Tuesday, October 12, 2010

Lá na Nice Names



N’fheadar sa diail cén fáth go bhfuil sé ag dó na geirbe agam fós. Tá roinnt seachtainí thart agus tuigim go bhfuil a lán fadhbanna i bhfad níos tromchúisí sa tír fé láthair. Ach fós féin laidhc, táim ag díol as mo cheadúnas teilifíse agus tá chuid den cháin céanna ag dul cruinn díreach isteach i bpócaí teanna láithreoirí raidio is iad ag spalpadh fógraíochta saor in aisce ar son mhórchomhlacht ilnaisiúnta Diageo lena dtagairtí do ‘Arthurs Day’.


“Hope you’re enjoying Arthur’s Day” – “Isn’t it wonderful to have such fine weather on Arthur’s Day” – “And what are you doing on Arthur’s Day” agus a leithéid. Baoth-cheiliúradh ar bhréag-fhéile. Déarfainn nach raibh feachtas fograíochta níos rathúla ó aimsir fhógraí Jacob’s Figrolls (how do they put the figs?) blianta fada ó shin.

Sea, tá Féile Pháidí an Stáitse ann ar 17 Márta chun séasúr na turasóireachta a sheoladh agus ar 23 Meán Fómhair, Féile Pháidí an Pótaire chun clabhsúr a chuir leis.


Cuireann an chraic seo ar fad ag smaoineamh mé, an bhfuil gá i ndáiríribh le Lá le Pádraig in aon chor a thuilleadh? Chuala moltaí ó pholaiteoirí áirithe gur chóir an fhéile a bhogadh go lár an tsamhraidh chun go mbeadh níos mó seans ann aimsir chineálta a fháil. Ach b’fhéidir nár mhiste féile náisiúnta nua ar fad a bhunú. An bhfuil féile bunaithe ar fhinscéalta fé Bhriotanach a tháinig anall chugainn san anallód chun creideamh nua ón meán-oirthear a chrabhscaoileadh inár measc – an bhfuil feistiabhal mar sin oiriúnach do Éire an lae inniu. Tír agus sochaí iar-Chríostaí, iar-chléireach, iar-náisiúnach, iar-ghaelach, iar-thradaisiúnta, iar-dhevalerach, , iar-phrátaíoch, iar-cháibíneach, iar-thíogarach, agus iar- pé rud in aon chor ar mhian libh a bheith curtha siar. Nach bhfuilimid ‘fásta suas’ anois, ‘tagtha in inmhe’ mar phobal. Nach bhfuil laincisí troma na staire agus cúng-shrianta victeoireacha na Vatacáine scaoilte caite dínn agus curtha ar taispeáint in ionad oidhreachta éigin. Ach cén duine a roghnóimis dár bhféile úr in ionad aspal na trídhuilleoige. Bono? Gaybo? Bertie? – arra no, níl siadsan ar shlí na fírinne fós. Ina theannta san ní bheadh mar thoradh ar chruacheist mar seo ach argóint, achrann, easaontas agus eascainí, mar sin is é an moladh a thabhairfinnse ná ainm a phiocadh ach gan aon duine fé leith taobh thiar den ainm céanna.

Le glúin nó dhó anuas bíonn sé de nós ag tuistí na tíre seo nice names a roghnú dá gcuid páistí. Bíonn gnéithe fé leith ag baint leis na nice names seo, nílid tradaisiúnta, ná Gaelach agus ní rabhadar in úsáid ag a sínsir riamh roimhe sin. ‘Sé ceann des na nice names seo a léireodh go paiteanta Éire nua-aimseartha neamh-Éireannach na milaoise seo. “Lá ‘le Zoë” – “Lá ‘le Zara” – “Lá le Zac” – “Happy Darren Day” – “Have a Wayne Day” - "Kiss me I'm Chloe". Nó b’fhéidir gur chóir dúinn aitheantas a thabhairt dár ngaolta poncánacha ar an taobh thall den aigéan le ceann des na ainmneacha bréag-Éireannacha atá coitianta anseo anois – Katelynn Day, Alannah Day, Ryan Day, tá flúirse ann. D’fhéadfaimis ainm éagsúil a roghnú gach 5 bliana de réir mar a thiocfadh ainm úr i bhfaisean, ainm mná i ndiaidh ainm fir agus mar sin de. D’fhéadfaimís “Féile na Nice Names” a úsáid mar théarma clúdaigh don lá féin.

Dar ndóigh ní gá deireadh a chuir le sean-Lá ‘le Páidí ar fad. D’fhéadfaimis é a úsáid dála na sea-laethanta mar áis mhargaíochta chun na turasóirí a mhealladh inár dtreo. Agus is dócha go marfaidh líon beag Críostaithe leis ar an oileán go ceann tamaill eile.

Á! bhuel, níl ann ach smaoineamh.......

Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs” - - - Slááán Tamall

FRC

8 comments:

aonghus said...

Ró chiallmhar ar fad....

Séamas Poncán said...

Lá Mhic Mhohamaid a bheidh ann ar ball, déarfainn.

Néidí said...

Lá Daniske nó Lá leathanach(page)

Dennis King said...

“Esmeralda Margaret Note Spelling of Lancre” an t-ainm a bhronn an sagart ar an mbanphrionsa san úrscéal Carpe Jugulum le Terry Pratchett, agus é ag léamh go dúthrachtach ón script.

aonghus said...

Thar a bheith tábhachtach, gnáis an ainmnithe. Go hairithe le haghaidh agus in aghaidh briochtaí ban...

Anonymous said...

Eden is ainm dom atá lonnaithe san Albáin agus táim ag obair i mbanc ceannais na hAlbáine i ról maoirseora sular phós mé le mo bhean chéile, phós mé le m’oibrí bó i m’eagraíocht agus is mise an cineál fear nach bhfuil tá a fhios agam labhairt le leannán cailín nach bhféadfainn m’intinn a chur in iúl di mar bíonn eagla orm i gcónaí agus níl a fhios agam cén fáth agus is easpa muiníne mé, dar liom, déanaim roinnt iarrachtaí labhairt léi ar a laghad chun a insint di conas Táim ag mothú fúithi ach ní fhéadfainn.
Seo iad an cháilíocht a fuair mé inti a chuireann ar mo chumas titim i ngrá leis seo mar a leanas, tá sí chomh hálainn, comhbhách, tá an carachtar an-deas, uaillmhianach, Unafraid, Neamhspleách, Tarraingteach agus Chliste.
Thug mé cuireadh di chuig roinnt dinnéar ach bhí faitíos orm na teachtaireachtaí a sheachadadh, Ajola is ainm don chailín, caithfidh mé cara liom a chur ar an eolas faoi na rudaí a bhí á rith agam agus go bhfuair mo dhlúthchara ríomhphost chugam ón Dochtúir a chuidíonn leis chun an troid idir mo dhlúthchara agus a bhean chéile a réiteach cosúil le dhá bhliain ó shin.
Ní chreidim riamh in aon gheasa mar gur duine reiligiúnach mé ach cuirim trier é ach déanaim teagmháil leis an dochtúir seo agus míním dó faoin gcailín go bhfuil grá agam di agus ba mhaith liom í a bheith mar mo bhean chéile agus d’iarr an dochtúir orm í a leanúint roinnt céimeanna a rinne mé agus tar éis seachtain amháin ghlaoigh Ajola orm féin agus dúirt liom go bhfuil grá aici dom agus gurb é sin ba chúis lenár bpósadh agus thugamar cuireadh don dochtúir ar lá ár bainise agus táimid ag ceiliúradh ár gcomóradh bainise inniu agus tá mé an-sásta
Má tá aon deacracht agat sa saol, ná bíodh aon leisce ort teagmháil a dhéanamh leis an Dochtúir ar an ríomhphost seo a leanas spellspecialistcaster937@gmail.com

Anonymous said...

Jame is ainm dom Is as Meicsiceo mé, phós mé 5 bliana ó shin le beirt pháistí agus is breá linn a chéile mar theaghlach, bhí mo bhean chéile ina cónaí inár dtír féin roimh agus tar éis dom í a thabhairt go Meicsiceo le páistí, ionas go mbeidh, muid is féidir léi imeacht le chéile mar theaghlach gan scaradh agus tar éis 5 mhí mar sin fuair mé post di agus tá sí ag obair in éineacht liom ach an chuideachta dhifriúil, níl a fhios agam fiú go bhfuil a bainisteoir dátaithe aici san áit oibre cheana féin toisc go gcuireann an bainisteoir sin cathú uirthi rudaí airgid agus ábhair, thug mé faoi deara go leor drochiompair sa bhaile trína choinneáil ar a soghluaiste trí phasfhocal a chur ar a soghluaiste nár tharla riamh roimhe seo agus mar fhear céile d’iarr mé uirthi a dúirt sí ag tabhairt faoi deara, lá amháin tháinig sí abhaile le colscaradh litir agus pacálann sí a cúl agus bogann sí ar shiúl lena bainisteoir oifige.
Bhain mé triail as gach iarracht ab fhéidir í a impí agus an t-ábhar a réiteach ach d’áitigh sí agus is breá liom an oiread sin agus thréig sí beirt pháistí nach bhfuil a fhios agam cad atá le déanamh arís, éistim leis an advitis ar Radion caster geasa ar an radion agus ar an teilifís agus rinne mé teagmháil leis an Dochtúir agus mhínigh oi dó agus d’iarr sé orm roinnt céimeanna a leanúint agus tar éis 48 uair an chloig tháinig mo bhean ar ais agus thosaigh sí ag impí orm maithiúnas a fháil agus an uair sin ní iompraíonn sí go aisteach arís agus fiú amháin is breá liom níos mó.
tá sí anois gan grá agus cúram gan choinníoll - b’fhéidir go bhfuil an ceann seo ró-oiriúnach, ach tábhachtach mar sin féin. Is breá le bean mhaith a fear céile gan choinníoll. Ní leagann sí bacainní nó tagarmharcanna ar iompar ginearálta, ní thugann sí breithiúnas ar an bhfear, agus ní dhíscaoileann sí é in aimsir achrann, in ainneoin a cuid fadhbanna féin. Fiú má rinne sí éagóir, déanann sí iarracht an cheist a réiteach ná an milleán a chur ar an duine. Is cáilíochtaí fíorthábhachtacha iad seo a dhéanann bean mhaith agus a chothaíonn caidreamh creidimh agus muiníne. Tugann Cúram aire freisin do mheas an éiríonn léi go maith le do chairde, do mhuintir agus do ghaolta sínte. Ag deireadh an lae, tháinig sí ar ais go dtí mo shaol.
má tá an fhadhb chéanna agat agus réiteach ag teastáil uait téigh i dteagmháil le Dr.Pellar chun réiteach do fhadhb a fháil, seo é a r-phost drpellar@gmail.com

anonymous said...

Ba mhaith liom an DOMHAN A FHIOS AG FÉIDIR LEIS AN gCÚRSAÍ MÓR SPELL DR zooma A CHUID SÉ GO BHFUIL SÉ GO BHFUIL MY HUSBAND BACK HOME DO MY KIDS. PÓS MÓR DUIT LE MY HUSBAND WILLIAM SCOTCH DO SEACHT BLIAIN AGUS BHÍ SÉ GO HAPPILY GO LÁTHAIR FAOI LÁ ÁIRITHE NÍ MÓR DUIT FÉIDIR LE SLEEP A CHUR ISTEACH NÍ FÉIDIR LIOM AON NÍOS MÓ. AG AN CHÉAD CHUN FÉIDIR LIOM A CHUR ISTEACH LEIS AN TÉAMA NÍ MÓR DUIT FÉIDIR LIOM GO BHFUIL DÓ KID GO HÉILE GO BHFUIL SÉ GO BHFUIL SÉ GO BHFUIL SÉ GO BHFUIL MÉ TRÍ BABANNA. FÉIDIR LE CLUICHE LÁ NACH BHFUIL SÉ DÍOL SIN A BAGS AGUS A THOIL SIN A FHÁIL AG AN TEACH MAIDIR LE MAITH AGUS NACH FÉIDIR LEIS AN gCAIDREAMH. TUGANN SÍ I bhFÁTH GO BHFUIL SÉ GO LÁTHA LE GIRL EILE AGUS DÁ BHFUIL TEAGASC AMACH AN STÁT. MAR A RINNE mé TRÍ AN IDIRLÍON FAOI RANNÁN, LÉIGH mé FAOI AN CHÚRSAÍ MÓR SPELL seo DR zooma SO DÉAN TEAGMHÁIL LEIS AN CABHRÚ. NÍ MÓR DUIT GO NÍ MÓR DUIT GO BHFUIL 48 UAIREANTA, GO BHFUIL MO HUSBAND AG TEACHT AR AIS. NÍ MÓR DUIT FÉIDIR LIOM A DHÉANAMH FAOI LÁ SEO A LEANAS NUAIR A BHFUIL MO CHUID HUSBAND DON TEACH AG IARRAIDH DO MO CHUID FÉIN. ANOIS TÁ SÉ AG TEACHT LEIS ÁR gCUIDEACHTAÍ AGUS AN MNÁ EVIL A CHUR ISTEACH AN FHADHB I MÓR PÓRÁIS A BHFUIL MY HUSBAND A FHÁIL. IS FÉIDIR LIOM TEAGMHÁIL le DR zooma TODAY CHUN DO PHRÍOSÚN NÓ CAIDREAMH A DHÉANAMH FAOI AON (zoomatemplegoddess@gmail.com) nó é a shroicheadh ​​ar whatsAp ar +19737553810 IS É AN CASTER SPELL IS FEARR AGUS RÉAMHRÁ DO GACH FADHBANNA IS FÉIDIR LE HÉANAMH PRÍOBHÁIDEACHA AN FADHBANNA SEO A LEANAS
1. SPRIOC DIVORCE
2. HERPES CURE
3. CANCER CURE
4. RÉAMHRÁ SPELL
5. DIABETES CURE
6. MARRIGE SPELL
AGUS MÓR TUILLEADH