Thursday, December 31, 2009

Beannachtaí na hAthbhliana

In ionad "fé shéan is fé mhaise" etc, chumas roinnt beannachtaí i gcomhair na hathbhliana.

Go raibh plúr go tiubh ar do chuid prátaí
Go raibh cúr go fras ar do chuid pórtair.
Go raibh anlann go plabach ar do chuid pasta.
Go raibh luas ar do chuid latte.
Go raibh cairde go fial i do chárta plaisteach.
Go raibh aer go teann i do chuid bonn.
Go mbua tú an lotto fé dhó.
Go dtite galar na muc is na moncaithe ar do chuid naimhde.

Nár sloga an t-inneall airgid do chárta dochair.
Nár reo do ríomhaire ar shuíomh mí-oiriúnach.
Nár bhrise do choiscín in am an phléasctha.
Nár chlise do chóras satailíte i lár na himeartha.
Nár theipe do chadhnra fóin i lár an chomhrá.
Nár lige do ghadhar tafann gan chúis.
Nár thé do chuid lipéidí as faisean

Is go soilsí Grásta Dé ar do chroí, agus ar chroí an chine daonna ar fuaid na cruinne.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - slááán Tamall.

FRC

Tuesday, December 29, 2009

Dinnéar na Nollag

Tá sé thart, baochas le Dia, thángamar slán as. Dinnéar na Nollag. An teaghlach núicléach mífheidhmiúil i gcuibhreann a chéile in ollchnapán pléascach amháin de mhais chriticiúil. Bhí eagla orm go mbrisfeadh cath dearg amach arís idir Charles agus Daphne ag bord na fleá. Táim buíoch dár dtaidhleoir oilte, Jonathan as an gcómhrá a stiúradh go haclaí sciliúil ón scailtín fíona tríd na míosa éagsúla go dtí na licéir milse ag deireadh an fhéasta gan dul i dtranglam i bhfochais na polaitíochta. Bhíos féin ana-chúramach fén méid dí a chaitheas siar, mar sin bhíos ábalta guaim a choimeád ar mo theanga theasaí.

Bhíos ag cuimhneamh ar dinnéar na Nollag roinnt blianta ó shin. Seo tuairisc a phostálas ar dtúis ar Chlár Plé Beo i mí na Nollag 2002. Nach fugit an tempus?

"Ó, a bhuí le Dia, tá sé thart – séasúr na Nollag, an strus!, an stró!. Is dócha go rabhamar go léir neirbhíseach is an teaghlach núicléach uilig brúite timpeall an bhoird le haghaidh dinnéar na Nollag.

Bhí Seánie Fogarty, “Seánie Tatú” inár dteannta don chéad uair. Agus Charles díreach thar n-ais ó Terra Australis le blas garbh gránna srónach Astrálach ar a bheola. (“Call me Charles, I don’t fancy Charlie” – eisean). Atmaisféar straidhneáilte a gheofá i seomra feithimh an fhiaclóra le braith. Jonathan, an lead aerach, ag iarraidh ábhair neodracha neamhurchóideacha a árdú i gcomhair cómhrá. Seánie ina thost, ag gliúcaíocht timpeall chun a fháil amach conas a láimhseáilfimís an sceanra. Na baill óga ag sgigireacht lena chéile. Mise ag síorthairiscint buidéal fíona timpeall an bhoird gan gá, chun deis a thabhairt dom féin mo ghloinne féin a athlíonadh. Ar a laghad ní raibh Charles ag ól alcóil, sú torthaí a bhí á slogadh siar aige, ní chreidfeadh a shean chomrádaithe sa chlub rugbaí é. Thosnaigh sé ag seanmóireacht fé cé chomh tábhachtach is a bhí biaréim cheart i gcomhair an sláinte fadtéarmaigh. Huh! sláinte fadtéarmach?, dochreidte!, agus an fear céanna chomh dorcha griandóite le bundúchasach Astrálach. Ach choimeádas an teanga faoi smacht, níor chuireas an cheist ar chuala sé riamh fé ailse craicinn.

Bhíos ag súil go dtabharfadh Charles neamháird iomlán ar Seánie, ach nár thosnaigh sé ag caint go cáirdiúil leis, dá fhiosrú féna chuid tatúanna. Mar sin, agus an mharóg á alpadh síar againn, bhí orainn éisteacht le mionsonraí pianmhara mar gheall ar pholladh colainne agus a leithéid, nó ealaín na colainne mar a thug Seánie air. Ansan d'éirigh sé ina sheasamh is dúirt go dtaispeánfadh sé deashampla den ealaín chéanna dúinn. – Tost tobann – cá raibh an mórshaothar seo i bhfolach?, an raibh Seánie chun an léine a tharrac aníos, nó na treabhsair a tharrac anuas? Ach díreach in am thosnaigh jAc Cloudburst Bartholomew, an béibí, ag béicigh óna chliabhán.

Díreach i ndiaidh an dinnéir, scaitearálamar, amhail treabh na dTincéirí (lucht siúil) tar éis Aonach an Phoic, scaipeamar i ngach treo, gach éinne lena leithscéal féin. D’éilíos leis an mbuidéal Drambuie im' ghlac agam isteach anseo go dtí m’oifigín, mo thearmann sábháilte mar a bhfuil mo bhonzai marbh thall sa chúinne, m’aerghiotár ar crocadh ansan ar an bhfalla, agus ar an deasc díreach ós mo chomhair amach, an scáileán taibhseach a osclaíonn dom iontais gliondracha na cruinne."


Is mór an athrú atá tagtha ar an saol agus ar shaol Sheánie go háirithe ó shin. Níl aon chomhairle dea-bhéasa ag teastáil uaidh i gcomhair rialacha boird anois agus siléar cuimsitheach de scoth an fhíona á chrinniú aige. Luibíní óir cufa a bhíonn á dtáispeáint aige anois in ionad tatúanna.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC

Tuesday, December 22, 2009

An tAgóideoir Srathach

Fé ghlas ag gallaibh- na Dubhghaill sa chás seo. Ach faraoir scaoil póilíní na Danmhairge amach í tar éis oíche amháin sa chillín. Mór an trua nár chaitheadar an raicleach isteach sa phríosún is aoirde slándála , go ceann 6 mhí ar a laghad chun ceacht a leasa a mhúineadh di. Ba chóir di a bheith anseo sa bhaile ag tabhairt aire dá maicín in ionad bheith ag fágaint a coslorg spágach carbóin, is í ar falróid ar fuaid na hEorpa ag iarraidh an plainéad a shábháil.

Is í an t-agóideoir srathach ina steillbheatha í Daphne, an iníon is sine, agus máthair mo gharmhic Jack nó jAc mar a litríodh an t-ainm ar dtúis, go bhfóire Dia orainn. Aon áit ina mbíonn slua ar cíos is iad ag cantain:

"Whadda we want?
----------------* OUT

Whenna we want it?
NOW"

(*líon isteach pé rud atá ag dó na geirbe agat fé láthair)

is ann a mbíonn ár nDaphne. Ag bagairt plaicird, faghairt sna súile, i lár an aonaigh, ach amháin nuair a bhíonn camaraí na meán thart, ansan tagann sí go tosach an chathláin. Bíonn sí gléasta sa chic agóide mar a bheifeá ag súil leis; caipín alpaca ar nós Indiaigh na nAindéas, scairf keffiyeh amhail muintir na Palaistíne, éadaí athláimhe cosúil leis na crústaithe. Mothall mór dreadlocanna brocacha bréana ar a cloigeann ar nós rastas Iamáice. Bhí an ceann lom maolbhearrtha uair, nuair a cheap sí gur leisbiach ab ea í, ach níor mhair an tréimhse sin ach seal, baochas le Dia.

Bean cúise dáiríre is ea í. Ar son na córa, ar son na timpeallachta, ar son an chomhionannais, i gcoinne an chaipitleachais, in aghaidh na héagóra, i gcoinne an chogaidh. Ait go leor cé go mbionn cogaí ar siúl ar fud na cruinne, is beag spéis a léiríonn sí iontu muna mbíonn ladar ag na poncánaigh sa chúram. N'fheadar cén fáth. Is deacair coimeád suas léi mar bíonn an t-agoidí síor-siúlach. Is dócha gur sórt andúile é an t-agóideachas. Ag gabháil ó Aerfort na Sionainne go Teamhair go Ros Dumhach ina seana-vean bán de dhéanamh Transit. Agus tá an raic ghlórach mheirgeach san parcáilte taobh amuigh dár dtighne anseo in #37 “Chetwynde Downs”. Ní dath bán atá air in aon chor ach dath liath-bhán gránna, ‘wash me’ greanta ar an screamh tiubh salachair. Táim cinnte ná fuil Cumann na nÁitritheóirí ró-shásta leis an scéal.

Beidh Daphne thar n-ais ag baile amárach - fústar fúithi is í ag rith fiain tríd na sráideanna ag iarraidh a cuid siopadóireachta Nollag a dhéanamh ag an nóimeat deireannach mar is gnách léi. B’fhéidir go mbeidh an t-ádh linn agus go mbeidh sí gafa thar Nollag in aerfort uaigneach fé síobadh trom sneachta.

Maith dhom mo chuid smaointe cantalacha neamh-chríostúla ach tá strus na Nollag ag breith go géar orm.

Bah Humbug!

Uainn go léir anseo in #37 “Chetwynde Downs” - - - Slááán Tamall

FRC

Saturday, December 12, 2009

Díoltas Dé

Bhí daoine ag clamhsán go láidir le tamall fada fén dtrácht trom a bhíodh ag gabháil trid an bpríomhshráid chúng chasta anseo i gCarrignaman. Chun an fhadhb san a réiteach thógadar seachbhóthar timpeall an bhaile. Agus sin é an dara rud atá ag teastáil ó bhaile chun a dhintiúirí cóir a thuilleamh. Bóthar Uí Ríordáin a bhaisteadar ar an mbealach nua, i ndiaidh an laoich, Dinny Reardon, cé nach dtugann éinne ach "de Byepass"air i ndáiríre.

Bhi daoine ag gearán leis mar gheall ar an easpa áiseanna nua-aimseartha siopadóireachta agus go raibh orthu taisteal trí thímpeallán i ndiaidh timpeallán chun teacht ar na hionaid mhóra a bhí ann in aice na cathrach. Thógadar Chetwynde Mall chun an phrablaim sin a réiteach. Ach ó mo léan géar cá gcuireadar an t-ionad nua ach ar an seachbhóthar. Ina theannta san thugadar cead pleanála chun óstán, ionad díolta carranna, ionad garraíodóireachta agus gach aon saghas gnó eile fud fad an bhealaigh nua. Bí ag caint ar dhroch-phleanáil. Anois tá an phríomhshráid plúctha arís le trucailí móra ag gabháil thart ina dtréada ag iarraidh scuainí na siopadóirí ar an seachbhóthar a sheachaint. "Seachain an Seach" an mana atá acu.

Ní raibh an ribín ach gearrtha, na hóráidí fadálacha féinmholtacha críochnaithe ag oscailt oifigiúil Chetwynde Mall nuair a phléasc na firmimintí, d'oscail comhlaí neimhe, agus tháinig na huiscí anuas ina slaodaibh troma, lá i ndiaidh lae, gan stad gan staonadh, gan sos gan bhriseadh go dtí go raibh an tír ina spúinse fliuch báite. D'árdaigh léibhéal an uisce in Abhann na Baoise go dtí gur chuir sí thar maoill agus tháinig na tuilte anuas ar Óstán an Riverview, Árásáin Watergate, an ionad garraíodóireachta Lakelands agus gnóthanna eile fad an bhóthair nua.

D'éalaigh an chuid is mó de Chetwynde Mall, cé go raibh an carrchlós ina linn lachan, mar tógadh ar ardán é. B'shin é an áit inar tógadh foirgintí feirme na Ríordánach. Ní chuireadh an sean-dream fiú cró asail in aon áit eile maguaird. Níor chualadar faic riamh mar gheall ar théamh domhanda na fé leá na n-oighearshruthanna ach bhí a fhios acu go raibh baol tuilte ann i gcónaí. 'The reeshk' a thug na sean-daoine ar an stríoca talún cois abhainn mar ar thógadar an seachbhóthar. Ach cheap na hinnealltóirí sár-oilte má árdaíodar na bruacha agus má chuireadar comhlái aontreo sna píopaí draenála go mbeadh an áit slán sábhailte. Mo ghraidhn iad.

B'é an t-aon duine a bhain sásamh as an díle seo, de réir dealraimh, ná an sagart paróiste An tAthair Flannigan. Díoltas Dé abhí ann dar leis, dála aimsir Naoi. Go rabhamar éirithe ró-uaibhreach mórchúiseach ocrach le linn ré ghearr an Tíogair Phlaistigh. Ní minic dom a bheith ar aon intinn leis an gCúisiúnaí Flannigan, ach sa chás seo, n'fheadar, b'fhéidir go bhfuil an ceart aige.

Uainn go léir anseo in # 37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC

Thursday, December 03, 2009

Siombail Nua Stádais Againn

Bhíodar ann sna sluaite, maithe is uaisle, idir mór is beag, polaiteoirí, cléir is tuata, cosmhuintir, máithreacha óga ag brú stróiléirí rompu, scangairí na sráide fé húdaí, ar nós manach, ag giodalaigh thart. Balúin ar foluain, bobaidí ar ardchosa, péintéirí éadain. Dea-ghiúmar agus aoibh ar gach mac máthar is ar gach iníon athar. Bhí an Lee Valley Boogie Woogie Band ag blaisteáil seana ragtime amach. Bhí an ribín le gearradh chun an oscailt oifigiúil a dhéanamh oifigiúil.

Sa lá atá inniu ann tá dhá ní ana-thábhachta ag teastáil ó bhaile, dhá chomhartha súntasacha, le cruthú don domhan mór gur baile ceart atá ann. Sea, ambaist, ní sráidbhaile iargúlta anseo i Carrignaman sinn a thuilleadh, ní baile aon-sráide fiú sinn, ná baile suanleasa, ná bruachbhaile, ná baile satailíte. Is féidir linn bheith mórtasach mustrach fén ár n-áit duchais as seo amach mar tá baile ceart iomlán nua-aimseartha suas le dáta againn. Agus is é an cruthú coincréideach ar sin ná go bhfuil ár ionad siopadóireachta féin againn ar imeall an bhaile fé dheireadh - The Chetwynde Mall.

Sea, a chairde, tagaigí chun é a fheiscint, an t-oll-áras palásach gloineach glioscarnach gliondrach úd, teampall an tomhaltachais - The Chetwynde Mall. Dar ndóigh níl sé gar do thailte Castle Chetwynde in aon chor, agus chuir cumann áitritheoirí Chetwynde Downs agus a gcomhbhádóirí i Chetwynde Meadows agus Chetwynde Dales go láidir i gcoinne ainmniúchán an ionaid nua. Ach faraoir níl aon chóipcheart ar an dteideal. Is cosúil go raibh úinéirí an mháil seo ag lorg teidil ardnósaigh soifisticeáilte agus de réir dealraimh tá ana-mheas ag muintir na tíre seo ar aon fhocal go bhfuil an litir 'y' i lár báire. Is ar éigin a tógadh an ionad in aon chor de bharr an titim tubastaigh i dtionscal na bildeála ach bhí na conarthaí go léir sínithe sara leagadh an tíogair phlaistigh.

Bhí daoine ann i gcoinne suíomh an ionaid nua mar bhí seana-fhothrach tí ar an láthair inar rugadh laoch ó aimsir chogadh na saoirse. Níor tugadh aon aird air go dtí go rabhadar ar tí é a leagadh. Tar éis roinnt agóidí binbeacha shocraíodar ar chomhréiteach agus chaomhnaíodar binn an seana-tí istigh i bhfalla seachtrach an fhoirgnimh nua. Tá sé deacair le haimsiú anois mar is lastiar de bhá lódála an oll-mhargaidh atá sé lonnaithe. Ta seana-leac air agus scríte sa chló seanda tá: "Insan tigh seo a rugadh an tÓglach Donncha Ó Ríordáin (Dinny Reardon) a fuair bás ar stailc ocrais fé ghlas ag gallaibh". Agus anois tá a thaibhse ag déanamh fairtheoireachta ar doirse chomhlacht úd na nGall; Tesco. Agus is comhlacht ó thír na seana-naimhde í an tionónta ancaire leis; Debenhams - agus gach sreangshiopa san ionad freisin. Arra, Dinny, a chara, arbh fhiú an íobairt?

Is beag spéis atá ag an cleas óg sna seana-argóintí úd, baochas le Dia. Táid lán-tsásta anois mar fé dheireidh tá áit le dul acu, láthair fé dhíon le bheith ag síománaíocht thart (nó hanging-out mar a déarfadh fear na Gaeltachta), le bheith ag taispeáint na lipéidí is deireannaí, le bheith ag faire ar an gnéas éile, le bheith ag teicseáil leo ar a suaimhneas. Agus dar ndóigh tá pictiúrlann ilscáileán ann má éiríonn siad tuirsithe de bheith ag guairdeall thart.

Mál - an litriú foghraíochta atá agam ar 'mall' an Bhéarla mar fuaimnítear é sa stíl Mheiriceánach, ní mar a chéile leis an 'Meal'; sráid na rachmaiseoireachta i gCathair Chorcaí. Agus is cinnte gurb é an fuaimniú nua-aimseartha atá acu ar 'Chetwynde' chomh maith agus ní an fuaimniú stairiúil; 'Shetwind'

Tá an chóisir thart anois, na doirse ar oscailt i gcomhair rabharta na Nollag. Fógrái ag scréacaigh "SAVE, SAVE" as gach aird. Nach iontach an choincheap margaíochta úd é, gur féidir áirgead a shabháil trí bheith ag chaitheamh airgid.

Ó, luaigh me cheana go raibh dhá ní ag teastáil chun na dintiúirí a thuilleamh le stádas mar bhaile cheart a bhaint amach. Agus tá an dara rud sin againn leis; buile fé thuairim ag éinne? Tiocfaidh mé chuige ar ball.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs - - - Slááán Tamall

FRC

Monday, October 26, 2009

Ceiltis go Poncáinis ASAP

In ómós do IGTC (Irish Gaelic Tattoo.com)
___________________________________________________

Ceiltis go Poncáinis ASAP

Haigh,

Is Meiriceánach-Ghael mise. Táim ana-bhródúil as mo dhúchas is chun an oidhracht sin a cheiliúradh ba mhaith liom roinnt tatúanna a fháilt i bPoncáinis. Seo é an chéad cheann:-

"Brí Beatha; an Bás, is Fuinneamh in Anam an tSaoil"

Nó droim ar ais más maith leat. Tá súil agam go dtuigtear an nath. Chuireas isteach i nGúgail Aistritheoir é ach reoigh an frigin ríomhaire gach uair a bhrúigh mé ar 'aistrigh'. Dúirt cara liom gur rí-dheacair an abairt a phoncánú mar ná fuil ach focal amháin agaibh i gcomhair 'beatha', 'anam' agus 'saol', agus gurbh í an bhrí a bhí le brí ná fuinneamh. Nach diail an teanga í? Tá súil agam go mbeidh sibh in ann an fhadhb a fhuascailt dom.


An dara ceann:

Muintir an Teaghlaigh ARÚ - Clann is Líon Tí ABÚ

Nó droim ar ais más áil leat. Ní leomhfainn é sin a chaitheamh isteach i nGúgail Aistrithoir ar eagla go bpléascfadh an t-inneal ar fad. "FAMILY FIRST"an gnáth leagan i bPoncáinis de réir dealramh ach ní dheineann san gnó. Deacair a chreidiúint ach dúirt cara a bhfuil a lán cur amach aici ar chúrsaí teangeolaíochta liom, ná fuil ach focal amháin agaibh le haghaidh 'muintir', teachlach, 'clann', agus líon tí'. Agus chun an scéal a dhéanamh níos casta fós, níl aon fhocal in ao'chor ann i gcomhair 'arú' ná 'abú' gan dul i muinín na Fraincíse. Nach diail an teanga í? Conas is féidir aon rud rud a chur in iúl le stór focal chomh teoranta san?

Ba mhaith liom na haistriúcháin úd a fháil chomh luath agus is féidir mar táim ag dul go dtí an t-ealaíontóir cnis amárach. Caithfidh siad a bheith cruinn beacht le litriú Oghaim agus sa chló Kanji. Má tá aon chainteoir dúchais in bhur measc ó Chalifornia Theas b'fhearr liom é a bheith sa chanúint úd mar tá ana-dhúil agam sna scannáin Hollywood cé go ndúirt cara a bhfuil spéis fé leith aici sa genre úd liom, gur Poncáinis caighdeánaithe a bhíonn á labhairt acu, agus gur beag an bhaint a bhíonn aicise le gnáth-chaint an phobail sna barrios de LA. An fíor san? Nach diail an teanga í?

Wayne is ainm dom. Cheapas gur ainm fíor-Cheilteach a bhí ann mar tá sé ana-choitianta sa tír seo ‘gainne. Ach bhí gliondar orm nuair a fuaireas amach ar shuíomh Nameturds gur tháinig sé ó Stáit Aontaithe na bPoncánach i dtúis báire. Dar leo, sa seana-Phoncáinis chiallaíonn sé "Laoch ar meisce le slat ina sheasamh". Nach breá an iomhá atá ansan. Is dócha gur slat draíochta ceilteach atá i gceist. An féidir le héinne an t-ainm a ath-aistriú go Poncáinis an lae inniu dom - le litriú Oghaim agus i gcló Kanji dar ndóigh. Darren is ainm dom' dheartáir agus 'siad Chloe (le dhá phonc os comhair an e) agus Anamcara mo bheirt dheirfiúr. An bhfuil leagan Poncáinise ann dos na hainmneacha úd?

cat agam, Pangur Stríoctha a thugaimid air. Chun ár n-oidhreacht Phoncánach a cheiliúradh tá sé péinteáilte i stríocthaí dearga agus bána - nó rua agus bána más maith leat. An fíor ná fuil ach focal amháin agaibh i gcomhair dearg agus rua? Nach diail an teanga í. Dúirt cara, a chaith tréimhse fada thall liom, gur focal tabú é 'cat' i measc daoine dea-mhúinte. Nach ait san. Ní bhfeifeá ábalta bheith ag cur sios fiú ar bheith ag cuimilt do phuisín gleoite os comhair an phobail ar eagla go náireofá daoine. Cén Poncáinis a chuirfeá ar 'Pangur Stríoctha'

Dála an scéal cén difríocht atá ann idir Poncáinis agus Meiriceáinis. Dúirt cara liom ná fuil sa Mheiriceáinis ach caighdeán scríofa na nAcadúilithe agus gur patois na sráide í an Phoncáinis. Ní nach ionadh go bhfuil deighilt eadarthu, conas is féidir teanga a scríobh nó a fhuaimniú i gceart nuair ná fuil aon sínte fada ar fáil. Nach diail an teanga í?

Ba mhaith liom cuairt a thabhairt ar California Theas uair éigin - b'fhéidir bualadh le girseach a'gleanna a chabhródh liom snas a chur ar mo chuid Poncáinise. Ba bhreá liom Disneyland a fheiscint agus b'fhéidir Las Vegas leis. Ach fan, tá Las Vegas lonnaithe i stát eile. An bhfuil canúint dá gcuid féin acusan? An dtuigfidís mé?

Ó mar cheist scoir, tatú amháin eile; "Go n-éirí an bóthar leat“. Ba chóir go mbeadh aistriúchán breá agaibhse ar an gcontúirt taistil sin agus na creathanna talún a bhíonn agaibh go rialta.

Táim ag imeacht anois - caitfhidh mé an p - - - - n a bheathú.

“Chucky awr law” - nó mar a deireann sibhse: Yawl have a nice day

_______________________________________________________

Leagan Béarla anseo

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC

Friday, September 04, 2009

Ar Eagla na hEagla

Manamandiail ach nach iontach an t-athrú atá tagtha ar ar dtírín beag báite s‘againne. Óstán galánta - dinnéar ullmhaithe i gcóir oíche na nDeibeanna. Scoil Chaitliceach phríobáideach. Gach cailín ina banphrionsa don oíche. Agus nuair a shroicheann siad an bord i dteannta a ridirí-pháirtíthe cad a chíonn siad ar an bpláta os a gcomhair amach idir an sceanra glioscarnach ach paicéad beag séalaithe. Istigh sa phacáistín - gaireas beag rollta déanta de latex chun cosaint a sholáthair i gcoinne ginniúna nó in aghaidh GGT.

Ní bréag ná cumadóireacht atá sa chúntas thuas. Féach anseo. Níl sé ró-fhad ó shin nuair nach raibh aon sórt gaireas frith-ghinniúna, coiscín ná piolla ná diafram ceadaithe de réir dlí sa tír seo. Bhain an dlí ní amháin le Cailicigh Rómhánacha ach le gach éinne - ní raibh cead fiú amháin eolas a fhoilsiú ar an ábhar.

Ó an t-aos óg sa lá atá inniu ann? Cad atá cearr leo? Ná fuil aon speech iontu? Coiscín amháin ar an bpláta. Nách gceapfá má bhíodar chun an beart a dhéanamh in ao’chor go mbeadh fonn orthu an dara cúrsa ar a laghad a bhlaiseadh. Cad ab fhiú ruibéar amháin do stail óg fúinniúil?
__________________

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC

Wednesday, September 02, 2009

Rogha Ban

Ní raibh aon smideadh le tabhairt fé ndeara - ná aon ghá leis ach an oiread. Cneas caoin geal ar a ceannaithe. D’fháiltigh a súile lonracha romham. “Hi, how are you? ar sise, amhail is go raibh sean-aithne aici orm. Nuair a bhí ár ngnó críochanithe bhronn sí miongháire milis orm is mé ag imeacht. Bhi mo choschéiméanna níb éadroime is bhraitheas triocha bliain níb óige nuair a tháinig mé amach. Bhí lonn ag cur a chroí amach, ag ceiliúir ar bharr sceiche, bhí na scamaill scaipthe is gathanna na gréine ag doirteadh anuas. Ó nách aoibhinn miongháire a fheiscint ar bheola spéirbhruinnil .

'Go bpósa tú prionsa a thabharfaidh searc duit gach lá ded’ shaol. Go maire tú an céad is go bhfana an aoibh fháiltiúil ar do bheola boga milse go dtí lá do bháis.'

Ar mo chéad chuairt eile bhíos ag tnúth lena í a fheiscint arís - ach mo léan, bhí cailín eile ina háit. Gearrchaile álainn leis ach…. ach….. sraith tiubh de smideadh ar a aghaidh. Dath donn-oráiste mínádúrtha ar a craiceann. A cuid ingne peinteáilte ar aon dath lena gruaig chaordhearg. Í nios dathannaí ná dathúil, d’fhéadfá a rá. Fáinne sa mhala, sa tsrón agus n’fheadar cén áir eile, aici. Imeall dorcha timpeall na súl, chun aird a tharraingt, is dócha, ar an easpa teagmháil súile - níor fhéach sí san aghaidh orm le linn ár gcuid comarsáide. Bhí goma á chogaint go mall rithimiúil aici agus na hearraí á chur thar an scanóir go huathaoibreach aici.

D’aithníos ar an dtoirt í mar b’fhearrliombheith, nó wannabe mar a déarfadh fear na Gaeltachta. (B’fhearr liom bheith in aon áit ach ag an bhfrigin seic-amach seo ag freastal ar an daoscarslua. Ag plé le seanfhir dóite drúisiúla a bhíonn dom’ stáineadh gan náire idir an dá bhúb orm .) Ach fós féin bhí dhá chnaipe uachtaracha a blúis oscailte chun a scoilteacht domhain a nochtadh don saol mór. Déarfainn gur chreid sí go raibh saol níb’fhearr tuillte aici - ar an scáileán ag an sraith dheireannach de X Factor, nó mar WAG le milliúnaí sa phremier, nó ag máirseáil suas an cairpéad dearg ag na hOscair, na camaraí ag splancadh ó gach aird uirthi.

‘Seachain, a chailín, ná tachtfaidh an goma thú. Agus bí cúramach leis an ngrianleaba úd nó tostálfaidh sé id’ smólachán dóite thú.’

Nuair a d’fhágas an siopa bhraitheas glaise nimhneach san aer, bhí braonta troma ag fógairt díle bháistí chugainn.

Anois ceist agam oraibh. Cé acu an cailín a saolaíodh agus a tógadh sna bolaí seo? Agus cérbh í an bhean a tháinig anall chugainn ó oirthir na mór-roinne chun a beatha a thuilleamh inár measc?

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC

Sunday, August 16, 2009

Stoc na Coille 1969

"An é go gceapann tú ná fuil fonn codlata ar éinne sa tigh seo? ar sise liom ar maidin agus siúinéirí ag caisiúireacht leo istigh im' chloigeann. "Sa ghnáth theaghlach 'siad na tuistí a bhíonn ag cnáimhseáil faoin torann millteanach a bhíonn ar súil ages na daoine óga ach san fhoirgneamh seo 'siad na páistí atá ag clamhsán fé do gheiteo-bhleastairesa. Cad é sa diail a bhi ar súil agat id'oifigín aréir?"

An deachtóir de bhean rialta a bhfuilim fé chuing an phósta léí a bhí dom' chroscheistiú.

"Bhíos ag comóradh" a thugas mar fhreagra di.

"Ag comóradh, ab ea? Leat fhéin. Istigh san oifigín súarach clástrafóibeach sin agus an doras fé ghlas agat."

"Á!, ach ní rabhas im' aonar. A bhuí don áis iontach chomhaimseartha san; Youtube, bhí na mílte im' theannta mar chuileachta, ó gach carn den domhan is sinn go léir ag cur síbear-clabhsúr leis an deicéid ab fhearr den bhfichiú aois"

"Arra, mo thrua thú. Táir imithe as do bhlaosc ar fad leis an bhfrigin idirlíon san" ar sise mar fhocal scoir is bhuail sí an doras amach.

Do thuirling an duine ar dhromchla na gealaí don chéad uair riamh. Phléasc foréigin fuilteach ar shráideanna an Tuaiscirt. Thug John is Yoko an leaba orthu féin i gcathair na gcanálacha san Ísiltír. Chuir dúnmharaithe cruálaigh fé lámha theaghlach Manson in LA alltacht ar dhaoine ar fuaid na cruinne. Ach b'é an eachtra ba thabhachtaí agus ba shuntasaí ar fad a thárla sa bhliain chinniunach úd, 1969, is a chuaigh i gcion chomh mór san ar ghlúin iomlán, ná féile Woodstock.

Oh Faar Out Maaan!. Bíodh bhur Electric Picnic is bhur Oxegen is bhur Glastonbury agaibh agus fáilte romhaibh ach ní leanfaidh seanchas agus cáil stairiúil na féiltí sin mar a d'eascair ón bhfeirm déiríochta úd i stáit Nua Eabhrac daichead bliain ó shin. Bígí ag maiomh mar gheall ar Chaisleán Slane nó Oh Lisdoonvarna, Lisdoon, Lisdoon Lisdoon, Lisdoonvarna ach ní raibh an t-atmaisféar ná an draíocht ná an teacht le chéile spioradálta sna ionaid úd riamh is a bhí le brath sa láib agus sa chlábar le linn Fleá an Ghrá agus an tSuíocháin.

Tá go maith, só, ní rabhas ann. Tá an cheart agaibh - ní rabhas, ach an raibh Pól i láthair ar Chnoc Chalvaire le linn an Chéasta?. Bhí m'anam ann agus ar m'anam go bhfuil sé ann fós. N'fheadar cé mhéid uair a chuas go dtí an pictiúrlann nuair a tháinig an scannán amach ar dtúis. Bi liricí na n-amhrán go léir de ghlan-mheabhar agam, fiú amháin na focail nach rabhas ábalta a dhéanamh amach go cruinn, dheineas aithris gan dealramh de shaghas éigin orthu.

Chaitheas an oíche aréir ag dul tríd na fiseáin go léir ar Youtube, dá dtionlacan lem' aer-ghiotár dílis. Bhí paicéad de Rizlas agam - ach no, níorbh é. Ní raibh á rolláil agam ach an stuif dleathach, ach ag ligint orm gurbh é fiaile an gháire a bhí dá n-ól agam. Níos déanaí fuaireas téacs ó thuas staighre, ó Rupert, nó Ropey mar is fearr aithne air, ag impí orm an fhuaim a chasadh síos mar bhí an tigh ar tí titim as a chéile leis an DÚM - DÚM - DÚM ón dord. Sheolas an téacs seo ar ais chuige ar an toirt: "Táir fásta suas anois, a mhicó, muna bhfuil tú sásta leis an seoladh seo, bí ag bogadh leat." Is chasas an fhuaim níos áirde fós.Ní raibh an buidéal de Jim Beam críochnaithe agam nuair a bhí orm clabhsúr a chuir leis an gcóisir mar tháinig mo bhean go dtí an doras ag bagairt na gárdaí orm.

Á! mar a dúirt Luachanfhocail ""Bliss it was to be alive, but to be young was very heaven." Cuimhnímis inniu ar na laochra a bhí i láthair ar fhód fliuch an cheoil ar an deireadh seachtaine cinniúnach sin daichead bliain ó shin agus atá ar ardán an Rock ' Roll thuas sna spéartha anois, Jimi Hendrixagus Janis Joplin. Téimis that n-ais chuig an súíomh finnscéalach le The Who agus canaimís le chéile ina onóir.

"People try to put us d-down (Talkin' 'bout my generation)
Just because we get around (Talkin' 'bout my generation)
Things they do look awful c-c-cold (Talkin' 'bout my generation)
I hope I die before I get old (Talkin' 'bout my generation)"

Racairí Rocacha go Brágh.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - -Slááán Tamall

FRC

Wednesday, June 24, 2009

Socraithe Maireachtála sa Mews

"Ó is salach gránna an téarma úd, is fuath liom thú", is bhuail sí an doras amach ag pusaíl goil. Níorbh í an béarlachas a bhí ag déanamh tinnis di faraoir nuair a bhí sé de mhí-ádh orm tagairt a dhéanamh di a bheith ag "seaiceáil suas" (nó 'shacking up' mar a déarfadh fear na Gaeltachta) lena pairtnéir. B'shin Jocelynn, dar ndóigh, nó Lynn mar a thugann sí anois uirthi féin , an t-aon bhall dem' ochtar áil a bhíonn cúpla nóimeat le sparáil aici anois is arís chun labhairt lena hathair. Agus anois níl sí ag caint liom in ao'chor.

Bhuel, ní rabhas ach ag iarraidh a dhéanamh amach, go séimh discréadach, cén sort socraithe a bhí eatarthu. Seo mar a bhí an comhrá:

"Aaaamm! bhuel, is féidir a rá go bhfuil aaamm tuiscint eadrainn - sea tuiscint."

"Tuiscint? cén sort tuiscine? cleamhnas an ea? Ní fheicim fáinne ag glioscarnaigh ar an méir."

"Bhuel, nílimid geallta go foirmeálta má thuigeann tú leat mé."

"Conas san?, ní thuigim."

Ó, a Dhaid, nach dtuigeann tú sa lá atá inniu ann ní bhíonn daoine geallta go dtí go mbíonn gach rud socraithe agus curtha in áirithint - séipéil - óstán etc. Agus nílimid in achmhainn fiú bheith ag smaoineamh ar na costaisí fíochmhara.

Há, na costaisí?, nach ar ghuaillí t'athar a bheidh an t-ualach san ag titim. Agus abair liom; an bhfuil aon saghas scála ama i gceist agaibh leis an dtuiscint neamh-fhoirmeálta seo?

Á!, lig dom in ainm Dé - táimid óg fós.

Óg - is fíor san, bail ó Dhia orthu. Baois na hóige. Ach ní mhaireann an óige. 'Sé an nós a bhíonn anois acu sna bolaí seo, ná go dtéann leannáin chun maireachtaint lena chéile. Bíonn siad sona sásta ar feadh i bhfad go dtí go mbeartaíonn siad nár mhiste údárás agus beannacht na Vatacáine a bheith acu chun a gcaidreamh a dhaingniú. Is minic gur teacht séasúr na gcéad chomaoineach a bhíonn mar spreagadh acu. Bíonn pósadh gairéadach gáifeach agus bainis mhíchuíosach acu le leath de dhaonra an chondae i láthair. Agus naoi nó deich mí tar éis dóibh geallúint sollúnta a thabhairt ar altóir Dé go bhfanaidís le chéile go dtí go scarfaidh an bás óna chéile iad - bíonn siad scartha glan óna chéile gan aon lámh chúnta ón Spealadóir Scanrúil.

Ar aon nós thar n-ais go dtí an t-agallamh - chuas ar mhalairt conaire:

"Ce atá i mbun na léinte a iarnáil sa tigh?"

"What?"

"Cé agaibh a dheineann na léinte a iarnáil?"

"Bhuel, aaamm, roinnimid cúraimí."

"Agus cén cúraimí a bhíonn airsean?"

"Aaaamm! cuireann sé amach an bruscar agus.........lomann sé an phlasóg."

Á! níl ré na ridireachta thart fós, ambaist. Tiománann Harold an bruscarán rothaí ón gcúldoras timpeall an tí uair gach ré seachtain mar chleactas aclaíochta. Nach méanar dó. Agus gearrann sé an ciarsúr de phlasóg fiaileach atá acu. Sin gaisce an ghiolla gan aon agó.

"Táimid i ngrá lena chéile, sin an rud is tábhachtaí" ar sise. Cad eile atá ag tastáil?

"Grá? An bhfuilir cinnte ná fuil ag tastáil uaidhsean ach céile córach leapan agus au pair áisiúil chun na stocaí a meaitseáil ón dtriomadóir"

Chuir san an lasair sa bharrach i ndáiríribh. Is dócha go rabhas ró-gharbh léi. Ceannóidh mé brontannas dóibh ámarach. Raghaidh mé go dtí Outdoor Life Choice, an ionad garraíodóireachta áitiúil amárach agus ceannóidh mé tobán bláthanna mar bhronntanas athmhuintearais dóibh. Leis an aimsir atá againn fé láthair ní mór na soithigh úd a uisciú uair sa ló ar a laghad. Tabharfaidh san jab eile do saineolaí an stocmhargadh úd Harold.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC

Tuesday, June 16, 2009

GLOOMSDAY 2009

HAPPY GLOOMSDAY

Nach shin ata i ndan do gach eagraíocht luath nó mall sa tirín iathghlas míámhárach seo 'gainne. Agus thárla sé dúinn i gcathair seo na long is na seol i mbliana. Scoilt i measc lucht eagraithe "Gloomsday". An tOllamh Herbert Ponseby ó Roinn an Bhéarla i UCC a chur tús leis an gceannairc. Eisean agus roinnt de lucht gnó na cathrach a bhí ag maíomh go raibh gá le "forbairt" agus "dul chun cinn" sa cheiliúradh. Ní raibh dóthain "daonlathais" agus bhí géarghá le "trédhearcacht" agus "freagracht". Ní raibh crinniú cinn bhliana eagraithe, miontuairiscí glactha ná cuntaisí foilsithe riamh. Scannal amach is amach ab ea é. Eagraithe ag an clique céanna gach bhliain - ní raibh ann dar leo ach leithscéal i gcomhair ragairne agus óil.

Agus tá an ceart acu is dócha. Ní raibh coiste ann riamh. Mise a chur tús leis an bhféile beag agus mise a d'eagraigh gach bhliain é. Ní raibh aon ghá le coiste ná le béarlagar gnó. Anois táid ag lot an cóisir go léir. Teastaíonn uathu go mbíonn sé níos "custaiméir-chairdiúla" - an "éiléatachas" a bhaint de. Beidh sé mar "áis" chun turasoirí a mhealladh go dtí an chathair. Agus dar ndóigh caithfidh go mbeidh sé níos teaghlach-treoraithe ( nó family-orientated mar a déarfadh fear na gaeltachta) le béim fé leith ar na páistí. Aghaidh-phéinteáil agus balúin "Gloomsday" á tabhairt amach ar na sráideanna. Ar chúlaís a leithéid d'fhastaoim riamh. Dá mbeadh "Useless Eulogies", an saothar ar a bhfuil Gloomsday bunaithe, léite ag an tOllamh Ponseby agus baill uilig a choiste bheadh a fhios acu ná fuil sé oiriúnach do aon duine fé bhun aois na haibíochta.

Ba chomhair go mbeimís sa Guinness Book of Ridiculous Records. An t-aon ceiliúradh liteartha ar domhain atá bunaithe ar shaothar nár foilsíodh riamh. Agus anois an coiste nua ag bagairt dlí orm mar dar leo ní mise an t-úinéir dleathach ar an lámhscríbhinn atá agam ar an seilf anso san oifigín. Cén fáth? - nach mise a thárrtháil an leabhar ón skip nuair..... á sin scéal eile....ní chreidfeá é. Teastaíonn uathu go bhfoilseofái dlútheagrán den leabhar - ní bheadh achar airde fada go leor ag glúin seo na teicseála chun an breis is míle leathannach den leabhar iomlán a léamh.

Is inniu GLOOMSDAY, ach ní bheidh sé á cheiliúradh go h-oifigiúil ag an dream nua go dtí an Sathairn seo chugainn chun go mbeidh níos mó daoine ábalta freastail ar "na himeachtaí". Ní mór dúinn an lucht gnó a shásamh in am seo an ghátair is cosúil.

Ach beidh an FÍOR-GLOOMSDAY ar siúl anocht ag tosnú san Hi-Bi is ag dul as sin go dtí an Long Valley agus ansan cá bhfios. Ceol leis an Pana Rowdies Ragtime Band mar is gnáth.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC

Tuesday, March 24, 2009

Easnamh Cothramais sa Mews

An bhliain ag sleamhnú thart agus gan ach iontráil amháin ar an mblag suarach seo. Táim in ísle brí le fada agus is deacair dom an fuinneamh a chrinniú chun dul i mbun cumadóireachta. M'iníon Jocelynn (nó Lynn mar a thugann sí uirthi féin anois) is mó is cúis leis an ngalar dúbhach atá dom' chrá. Ise an t-aon ball dem ál míbhuíoch de ochtar clainne a bhí sásta cúpla nóimeat a sparáil anois is arís chun labhairt lena hathair.

"A Dhaid, ní oireann an stíl gruaige sin duit" nó "a Dhaid, táir ró-aosta chun bheith ag caitheamh brístí leathair" nó "a Dhaid, ná bí dom' náiriú, ó bheith ag gliúcaíocht ar mo chairde cailín nuair a thagann siad ar chuairt chugam aige baile. A Dhaid, ba chóir duit gearradh siar ar an ól / caitheamh tabac / scimeáil. A Dhaid, ba cheart duit dul amach ag siúl / ag bogshodair / go dti an gym chun meáchan a chailliúint. Ba chóir duit...níor chóir duit.....ní mór duit.....ba cheart duit....bí....ná bí......caithfidh tú........."Neá - neá - neá - neá"

Ach in ainneaon an chomhairle gan iarraidh seo go léir, braithim go mór uaim í ó thréig sí an nead chun dul a cónaí in aontíos lena pháirtnéir Harold. Táid ag cur fúthu anois i dtigh beag bídeach ar a dtugtar 'tigh cathrach' i mbéarlagar na ngníomhairí eastáit. Tigh sraithe a baisteadh ar a leithéid de áit cónaithe tráth den saol ach is dócha go raibh an téarma úd ró-cheangailte leis an íseal-aicme. "Chatham Manor Mews" an seoladh atá acu. Tá stair aisteach ag baint le sanasaíocht an fhocail "Mews". Stáblaí a bhí i gceist tráth. Ach mo léan ní bheadh slí ann do chapall, marc, each ná fiú capaillín Shetland sna Stablaí seo de chuid "Chatham Manor." B'fhéidir go mbeadh spás ann i gcomhair cait ach is ar éigin a bheadh tú ábalta é a luascadh. Tá an seomra suí acu ar aon tomhas leis an seomra folctha sa tigh seo'gainne. Ach cén dochar, níl ann ach "tigh céaduaire" nó starter house mar a thabharfadh fear na gaeltachta air.

Ach déarfainn gur fada an tosach a bheidh acu sa tigín seo mar táid gafa i i ngaiste sceoin an ré iar-tíogar-cheilteach ar a dtugtar easnamh cothramais. Níl ach teach as cúig ina bhfuil áitritheoiri lonnaithe ann. Seó dathannach gairéadach de chomharthaí, ag fógairt "AR DÍOL", ag truailliú aghaidheanna eile na sraithe. Agus ar díol ar phraghas céad míle níos lú ná an morgáiste a shínigh Jocelynn agus Harold díreach ar bhuaicphoinnte an bholgáin tógála. Nach gceapfá go gcífeadh daoine atá ag obair san earnáil airgeadais an titim ag teacht. Jocelynne an t-aon duine den chlann a lean rian a hathair isteach sa bhanc. Cad is fiú di anois an tráchtas a scríobh sí ar "Financial Forecasting in an Open Economy" chun a máistreacht i staidéar gnó a bhaint amach. Tá Harold bainteach leis an stocmhargadh, níl a fhios agam cad é go díreach a bhíonn idir lámha aige ach bhíodh sé ag bladaireáil faoi thodhchaíochtaí agus tráchtearraí agus a leithéid, dom mholadh infheistiú i dtráchtearraí mar bhí praghas na gnáthscaireanna imithe ro-ard ar fad. Bhí an ceart ar fad aige i dtaobh na scaireanna ach ná fuil na tráchtearraí titithe chomh tubaisteach céanna. Spórt agus an aimsear na hábhair chomhrá a bhíonn aige le déanaí. Nach ait mar a chonaic Seánie, athair mo gharmhic, an tsunami ag teacht - fear a d'éirigh as oideachas tar éis dhá bhliain sa mheánscoil.

Ar a laghad táid níos fearr as ná na daoine bochta a cheannaigh tithe as na pleananna sa eastáit uasmhargaidh laistiar des na Mews - Chatham Manor Court. Tá cúpla tithe críochnáithe agus daoine istigh iontu, ach tá na créatúirí bochta timpeallaithe ag suíomh tógála tréigthe - tá na tógálaithe bancbhriste agus is beag seans go dtiocfaidh éinne eile chun an eastáit a chríochnú.
Dar ndóigh ní raibh aon 'Manor' riamh gar den eastáit tithíochta leath-chríocnaithe seo, ná aon Chatham sa cheantar ach an oiread. Garraí prátaí ab ea an suíomh cheana ach ní dóigh liom go dtaitneódh Spud Mews ná Kerr's Pink Court le lucht na margaíochta.

Mo dhóthain scríte, táim ag dul go dtí an pub anois chun an ghéirchéim airgeadais a réiteach.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC

Tuesday, March 17, 2009

Cuir deireadh le Lá le Páidí

Ná fuil sé in am dúinn críoch a chur leis an bhfastaoim a bhaineann le Lá le Paidí. Sa chéad dul síos ní oireann féile sheicteach don sochaí ilchreidmhach ilchultúrtha ilchíníoch ilghnéasach ilfhoclach atá againn sa 21ú aois. Agus cad a bhí ann i Naomh Páidí i ndáiriribh ach Brit, iar-sclábhái caorach a tháinig anall chugainn chun ár dtéithe dúchasaigh a dhíbeart agus creideamh gallda allúrach on mheán-oirthear a chur ina n-áit. Nárbh é ceannaire an reiligiúin chéanna, il Papa Hadrian IV, a thug cead dos na hAngla-Normannaigh ár n-oileáinín neamhurchóideach a ghabháilt?

Ba chóir dúinn laoch comhaimseartha a roghnú chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár 'nÉireannachas' - duine a bheadh i dtúin leis haos óg na linne. Laoch spóirt mar ...aaaamm! Jackie Charlton? - ní hea - ró-aosta, nó amhránaí mar Bono, an seachnaitheoir cánach. Pearsa ó shaol an ard-fhaiseain mar John Rocha? Nó má tá duine níos géalaí ag teastáil uaibh, Concaire Chluain Tairbh, an tArd-Chomhaltas Labhrás féin. Sea, nach binn ceolmhar é an fhuaim: Lá le Labhrás.

Ach fan nóimeat, tá gaeilgeoir in aigne agam - poncán atá níos Éireannaí ná na hÉireannaigh féin, Des Bishop. An fuirseoir a thug stádas oigigiúil don lofa líofacht- an gaiscíoch a shabháil teanga na nGael uathu féin agus a sciob leis í díreach ó bhéal na huaighe. Sea, bíodh Lá an Easpaig againn in ionad Lá le Páidí, lá Gaelach Aerach agus sinn ag caitheamh rósanna bándearga i leaba an fhiaile shuaraigh glais úd.

Raidht, a cháirde, cuirimís deireadh le páidí a'stáitseachas agus paddywhackery agus páidi an potaireachas. Deinimís ath-ghabháil ar an gCarghas. Cuirimís cosc ar an mbréag-fhéile san a mhaireann seachtain iomlán. Baoth-fhéile ná fuil aon dealramh leis agus nár bunaíodh ach chun turasóirí saonta le pócaí teanna a mhealladh don tír laismuigh den gnáth-shéasúir. Sea, ambaist, sinn ag ceiliúradh teacht na Críostaíochta go dtí ár dtír le cóisir seachtaine de ragús agus ragairne i lár séasúr an Chargais.

How cute - how very Oirish.

Anois, ga' m'leithscéal ach imeóim - tá mé ag dul go dtí an pub chun an seamróg phlaisteach a thachtadh.

Barra na maidine dhaoibh go léir.

Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

FRC