cornets played the air.
Then I modestly took my place as the one and only bass,
and I oompahed up and down the square."

Yee-Haw. 5th Avenue, ní fhaca sibh a leithéid riamh.

An bhfuil éinne ann a chuirfeadh leagan Gaeilge ar na liricí éirimiúla aeracha thuas? Cabhródh san linn agus sinn ag iarraidh an deontas a tharrac.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC

* Pana = Sráid Naomh Pádraig, príomh sráid siopadóireachta i gcathair Chorcaí.